14 Lúnasa 2009

post??



Gaeilge:

postúil = mórchúiseach (An Foclóir Beag); self-important, conceited (FGB)

.i. “fonnadóir Francach ó Pháras postúil na bhfichidí” mar a dúirt ár gcara Tadhg

Spáinnis:

postín = Presunción afectada o sin fundamento (Real Academia Española); showiness, boastfulness (Webster's New World Concise Spanish Dictionary)
de postín = lujoso, distinguido; posh

.i. “una tienda de postín” (siopa ardnósach)

Ceist agam oraibh: an de thaisme atá “post” sa dá fhocal “mórchúiseacha” seo?

7 comments:

  1. An ann don taisme?

    Meas tú cén sanasaíocht atá leis? Shamhlóinn i gcás na Gaeilge nasc a bheith ann le post a bheith agat nó bheith i do chrann taca.

    Deir MacBain gur ón Laidin tríd an Bhéarla a tháinig post.

    ReplyDelete
  2. Nach bhfuil lucht na sanasaíochta den tuairim go mb'fhéidir go bhfuil baint ag "post" le por- = "amach" (nó "chun tosaigh") agus stare = "seasamh"?

    Seans gur mórchúiseach an té a sheasann amach chun tosaigh.

    ReplyDelete
  3. Ní bhfuair mé an scéal thaobh thiar de cheachtar acu fós. Tá súil agam go mbeidh mé in ann “postín” a fháil i bhfoclóir sanasaíochta sa leabharlann, ós mórtheanga í an Spáinnis. Theip orm aon rud faoi a fháil ar an idirlíon. Níl scéal ar “postam(h)ail” ag eDIL (Sean- agus Meán-Ghaeilge den chuid is mó). Is dócha gur focal réasúnta nua-aimseartha é.

    ReplyDelete
  4. fig a chief, a retainer ag Dinneen faoi posta.

    Agus postamhail leis an gciall "self important"

    ReplyDelete
  5. sustainer seachar retainer ba cheart dom scríobh

    ReplyDelete
  6. Sin leid an-úsáideach. Tá an focal "clí" againn sa tSean-Ghaeilge, focal a chiallaíonn "colún / piléar", ach bhíodh brí mheafarach leis freisin, mar atá "taoiseach / laoch". Cf. "pillars of the community" i mBéarla. Is cosúil go raibh an chiall chéanna le "posta" níos déanaí. Mar sin: duine postúil = duine a smaoiníonn gur crann taca / duine tábhachtach é.

    ReplyDelete
  7. De réir eolais a chuir Nicholas Ostler (údar _Empires of the Word_ agus _Ad Infinitum_) chuig an liosta Old-Irish-L, is focal Gitano ó cheart é "postín" na Spáinnise. Is teanga Indiach í Róimis (= Roma, Gitano) agus ceaptar gur ó पोस्तीन پوستين pōstīn na hIndise, focal a chiallaíonn "a fur garment, a shaggy leathern coat" a tháinig "postín", ós rud é go raibh "los Gitanos" den tuairim go raibh éadach mar sin "muy elegante".

    ReplyDelete