29 Samhain 2012

leann réamh-Cholambach?



Is iontach na rudaí a chuirtear i leann na laethanta seo, abhus anseo go háirithe. Tá buidéal de seo sa chuisneoir agam. Níor bhlais mé fós é.  Caithfidh mé admháil go bhfuil faitíos orm! Tá na comhábhair iondúla ann, móide mil, goba cacó, cócó, chiles anchos & anátó. Le teann fiosrachta a cheannaigh mé é, ach mar sin féin…

Maidir leis an ainm atá ar an leann seo, “bia na ndéithe” an bhrí atá le Theobroma.  Theobroma cacao an t-ainm oifigiúil ar an gcrann cacó, crann na seacláide.

Cliceáil.

Maidir leis an ainnir ar an lipéad, is cosúil go bhfuil an iomarca den deoch seo ólta aici. Sin nó tá sí beagán simplí.

delight na gcaogaidí


Cliceáil le méadú, más gá.

Riail a haon: Má tá “delight” san ainm, is oideas ó lár an chéid seo caite atá i gceist.

Riail a dó: Má tá níos mó ná comhábhar amháin ann atá “réidh le hithe” as an stán, ditto.

Riail a trí: Má tá Jello™ nó glóthach de shaghas éigin eile ann, in éineacht le torthaí / soilire / pimento / uachtar / marshmallows, etc.,  jello salad a thugtar air, mias a bhí i mbarr a réime i lár an chéid seo caite agus/nó i lár an Deep South.

Fuair mé an t-oideas seo ó chara liom inné. Fuair seisean é i leabhar cócaireachta a fuair a chéile i siopa seandachtaí i Missoula, Montana. Nuair a chuir mé an íomhá thuas chuig cara eile i North Carolina, tháinig teachtaireacht ar ais uaidh ar an toirt: Delight D. Eisenhower

27 Samhain 2012

chia



Tá chia (Salvia hispanica) ar cheann de na wonder foods is nua i Meiriceá na laethanta seo. Is cosúil go bhfuil a lán omega-3 fatty acid sna síolta bídeacha seo, in éineacht len a lán próitéine agus cuid mhaith snáithín cothaitheach.  Tá chia le fáil anois i mbarraí fuinnimh agus i ndeochanna - an kombucha thuas, mar shampla.  Tá cóta déanta as glóthán hidrifileach ar na síolta.  Nuair a chuirtear i leacht ar bith iad, borrann siad agus tá cosúlacht glóthach froig orthu!

Tá fadhb amháin leis na táirgí seo, áfach. Baineann siad úsáid as síolta iomlána amha go hiondúil, síolta nár meileadh agus nár bruitheadh. Smaoineann a lán daoine gurb ionann “amh & iomlán” agus “sláintiúil”. Is fíor sin uaireanta. Sa chás seo, áfach, agus i gcás beagnach chuile grán nó síol eile, ní bhíonn na cothaithigh go léir atá iontu ar fáil don chorp gan mheilt agus gan chócaireacht.

Léigh mé faoi chia na blianta ó shin sula raibh sé ar fáil sa mhargadh anseo.  Séard a léigh mé ná gur bhain na hIndiaigh i nDeisceart Chalifornia na síolta fiáine sa samhradh agus rinne siad cácaí astu, nó pinole. Thóstáil siad ar dtús iad agus ansin mheil siad iad. Chuir siad beagán uisce ar an bplúr le cácaí tirime a dhéanamh, nó a lán uisce te le pinole (saghas leite thanaí) a ullmhú.

Déanaim an rud céanna anois.  Is furasta na síolta a cheannach anois, agus is furasta iad a mheilt sa chumascóir. Tá na síolta meilte ar dheis sa phictiúr seo, “caiscín chia”. Is féidir an mhin seo a chur in arán sóide, brioscaí, pancóga, agus mar sin de, nó pinole a dhéanamh as, nó é a chur san atole (pinole déanta as arbhar indiach agus uisce nó bainne, le siúcra, cainéal, etc. al gusto).


Dála an scéil, níl blas láidir dá chuid féin ar na síolta seo, agus tá seilfré fhada acu. Ní éiríonn an t-ola iontu bréan.

24 Samhain 2012

stobhach “steamed corn”



Tá boladh álainn neshjízhii, guisado de chicos, ar fud an tí anois díreach. Tá pota de ag bruith leis sa chistin agus mé ag scríobh. An príomh-chomhábhar atá ann ná cineál speisialta arbhar indiach.  Tugann na Navajo steamed corndried corn air i mBéarla. Chicos an t-ainm atá acu air i New Mexico, agus tugann na Hopi tùupephotomni air. Séard atá ann ná arbhar indiach a bhaintear nuair atá sé fós glas, an saghas corn a itear on the cob. Ní bhaintear an crotal glas de agus cuirtear a lán de in oigheann coirceogach (horno) nó in oigheann faoin talamh. Bruitear sách luath é, baintear amach é, agus ansin triomaítear sa dias é. Tá na chicos tirime le feiceáil thuas ar dheis, agus babhla eile díobh ar clé a chaith an oíche ar maos in uisce.

Nuair a ullmhaíonn na Navajo neshjízhii, ní chuireann siad ann ach steamed corn, caoireoil, salann, piobar dubh, agus oinniún. D'ith mé babhla mar sin an mhí seo caite in Window Rock, Arizona, ar an rez.  Bhí sé an-simplí agus an-bhlasta in éineacht le píosa fry bread te. Mar a fheiceann tú thuas, chuir mé gairleog agus chile ann freisin, agus beagán oragáin, à la New Mexico. Níl ag teastáil ina dhiadh sin ach foighne!  Níor mór don neshjízhii / guisado de chicos fanacht ar an sorn go ceann trí uair a chloig nó níos mó, le go mbeidh na chicos / steamed corn / dried corn bog blasta.  Táim ag fanacht fós, ach is fiú é!



06 Samhain 2012

bás i Laidin agus i nGaeilge



Séard atá in Annálacha Uladh, thar aon rud eile, ná taifead de bhásanna, ón mbliain 431 go dtí an bhliain 1378.

Scríobhadh mórchuid na n-iontrálacha i nGaeilge
ach faigheann a lán daoine iontu bás i Laidin:
mortuus est, mortua est, mortui sunt,
moritur, moriuntur, obiit.

Is minic a mhaolaítear na focail:
pausavit (lig sé scíth), 
dormierunt (chodail siad),
quievit (bhí sé ciúin).

Maraítear cuid acu sa teanga chéanna:
occisus est, interfectus est, iugulatus est,
uaireanta a suis (lena mhuintir féin).

Uaireanta eile deirtear gur thit sé nó siad:
cecidit, ceciderunt, 
agus an rud céanna i Meán-Ghaeilge:
torchair.

Na daoine a fuair bás i nGaeilge:
do éc nó d'éc, chomh simplí sin.

Agus iad siúd a maraíodh:
do marbad dolaó
agus ainmnítear cé a rinne é.

Agus ó am go ham deirtear dúinn
do bathudh isin tSinaind.

04 Samhain 2012

Acer macrophyllum


Fásann crann mór sna bólaí seo ar a dtugtar big leaf maple (Acer macrophyllum). Tá sé dúchasach d'iarthar Mheiriceá. Seo é an cruthú go bhfuil an t-ainm ceart air:



Deir an suíomh seo, Monumental Trees, go bhfuil ceann acu ag fás ar thailte Choláiste na Tríonóide. Tá mé cinnte go bhfaca mé é, ach níor thug mé aird air ag an am.


Níl a fhios agam an bhfuil na duilleoga a thiteann ón gcrann seo chomh mór leis an gceann thuas, a fuair mé sa pháirc tráthnóna inniu.

02 Samhain 2012

deilbhín déanta as tuige scoilte



“Split twig figurine” a thugann na seandálaithe air. Cheannaigh mé an ceann seo, nach bhfuil sean ar chor ar bith, ar $4 an tseachtain seo caite. Tá sé ina luí ar chlúdach mo iPad in aice le bráisléad a rinne gabha geal Hopi, rud eile a cheannaigh mé cúpla lá roimhe sin.

Bhí suim ar leith agam sa deilbhín toisc gur bhuail mé le hIndiach Hualapai a raibh deilbhín mar seo, ach an-bheag, ar crochadh thar a mhuineál. D'fhiafraigh mé de céard a bhí ann agus mhínigh sé dom go ndearna cara leis é. Thug sí dó é le hádh fiaigh a thabhairt dó. Tá sé ar intinn aige an fia mór (elkwapiti a thugtar air i Meiriceá) a fhiach den chéad uair an tseachtain seo chugainn. Mhínigh sé dom freisin gur rud an-sean agus an-nua atá ann. 

Tá sé sean toisc gur frítheadh deilbhíní mar seo a rinneadh idir 2,000 agus 4,000 bliain ó shin in uaimheanna tirime ar fud an Iardheiscirt (Great Basin agus Colorado Plateau le bheith cruinn). Agus tá sé úrnua toisc nár bhain éinne úsáid as “hunting fetishes” mar seo le cuimhne na ndaoine. Seo sampla de na deilbhíní ársa atá le feiceáil in iarsmalanna anois:



Dála an scéil, d'fhoghlaim mé gur féidir deilbhín mar seo a dhéanamh go héasca as tuige (focal nach raibh agam go dtí anois). Tá treoracha simplí le fáil anseo. Tá sé ar intinn agam triail a bhaint as!

01 Samhain 2012

roimh gheolaíocht



An bhfeiceann tú
an charraig ollmhór
an tulach fhada 
an aill aisteach 
úd thall? 

Is
ceann
corp
sciathán
na péiste 
a mharaigh X
atá inti.

(X = laoch miotaseolaíoch)