30 Meitheamh 2011

cumarsáid



- Tá dhá shúil againn, dhá chluais agus dhá chois.

- Ach níl lámha againn!

- Tig libh labhairt gan bhur lámha. Ní Iodálaigh muid!

“Bad Request”

Nílim in ann Blogger a úsáid le Safari le tuairim is deich n-uair a chloig anuas. Is cosúil go bhfuil an fhadhb chéanna ag a lán daoine eile. Rinne mé an cache a fholmhú ach níor leigheas sé sin dada. Tá mé á scríobh seo le Firefox. *Grrrrr*

27 Meitheamh 2011

Pléann na manaigh eagna.


Cliceáil le méadú.


Manach a haon: Is fearr eagna

Manach a dó: ... ná maoin.

Manach a trí: Eagna agus oidhreacht le chéile, is maith an ní é sin.

Tá an chéad ráiteas, “Ferr ecnae n-anaib” (nó “Is fearr eagna ná maoin”) le fáil sa chnuasach “Bríathra Flainn Fhína maic Ossu”. Tagann freagra an tríú duine ó Chóheilit 7:11 sa Bhíobla: טובה חכמה עם־נחלה, freagra atá níos gonta san Eabhrais ná mar atá sé sa Ghaeilge. Is ionann “oidhreacht” agus maoin a thiteann ar dhuine. I bhfocail eile, níl eagna leis féin chomh maith le heagna in éineacht le hairgead, mar “tá cosaint na heagna cosúil le cosaint an airgid”.

24 Meitheamh 2011

“Tá a ionú féin ag gach uile ní...”


cliceáil

“Tá a ionú féin ag gach uile ní...”

“Tráth tosta, tráth cainte...”

Agus tráth cáinte, 24/7 !

Agus na Mamair Elgin?



- Cé mhéad a dúirt tú?

- An Erechtheion? Timpeall 400 R.Ch.

- An praghas atá mé a rá. Cé mhéad atá ar an bhfothrach sin?

Meas tú an mbeadh an Ghréig sásta déileáil leis an mBritish Museum anois, faoi dheireadh thiar thall? Is dóigh liom gur fiú na hElgin Marbles €500,000,000 ar a laghad!

22 Meitheamh 2011

pónairí dubha



cassoulet ag na Francaigh agus feijoada ag na Brasaíligh, ach ní dóigh liom go raibh pónairí chomh tábhachtach sin riamh i gcuisine na nGael. Is Gael mé, ó thaobh na teanga de ar aon nós, agus is breá liom arán sóide agus tae le bainne, leann dubh agus bradán deataithe. Ach tá an-dúil agamsa i bpónairí dubha freisin, rud a d'fhoglaim mé i Meicsiceo. Thóg mé an pictiúr thuas cúpla nóiméad ó shin.

Séard a fheiceann tú ann ná an dá olla a thug mé liom ó Mheicsiceo na blianta ó shin. Tá pónairí dubha, uisce, cúpla slis onniúin agus daba ola olóige sa phota beag. (Tá sé ar fiuchadh ar sorn anois.) Bainim úsáid as an gceann mór nuair a bhíonn a lán daoine chun dinnéir againn.

Tá an dá phota seo lámhdhéanta, agus ní ar roth potaire a rinneadh iad. Is potaí cornácha iad, modh atá an-ársa, ach coitianta fós i mbailte beaga sa tír sin. Agus níl siad leochaileach. Tá sorn gáis agam agus cuirim go díreach ar an lasair iad.

I gceann uair go leith eile beidh na pónairí beagnach réidh. Cuirfidh mé na duilleoga glasa atá phictiúr sa phota ansin in éineacht leis an salann. Epazote atá ann, planda sách umhal atá ag fás i bpota amuigh ar an deic. Ní bhainim úsáid as in a lán rudaí, ach pósann an blas atá air iontach maith le pónairí dubha.

20 Meitheamh 2011

19 Meitheamh 2011

scéalta na bpolaiteoirí


cliceáil le méadú

- Is túisce deoch...

- ... ná scéal.

- Agus is túisce scéal ná admháil.

17 Meitheamh 2011

na Manaigh ar Facebook


INDIGNADOΣ



- Dia dhaoibh. An é seo an réabhlóid?
- Is measarthach mé, ach tacaím libh.
- Na daoine gustalacha a chrochadh óna magairlí agus tine a chur le córas seo an chaca, tá go maith ach gan dul thar fóir leis.

16 Meitheamh 2011

tré



Tri neithe treoruiges duine dinnsuidhe
ifrinn .i. drochsmuaintighe 7 briathra
cama 7 oibrigthi saoba :~

Trí nithe a threoraíonn duine d'ionsaí
ifrinn .i. drochsmaointe 7 briathra
cama 7 oibreacha saobha.

Tá an tré seo ag na Búdaithe freisin mar chuid den Chonair Uasal Ochtfhillte, mar uimhir a dó, uimhir a trí agus uimhir a ceathair:

2. samyak-saṃkalpa = smaoineamh ceart
3. samyag-vāc = caint cheart
4. samyak-karmānta = gníomh ceart

Tá go maith agus níl go holc, ach ... céard is gníomh ceart ann dáiríre sa saol ina bhfuilimid beo, i gcúrsaí airgid, i gcúrsaí cogaidh, i gcúrsaí collaíochta? I bpolasaíthe an IMF? Sa choimhlint idir Israel agus na Palaistínigh? Maidir le hainmhithe a ithe? Agus mar sin de.

Bíonn cling dheas le nathanna mar seo, ach is cling bheag fholamh í den chuid is mó.

15 Meitheamh 2011

13 Meitheamh 2011

cac leighis


Seo sliocht as lámhscríbhinn leighis ón gcúigiú haois déag atá i dtaisce anois ag Coláiste na Tríonóide, LS 1343. Tá an chéad fhocal i Laidin (stercus = cac). Tá an chuid eile de i nglan-Ghaeilge (in ainneoin an seanlitrithe) ach amháin an chéad fhocal, “ínglan”. Ní “íonghlan = íonaigh” atá ann, ach “anghlan = neamhghlan = cac”.


ínglan na ngabur



Stercus .i. inglan nangabur atirmugad 7 pudur dodenamh dhe 7 acrothad ar goranaibh 7 arsalcur ancroicinn 7 icaid é.

Cac .i. anghlan na ngabhar a thriomú agus púdar a dhéanamh de agus a chroitheadh ar ghoiríní agus ar shalachar an chraicinn & íocann sé é.

quiz sciobtha


Cliceáil le méadú.

Cén teanga í seo in aice leis an bhFraincis?

tae, cuid a dó


Mar a dúirt mé cheana, tá planda Camellia sinensis agam sa chlós tosaigh. Tá a lán duilleoga úra air anois díreach, agus tá an planda sách mór anois le cúpla ceann díobh a bhaint gan aon dochar a dhéanamh dó, rud a rinne mé arú inné.

na duilleoga díreach tar éis dom iad a bhaint


na duilleoga céanna, 12 uair a chloig níos déanaí, iad feoite agus ag éirí níos dorcha


an chéad lá eile, tar éis dom na duilleoga a thriomú i scilléad an-te


sa taephota anois ar feadh trí nóiméad


an tae glas a tháinig as

Bhí ionadh orm nuair a bhlais mé é! Ní raibh sé go dona ar chor ar bith. Le fírinne, bhí an tae seo chomh maith le tae glas a rinne mé le duilleoga a cheannaigh mé. Ach, ós fearr liom tae dubh le bainne, tabharfaidh mé iarracht ar tae dubh a dhéanamh as na duilleoga an chéad turas eile.

11 Meitheamh 2011

Cluasach?


Ní hea. “Cluasach” an focal atá ag focal.ie ar “dog-eared”. Ní madra a rinne an damáiste seo ach cat. Is breá le Michael clúdaigh a chreimeadh, mar seo:


D'fhág mé an leabhar ar an leaba ar feadh uair a chloig agus ... voilà.


Ach ... d'ordaigh mé iPad2 cúpla lá ó shin. Beidh léitheoir leictreonach agam faoi dheireadh! Tá mé ag súil go mór le saol úr saor ó pháipéar!* Ar an dea-uair dom, tá an Seattle Public Library sásta fós mo chuid seanleabhar a ghlacadh le haghaidh an díola mhóir bhliantúla a bhíonn acu.

* Óicé, ní saor ar fad ó pháipéar, ach le níos lú de á charnadh suas chuile áit.

10 Meitheamh 2011

ceist íomhá?


Is cosúil go bhfuil beirt san iomaíocht anois don phost is airde san IMF: Augustín Carstens ó Mheicsiceo, agus Christine Lagarde ón Fhrainc.


Tá cáil ar an IMF as a dhéine is atá siad ag déileál leis na tíortha a fhaigheann airgead ar iasacht uathu. Cuirtear ar aiste bia na tíortha sin agus sin sin.



Más é fáisceadh an chreasa an rud a bhíonn ón IMF i gcónaí, ar cheart don oideas seo a theacht ó fhear ramhar nó ó bhean sheang? Do bharúil?

06 Meitheamh 2011

litir a cumadh roimh am


Thug mé an F bunoscionn seo, Ⅎ, faoi deara sa Róimh cúpla seachtain ó shin:



Ní bhfuair mé amach céard a bhí ann go dtí gur tháinig mé abhaile. Is cosúil gur chuir an tImpire Claudius trí litir nua leis an aibitir Rómhánach nuair a bhí sé i réim:




Seasann an chéad cheann do [ps] agus [bs], ar mhúnla na litreach “X” a sheasann do [ks] agus [gs].

Seasann an dara ceann don chonsan [v] / [β] / [w]. Roimhe seo ní raibh ach “V” ann, a sheas don ghuta [u] agus don chonsan araon.

Seasann an tríú ceann don fhuaim [y] a scríobhadh mar “Y” sa Ghréagais, agus atá againn inniu in “für” na Gearmáinise agus in “dur” na Fraincise.


Cé nár mhair aon cheann de na litreacha nua seo san aibitír tar éis don Impire bás a fháil sa bhliain sa bhliain 54, bhí Claudius ar an gconair cheart. Rinneadh “V” a idirdhealú ar an gconsan “VV”, scríofa le dhá litir, go luath sa mheánaois, cé nach ndearnadh litir amháin de go dtí i bhfad níos déanaí: “W”. Rinneadh dhá litir éagsúla de “V” agus “U” thart faoin am céanna.

05 Meitheamh 2011

Is breá liom na piongainí!



I rith na seachtaine bím ag fanacht leis an Domhnach nuair a bheidh mé in ann na rudaí is fíormhaith liom a dhéanamh.

Ach caithim an Domhnach ag fiafraí díom féin céard is fíormhaith liom.

Tá fuath agam ar an Domhnach.

Ach amháin le linn na seachtaine.

“do na déithe uile”


Méadaigh, led thoil!

Seo grianghraf eile ón Róimh. Is dóigh liom go bhfuil an spás seo, a cruthaíodh tuairim is 1,885 bliana (!) ó shin, ar cheann de na spásanna is cumhachtaí ar domhan. Is eaglas Chaitliceach é le fada an lá, ach creidim go bhfuil sé níos mó ná sin. An Pantheon a thugtar air, nó i nGréigis Πάνθειον, “do na déithe uile”.

04 Meitheamh 2011

quiz Rómhánach


Cliceáil le méadú!

Cé hiad na fir seo agus cén fáth a bhfuil an caipín aisteach (a chuireann propeller beanie i gcuimhne domsa) orthu?

03 Meitheamh 2011

“Tandragee Idol”



Tá an íomhá seo, ar a dtugtar an Tandragee Idol, le feiceáil anois in Ardeaglais Phádraig in Ard Mhacha. Tháinig sé ón sráidbhaile Tóin re Gaoith sa chontae sin, ach níl sé soiléir cá raibh sé suite roimhe sin.

Deir an scoláire Beilgeach Claude Sterckx sa leabhar Mythologie du monde celte (2009) gur íomhá den dia-rí Nuadu Airgetlám / Nuadha Airgeadlámh, agus a lámh gearrtha, nó a lámh nua airgid, ina láimh eile. Tá trácht air seo in Cath Maige Tuired (sa litriú an-ait a fhaightear sa lámhscríbhinn sin):

Boí dano Núadae oga uothras, 7 dobreth láim n-argait foair lioa Dien Cécht go lúth cecha lámha indte.
Ansin bhí Nuadha á leigheas, agus cuireadh lámh airgid air le Dian Céacht, lámh ina raibh lúth gach láimhe eile.
Is míniú nua é seo, go bhfios dom, agus is maith liom é. Cheannaigh mé an leabhar seo toisc go raibh meas agam ar Sterckx riamh.

ealaín nua-aimseartha


cliceáil

Seo cárta poist a cheannaigh mé ag an Centre Pompidou i bPáras. Tig leat tic a chur sa bhosca is mian leat:

Séard atá in ealaín an lae inniu ná:

▢ rith ábhalmhór a dhéanamh le léim bhídeach, ach doshéanta, a bhaint amach

▢ do nideog féin a aimsiú agus ansin a bheith ag tafann chomh luath is a thagann duine ar bith id ghaobhair

▢ snámh chomhuaineach a dhéanamh id aonar

02 Meitheamh 2011

“Leabhar Beag na nDathanna”



Cén fáth a mbíonn craiceann Robert Mugabe chomh lonrach seo i gcónaí? Is minic a chuir mé an cheist seo orm féin. Tá an freagra agam anois, a bhuí leis an leabhar beag seo a cheannaigh mé le léamh ar an eitleán.



“En Afrique, où il est important d’avoir la peau brillante et luisante (soit naturellement, soit artificiellement), la peau mate et sèche des Européens est vue comme maladive.”

“San Afraic, mar a bhfuil sé tábhachtach craiceann lonrach dealraitheach a bheith agat (go nádúrtha nó go saorga), creidtear go bhfuil craiceann tirim neamhlonrach na nEorpach easlán.”

Tá an sliocht seo thuas as an gcaibidil ar le blanc, an dath bán. Seo sliocht eile as an gcaibidil chéanna atá bainteach leis an nGaeilge:

“Ils [nos ancêtres] distinguaient même le blanc mat du blanc brillant: en latin, albus (le blanc mat, qui donne en français « albâtre » et « albumine ») et candidus (le brillant, qui a donné « candidat », celui qui met une robe blanche éclantante pour se présenter au suffrage des électeurs).”

“Rinne ár sinsir idirdhealú ar bhán neamhlonrach agus bán lonrach: sa Laidin, albus (an bán neamhlonrach, a thugann dúinn ‘albâtre’ [albastar] agus ‘albumine’ [albaimin] sa Fhraincis) agus candidatus (an bán lonrach, a thug dúinn ‘candidat’ [iarrthóir], an duine a chuireann an fhallaing [.i. toga] bhán lonrach air féin len é féin a chur os comhar na dtoghthóirí).”

Séard atá i gceist, ar ndóigh, ná an difríocht idir “bán” agus “geal” sa Ghaeilge!

franglais


Ghearr mé an cartún seo as an nuachtán Le Monde dhá lá ó shin:


Gluais:

Le citoyen attend un candidat normal.
Tá na saoránaigh ag feitheamh le hiarrthóir nach bhfuil as an ngnáth.

pile moi
mise

Ça va faire un malheur.
Éireoidh go geal leat.


Má thaitníonn na piongainí leat, tig leat iad a leanúint anseo.

01 Meitheamh 2011

leagan amach úrnua


Seo dhá ghriangraf de leabhar a cheannaigh mé i bPáras cúpla lá ó shin san ollsiopa leabhar FNAC. 11€ a bhí air. Ní fhaca an tsraith teilifíse Dexter riamh, ach bhí mé ag smaoineamh gur cheart dom triail a bhaint as ceann de na leabhair a chuir tús léi. Aistriúchán Fraincise den chéad úrscéal, Darkly Dreaming Dexter, is ea é seo. Chuir leagan amach an leabhair ionadh agus áthas orm. Ní raibh rogha ann. Bhí orm é a cheannach!





Agus seo é an físeán a chuir an foilsitheoir suas ar YouTube. Mínítear an leagan amach nua seo sna téarmaí céanna a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar gadget leictreonach ar nós iPadKindle.




Voici comme on l'ouvre.
Là, vous pouvez lancer la lecture,
sauter un chapitre,
ou même revenir en arrière,
mettre en pause.
Si vous voulez zoomer, il y a une application pour ça.
Si vous voulez repartager avec un ami, il y a aussi une application pour ça.
En effet, il y a une application pour presque tout, et partout.

ciotrón



Chuir mé aithne ar thoradh nua an mhí seo caite sa Chorsaic, an ciotrón (Citrus medica). Nua domsa, ba cheart dom a rá. Is toradh an-ársa é an ciotrón . Rugadh in oirdheisceart na hÁise é i bhfad bhfad ó shin. Tháinig sé go dtí an domhan meánmhuireach roimh éirí na Róimhe. Seanathair na líomóide, an oráiste agus na torthaí citris eile atá ann. Murab ionann agus iad, áfach, is é an craiceann (atá tiubh agus cumhra), a úsáidtear, ní an croí (atá gann agus tirim).


Bhlais mé den chéad uair é mar uachtar reoite nuair a cheannaigh mé une boule de glace cédrat. Blasta! Ansin cheannaigh mé an próca seo thuas (nár oscail mé fós). Is nós liom subha suimiúla a cheannach i dtíortha eile. An dá cheann eile a cheannaigh mé sa Chorsaic ná confiture de châtaigne (saghas crème de marrons) agus confiture d'airelles des bois (Vaccinium de shaghas éigin).