Go raibh maith agat as na manaigh a chur anseo, Dennis. Is annamh a théim go Facebook. Tá an iomarca daoine óga i ngaol liom. Tá ceithre neacht déag agus trí nia fichead agam agus iad ag caint i gcónaí ar Facebook. Tá cúpla garnia is garneacht agam ansin chomh maith.
Agus, an cupán deas caife!
ReplyDeleteAn ní dhiúltaíonn tú an briosca seacláide.
ReplyDelete:-)
Tae le tae, agus caife le caife!
ReplyDeleteGo deas.
Go raibh maith agat as na manaigh a chur anseo, Dennis.
ReplyDeleteIs annamh a théim go Facebook. Tá an iomarca daoine óga i ngaol liom.
Tá ceithre neacht déag agus trí nia fichead agam agus iad ag caint i gcónaí ar Facebook. Tá cúpla garnia is garneacht agam ansin chomh maith.
Tá áthas orm gur bhain mé triail as FB, ach ní dóigh liom go gcaithfidh mé a lán ama air as seo amach. Is ait an áit í.
ReplyDelete@ Tá áthas orm gur bhain mé triail as FB
ReplyDeleteMise freisin, ach ní fhanaim istigh ann, a Dennis - ní dhéanaim ach mo bhlagmhíreanna a uaslódáil, go hiondúil, mar a dhéanaim ar Twitter.
Tharraing mé an phlocóid air inniu.
ReplyDeleteSuimiúil, mar rinne mé féin amhlaidh inniu - agus Twitter leis, cé nach raibh mé istigh ansin rómhinic, ach an oiread...:-)
ReplyDeleteÉalaithigh muid!
ReplyDelete:-)
Sea, go deimhin...:-)
ReplyDelete"Tharraing mé an phlocóid air inniu."
ReplyDelete"Suimiúil, mar rinne mé féin amhlaidh inniu - agus Twitter leis"
An é nach gá domsa triail a bhaint astu mar sin?
An é nach gá domsa triail a bhaint astu mar sin?
ReplyDeleteBhuel, má bhaineann tú triail astu, beidh cead agat ansin iad a cháineadh le húdarás!
;-)
Táim ag seachaint Gnúisleabhar. Ach - mar is léir ón giuirléid ar mo bhlag ag baint (ró) feidhm as twitter.
ReplyDeleteCineál eile cumarsáide atá ann.