09 Lúnasa 2015

fuisce marfach & ceann faoi eite


Seo sliocht as Annála Chonnacht don bliain 1405: 



Seo é an téacs a bhfuil suim againn ann:



Risded Mag Ragnaill adbur taisig na nEolusach 
quieuit iar n-ol usci bethad co himarcach 
⁊ dob usci marbtha do Risded.

Agus an téacs céanna i nGaeilge an lae inniu:



Risteard Mag Raghnaill, ábhar taoisigh na nEolasach, 
fuair sé bás tar éisdó an iomarca uisce beatha a ól 
agus ba uisce marfach do Risteard é.

Ach má thugann tú iarracht ar an téacs a leanúint ar an bpictiúr thuas, feicfidh tú nach bhfuil an leagan amach chomh simplí sin.  Tosaíonn ár dtéacs leis an R mór (1), téann sé go deireadh an líne, ansin léimeann sé go dtí lár an líne os a chionn (2), ansin léimeann sé arís síos dhá líne go (3).  Níl an líníocht seo ró-mhaith, ach is féidir na gluaiseachtaí seo a leanúint uirthi: 


Cén fáth an léim suas? Toisc go raibh spás bán ar an líne sin, agus ba pheaca é gan spás bán a líonadh! Baintear úsáid as saghas noda ar a dtugtar “ceann faoi eite” le taispeáint gur lean an téacs thuas ansin. Tá an ceann faoi eite seo cosúil le S relaxáilte, ach bhí dóigheanna eile ann len é scríobh:


Feictear sna lámhscríbhinní go minic é.

09 Bealtaine 2015

Lemnaceae



Seo frog ag gliúcaíocht amach ó bhrat Lemnaceae, nó ros uisceros lachan i nGaeilge. Duckweed a thugtar air i mBéarla.

Tá an focal “ros” suimiúil toisc go bhfuair sé iontráil i Sanas Cormaic (ca. 900 AD). Bhí trí “ros” ann míle bliain ó shin, déanta na fírinne, díreach mar atá againn inniu:

ros = coill
ros = síol lín 
ros = ros uisce / ros lachan

Míníonn Cormac go dtáinig an tríú focal ó ró-fhos:



ro fos on ar ni bi acht for marbuisce

ró-fhos é sin óir ní bhíonn sé ach ar mharbhuisce

Is fíor do Chormac nach bhfasann ros uisce ach ar uisce ciúin - uisce a fhanann i bhfos. Ach ní fíor dá shanasaíocht, faraor.

29 Márta 2015

Salvatore Quasimodo



Is breá liom an véarsa seo le Salvatore Quasimodo, file Iodálach a ghnóthaidh an Duais Nobel sa bhliain 1959.  Thug mé iarracht ar Gaeilge an lae inniu agus Sean-Ghaeilge a chur air.

Ognuno sta solo sul cuor della terra
trafitto da un raggio di sole:
ed è subito sera. 


Tá gach duine ina aonar ar chroí na talún
pollta ag ga gréine: 
tagann an tráthnóna go tobann.

At·tá cách a oenur for cridiu in talman 
tregthae la gae gréne: 
ocus is lúath do-thét in fescor.

12 Feabhra 2015

Asbury Black


Cúpla lá ó shin d'oscail mé sean-albam grianghrafanna a bhí i dtaisce i gcófra san íoslach. Fuair mé pictiúir de mo shinsir ar thaobh mo mháthar ann, daoine a bhí beo sa naoú haois déag. Is dóigh liom gur cheart dom cuid de na grianghrafanna seo a fhoilsiú anseo le go mbeidh siad ar fáil ar an idirlíon dóibh siúd a bhfuil suim acu i sloinnteoireacht (genealogy).



Asbury Black an t-ainm atá ar an duine uasal seo. Mo shin-sin-seanathair atá ann. Duine de shliocht na Scotch-Irish a bhí ann. Fuair mé an t-eolas seo a leanas faoi ar an idirlíon:


Seo í a bhean chéile, Rebecca Black (née Dayhuff). Duine de shliocht na bPennsylvania Dutch a bhí innti.



Seo é Aaron Moses Black, mac Asbury agus Rebecca, mo shin-seanathair:



Seo é mac eile dá gcuid, John W. Black:



Seo í bean chéile Aaron Moses Black, Mary Catherine Black (née Krichbaum). Duine eile de shliocht na bPennsylvania Dutch a bhí inti.


Tá níos mó mar seo agam.

If anyone would like to contact me regarding this family, please leave a note here.