18 Meitheamh 2013

Ní fraocháin iad seo!



Mar a deir an teideal, ní fraocháin iad seo, cé go bhfuil siad ar choimhéid leo agus tá beagnach an dath céanna orthu.  Maidir leis an mblas atá orthu, déarfainn go bhfuil sé cosúil le péitseog measctha le fraochán. Amelanchier alnifolia an t-ainm oifigiúil atá ar an bplanda. Tá dornán ainmneacha air i mBéarla: serviceberrry, sarvisberry, saskatoon, etc. (Ainmníodh príomhchathair Saskatchewan as an gceann deireanach seo.)

“Caora sceach na sead” a thugtar orthu seo i nGaeilge. Chruinnigh mé na caora sa bhabhla thuas tráthnóna inniu ag bun an chnoic. Seo a ndearna mé leo uair an chloig níos déanaí:


Is le plumaí nó le silíní a dhéantar le clafoutis de ghnáth, ach tá mé cinnte go mbeidh an leagan seo blasta. Níl a fhios le cinnteacht fós, óir tá sé ag fanacht linn sa chistin fós. Seo an t-oideas an-simplí a d'úsáid mé, ceann a fuair mé ó chara thiar sa bhliain 1983.


13 Meitheamh 2013

An Gairdín Gluaiseachtach 2013


An Gairdín Gluaiseachtach 2013

Tá a lán plandaí éagsúla ag fás i leaba mo truiclín i mbliana. Tá an chuid is mó acu réasúnta íseal le nach ndéanfaidh an ghaoth dochar dóibh agus mé ag tiomáint. Ní turais fhada atá i gceist, pé scéal é, agus bíonn siad uilig ar shráideanna na cathrach, ní ar an mótarbhealach.

Níl an gairdín chomh taibhseach agus a bhí sé na blianta eile, ach is dóigh liom go bhfuil charme discret aige mar sin féin. Agus tá glasraí ann i mbliana!




12 Meitheamh 2013

creach na racún, addendum a dó


cliceáil

Seo pictiúr a thóg mé inné den chreachadóir ag teacht anuas ón gcrann mar a chaitheann sé/sí an chuid is mó den lá ina c(h)odladh.

A Sheáin, tá mé díreach tar éis do thairiscint a fheiceáil sna nótaí ar lorg na chéad bhlagmhíre. D'fhreagair mé ansin thú. GRMA.

10 Meitheamh 2013

cuimhne éidéiteach & Cenn Fáelad



cuimhne éidéiteach - cuimhne gan dímheabhair, cuimhne fhótagrafach

Bhí cuimhne éidéiteach ag an scoláire Cenn Fáelad mac Ailella, más fíor do na seanscéalta. Throid sé i gCath Mhá Rath mar ar scoilteadh blaosc a chinn. Fuair sé leigheas ó lia clúiteach i dTuaim Dreagain, áit an raibh saghas ollscoile ar siúl ag an am sin, le scoil Laidine, scoil féineachais (dlí traidisiúnta), agus scoil filíochta.

Deirtear gur chaill Cenn Fáelad a “inchinn dearmaid” nuair a gortaíodh é nó le linn a leighis, mar bhí bua aige ina dhiaidh sin nach raibh aige roimhe. D'fhreastail sé ar na trí scoil agus gach rud a chuala sé i rith an lae, bhí sé aige san oíche, agus bhreac sé síos an méid sin uile, i véarsaí!

In áit “tá cuimhne fhotagrafach” a rá, tig linn “níl inchinn dearmaid ann” a rá.

“ocus [áin] neoch do·chantis na tri scola cach lae do·bíd aici-sium tre géire n-indtlechta cach n-aidche”

02 Meitheamh 2013

cumas comhairimh




Téann droichead coise thar an University Slough. Bhí mé i mo sheasamh air an lá cheana, ag breathnú ar an uisce, ar na bacáin bhána* atá ag teacht ar ais ón ngeimhreadh, agus ar na lachain.  Bhí lacha amháin ina seasamh ar an mbóithrín cois na cuisle, ag vác-vácáil. Tháinig beirt éiníní chuici amach as na plandaí ar an toabh eile den chuisle. Lean sí uirthi ag vácáil. Tar éis tamaill tháinig beirt eile amach agus thrasnaigh siad chuici. Lean sí uirthi fós ag vácáil. Níor tharla tada. Bhí mé ar tí imeacht, ach bhí mé fiosrach. “Cén fáth a bhfuil sí ag glaoch fós?” Mar sin d'fhan mé mar an raibh mé. Tar éis cúpla nóiméad eile tháinig beirt eile a bhí i bhfolach sna plandaí amach astu agus shnámh siad chuici. Nuair a bhí seisear acu ar an mbóithrín stad sí ag glaoch, sásta go raibh an t-ál iomlán i láthair.

Sin an rud a chonaic mé, agus an tátal a bhain mé as an eachtra ná go bhfuil comhaireamh ag lachain!

*Nymphaea alba (nach raibh i mbláth fós): 



01 Meitheamh 2013

addendum


cliceáil le méadú

Seo radharc níos fearr den tête de lion a scairdeann (?) - ní hea, a shileann uisce isteach sa linn sa chlós tosaigh.