30 Deireadh Fómhair 2011

An iasc é sin i do chluais?


Uaireanta is deacair liom leabhar nua - an ceannn ceart ag an am seo den bhliain agus de mo shaol féin, an ceann a mbeidh spéis agam ann ó thús deireadh - leabhar mar sin a fháil. Déarfainn i mBéarla go mbím thar a bheith choosy ag amanna mar seo: deacair a shásamh. Níl a fhios agam an bhfuil focal mar sin againn i nGaeilge. Ní hionann choosy agus éisealach i gcúrsaí leabhar, agus ní hionann doshásta agus hard to please.

Pé scéal é, tháinig gliondar ar mo chroí ar maidin nuair a léigh mé an Sunday Book Review de chuid an New York Times. Níl a fhios agam fós an é seo an leabhar ceart, ach más iontaofa an léirmheas seo, is féidir gurb é seo é:


Tá sé deacair, beagnach dodhéanta, a bheith i do Ghaeilgeoir san aois seo gan a bheith id aistritheoir chomh maith. Tá muid beo in - nó idir - dhá theanga, agus is dhá theanga iad atá an-difriúil lena chéile ina lán dóigheanna. Mar sin, tá súil agam go mbeidh spéis agam sa leabhar nua seo, ó thús deireadh - toisc go mbeidh idir fhoghlaim agus shiamsa ann. Tá muid beo i ndóchas. Ach beidh barúil agam go luath. Tá mé díreach tar éis sampla den r-leabhar a íoslódáil saor in aisce ó Amazon.

28 Deireadh Fómhair 2011

Go maire sibh é!



Uachtarán nach mbeidh air cúrsa Gaeilge a dhéanamh!

Go maire seisean (é) freisin.

26 Deireadh Fómhair 2011

Oíche Shamhna atá ann...


... chuile lá i dTír an Niqab.


Samhlaigh iad seo ar oíche gan ghealach,
ar shráid dhorcha, ag teacht i do threo!
Bhah-chah-chah!

24 Deireadh Fómhair 2011

dide do bhochtaibh



Ba dín do nochtaib.
Ba did do bochtaib.

Cé gur cumadh na línte seo tuairim is 1,4oo bliain ó shin, tá siad sothuigthe fós i nGaeilge an lae inniu gan ach athrú beag nó dhó:

Ba díon do nochtaibh é.
Ba dide do bhochtaibh é.

Gligín fógraíochta ón séú haois? Sluán polaitíochta? Cuid de fheachtas naomhainmnithe? Níl a fhios agam an raibh naomhainmniú oifigiúil ann ar chor ar bith ag an am sin, ach is rud mar sin a bhí ar intinn an rannaire a chum an píosa véarsaíochta seo.

Cuireann an gligín seo, scríofa san aimsir chaite mar atá sé, geilleagar na Gréige (suaimhneas síoraí dó) i gcuimhne dom.

dhá nod in aon fhocal amháin


Oíche Shamhna


Is féidir go bhfuil mé ag póitseáil ar fhearann SeoFocanIontach, ach seo agaibh é mar sin féin.



Beannachtaí (?) Oíche Shamhna oraibh!

20 Deireadh Fómhair 2011

Bashar al-Assad



Is é do sheal é, يا بشار !

Bhí marú ag teastáil uaidh.



Níl a fhios agam an féidir é a rá mar sin i nGaeilge. I nDeisceart Mheiriceá séard a deirtear ná “He needed killing.”

19 Deireadh Fómhair 2011

17 Deireadh Fómhair 2011

aontoiseach vs. déthoiseach


An Ghluais:

aontoiseach = one-dimensional
déthoiseach = two-dimensional

Is cosúil go bhfuil an saol mór a mháthair cleachta faoin am seo leis na giorrúcháin a úsáidtear i dtéacsáil. Más Béarlóir atá ag téacsáil, is féidir go bhfaighfeá:

B4N
bye for now

BHL8
be home late

CYA
see you

Tá na giorrúcháin seo aontoiseach. Tá píosaí ann, litreacha agus uimhreacha, agus leanann siad a chéile i líne dhíreach. Níl rogha ar bith eile ann.

Na giorrúcháin a bhíodh in úsáid ag ár sinsir ina gcuid lámhscríbhinní, áfach, is minic nach aontoiseach a bhí siad ar chor ar bith. Carntar na píosaí sách minic, agus úsáidtear leathphíosaí freisin. Giorrúcháin déthoiseach is ea na cinn seo a leanas:

eter (eadar, idir)
et + r (a bhfuil an t-íslitheach céanna acu beirt)
+ stríoc ghiorrúcháin os a gcionn

uaire
u + ar + i os cionn + e leath-scríofa

seacht
s + (e/a)cht
NB: is ionann -(e/a)cht an litir ‘s’
le stríoc ghiorrúcháin os a cionn

iarum (iaramh)
i + ar + stríoc chuar os a gcionn
NB: is ionann stríoc chuar agus -(a/u/o)m

15 Deireadh Fómhair 2011

Cuireadh an dlí air!



Scríobh mé faoin duine seo roimhe seo. Tá sé ar na nuchatáin arís. Tá seisean agus a dheoise ar aon faoi dhíotáil anois i SAM as gan tuairisc a thabhairt do na húdaráis shibhialta ar shagart péidifileach. Is stairiúil an díotáil seo. Dála an scéil, is Caitliceach coimeádach é Finn, pearsa údarásaíoch eile atá an-bháúil le hOpus Dei.

13 Deireadh Fómhair 2011

Uaireanta is ór é.



Dámadh ór in duille donn
chuiris di in chaill,
dámad airget in geal-tonn
ro thidhluicfed Find.

Dá mba ór an duille donn
a chuir di an choill,
dá mba airgead an ghealtonn
thíolacfadh Fionn iad.


Tionscadal na Nod 5


Seo cúpla ceann eile. Tá an tionscadal ar siúl agus ag dul chun cinn ar shuíomh eile anois. Ní chuirfidh mé níos mó samplaí ar an mblag as seo amach. Ach beidh fógra anseo chomh luath agus a bheas an suíomh eile, “lámhleabhar na nod” nó cibé teideal a chuirfeas muid air, réidh.

‘a’ oscailte

“et reliqua” / etc.

“a quo”
Sna ginealaigh a fhaightear é seo.

“vero”

Connacht

ceann faoi eite

12 Deireadh Fómhair 2011

Tá beannacht mar seo ag teastáil uainn.



lokāḥ samastāḥ sukhino bhavantu

Go raibh neacha na ndomhan uile sona.



11 Deireadh Fómhair 2011

leabhar nua don scríbhneoir



“... mar a déarfá”
Cnuasach Clíséanna
ciútaí cainte agus frásaí coitianta eile

le
Sean Mac Cionnaith
Coiscéim
2011

Tháinig an leabhar tagartha nua seo sa phost tráthnóna inniu. Tá mé díreach tar éis flipeáil tríd. Tig liom a rá libh nár chuir mé mo chuid airgid amú air. Tá sé mór, cuimsitheach, agus tá an leagan amach an-soiléir agus an-éasca a úsáid.

Seo trí shampla as:

BUNGLE
matters: you bungled matters loisc tú do ghual is ní dhearna tú do ghoradh

KISS
ground: he kisses the very ground she walks on pógann sé lorg a bonnaí sa talamh

RIGHT
hand: my right-hand man mo ghiolla ghualainne

Tá an chéad cheann le fáil in Díolaim d'Abairtí Dúchasacha freisin. Is úsáideach an leabhar é sin, gan dabht, ach tá an ceann nua seo níos mó.

Is féidir gur tháinig an dara ceann isteach ón teanga eile, ach is deas an leagan Gaeilge é seo. Ní lomaistriúchán focal-ar-fhocal ar an mBéarla é.

Thaitin an tríú ceann go mór liom. Ach ní thuigim cén fáth ar séimhíodh “gualainne”. Botún cló nó eile?

Mholfainn dóibh siúd a scríobhann an Ghaeilge go minic (idir bhlagadóirí agus eile) “... mar a déarfá” a chur lena gcuid gléasanna scríbhneoireachta.

Tionscadal na Nod 4


ss

rr

gh

dh

vero

est


quod est

Tionscadal na Nod 3


fri

tra

ti

ge(a)rr

ui

ui


10 Deireadh Fómhair 2011

Tionscadal na Nod 2


Níos mó samplaí don tionscadal. Cuirfear iad seo agus a lán eile i mbunachar sonraí roimh i bhfad, LCD. Saghas lámhleabhar inchuardaithe a bheas ann.

mur

iarum / iaramh

cri

ge(a)rr

friss

dano

cath

Fergus

Cormac

“ceann faoi eite”

09 Deireadh Fómhair 2011

togra na nod: samplaí


dhá nod in aon fhocal amháin:
con + acht = Connacht

déghraf: cc

déghraf eile: ea

an déghraf céanna le “e ard” + n:
ean

nod ar a dtugtar “lasair” + f = fer / fear

nod rhotic eile + d = dur
Tá a lán noda ann a sheasann do Vr nó rV.