Ba dín do nochtaib.
Ba did do bochtaib.
Cé gur cumadh na línte seo tuairim is 1,4oo bliain ó shin, tá siad sothuigthe fós i nGaeilge an lae inniu gan ach athrú beag nó dhó:
Ba díon do nochtaibh é.
Ba dide do bhochtaibh é.
Gligín fógraíochta ón séú haois? Sluán polaitíochta? Cuid de fheachtas naomhainmnithe? Níl a fhios agam an raibh naomhainmniú oifigiúil ann ar chor ar bith ag an am sin, ach is rud mar sin a bhí ar intinn an rannaire a chum an píosa véarsaíochta seo.
Cuireann an gligín seo, scríofa san aimsir chaite mar atá sé, geilleagar na Gréige (suaimhneas síoraí dó) i gcuimhne dom.
Cad as a dtagann sé?
ReplyDeleteNocht, bocht, dídean agus díon: téarmaí síor-eiseacha gan aon agó.
Tá sé as Amra Choluim Chille sa lámhscríbhinn Lebor na hUidre.
ReplyDeleteAna dheas.
ReplyDeleteLiodán éigin, amhail na naoi ainm déag ar fhichead ag Machmad ar Dhia a scríobhadh taca an ama seo?
ReplyDeleteFearn
hoips!
ReplyDeletenaoi ainm déag ar ceithre fhichead!!
Fearn