24 Aibreán 2017

cathain


Cad as do "cathain"?




Sean-Ghaeilge: 

cía = cé, céard, cá
cuin = cén uair 

Cuireadh "cía" agus "cuin" le chéile níos déanaí i stair na teanga:

cía + cuin > cá chuin > cathain

Bhí an litriú "cá chuin" in úsáid fós sa 19ú haois. Tá samplaí de le fáil in Irishleabhar na Gaedhilge, mar shampla:

An té darab díol a's dual breath 
Caithfidh sé bheith glan ó cheo:-A chamchaoirle de'n chriaidh chiair 
Cá chuin do bhí do liach-sa cóir?




23 Aibreán 2017

Tá "báe" beo fós in "easpa".


Uaireanta maireann focal a bheadh caillte murach é mar chuid d'fhocal eile. Tá "báe = tairbhe, maith" sa tSean-Ghaeilge againn fós mar chuid den fhocal "easpa".


Sean-Ghaeilge

es- (as; neamh, ní, gan) + báe (tairbhe, maith) 
= esbae (neamhfhiúntas; súgradh)

Nua-Ghaeilge

easpa: ceal, díth, díobháil

ó "cnó" go "cnuasaigh"



cnú (Sean-Ghaeilge) = cnó
cnuas = cnónna, torthaí fiáine 
cnuasach = bailiú bia (fiáin), bailiúchán 
cnuasaigh = bailigh bia (fiáin)