31 Iúil 2011

leigheas ar ghealtacht


Seo oideas eile as an lámhscríbhinn chéanna. Cógas luibhe atá ann, gan aon chomhábhair shaorga! An bhfuil gaol nó cara agat atá as a mheabhair? Bain triail as seo gan a thuilleadh moille!


Cliceáil le méadú.

Do tabhert a ceille do duine o teid si .i. sil ruibhe do bhrisadh 7 a sugh do fascadh a poill na srona 7 aibsinti do tabhert ar digh do 7 icuidh.

Lena chiall a thabhairt ar ais do dhuine óna dtéann sí: síol rú (Ruta) a bhriseadh agus a shú a fháscadh i bpoill na sróine agus mormónta (Artemisia absinthium) a thabhairt mar dheoch dó agus íocfar é.

(Níl míniú ar bith agam ar na cruthanna faoin oideas!)

30 Iúil 2011

ortha scríofa


Seo sliocht as LS 72.1.2 i Leabharlann Náisiúnta na hAlba, a tháinig anuas chugainn ó am nach raibh clinicí torthúlachta ar fáil... do mhná ná do chrainn.


ITEM an fighuir so do scribadh 7 a cur fo braidhid na mna gun fis da fer 7 beirigh si clann mad aimrid :

ITEM an fhíor seo a scríobhadh agus a chur faoi bhráid na mná gan fíos dá fear agus béarfaidh sí clann más aimrid (í) :

Tosaíonn an fhíor mar seo:


a cur fa braighid croinn nach tic toradh air roime sin riam ticfaidh toradh maith air o sin amach go bas an croinn.

a chur faoi bhráid crainn nach dtig toradh air roimhe sin riamh; tiocfaidh toradh maith air ó shin amach go bás an chrainn.

aibítir ó LS



Cliceáil le méadú.

Seo aibítir álainn a scríobhadh ar phár sa séú nó seachtú haois déag, ón lámhscríbhinn LS 72.1.2 i Leabharlann Náisiúnta na hAlba. Tabhair faoi deara go bhfuil K, Q, X agus Y san áireamh, in éineacht R-anna agus S-anna móra agus beaga.

25 Iúil 2011

fir i ngúnaí


Conas É a Dhéanamh


An Dóigh Cheart


24 Iúil 2011

“Ceist ort”


Scríobh Piaras Grás, feirmeoir i gCo. Chill Chainnigh a fuair bás sa bhliain 1836, an tomhas seo ina leabhar sleachtanna bunúsacha :




Ceist Ort

Fear do rugadh roimhe athair
do geine roimhe a mháthair
fuair bás is dá éis
fuair maighdionus a sheanmháthar
'sa raibh fearaibh is mnáthaib an domhain
aige na shochraid.

Cé hé?

22 Iúil 2011

Gread leat, a Bhashar!


Pobal na Siria ag amhránaíocht in aghaidh dheachtóireacht Chlann Assad (go scioba an donas leis iad) :



An curfá:

يلا ارحل يا بشار

Yalla erhal ya Bashar!

Gread leat, a Bhashár!

21 Iúil 2011

focail ag fáil bháis



Níl an Ghaeilge ag fáil bháis fós, bíodh is go bhfuil sí faoi bhrú le fada. Tá imní ar lucht na Gaeilge mar sin féin, agus is minic a bhíonn níos mó suime acu ná mar atá ag lucht an Bhéarla i mionteangacha eile agus i dteangacha atá i gcontúirt.

Seo leabhar iontach dóibh siúd ar cás leo todhchaí theangacha an domhain. Tá an tuairsceoireacht iontaofa, tá an teangeolaíocht ar fónamh, agus níos fearr fós, tá an scéalaíocht ar fheabhas. Tá mé ag baint an-suilt as. Agus ag foghlaim!

“Of all the books on language disappearance that have appeared in the last decade, Dying Words is intellectually the most challenging and the most persuasive. Evans sets out to show why linguistic diversity is an essential part of what makes us human …. Modestly yet persuasively, Evans has thrown down an intellectual guantlet.” (Times Literary Supplement, May 2010)

19 Iúil 2011

maidin Dé Domhnaigh


Nuair a chuir mé na grianghrafanna seo chuig cairde liom abhus anseo, scríobh mé “hanging with the cats on Sunday”. Conas a déarfá “hang (out) with” i nGaeilge? Agus conas a déarfá “lap cat”? “Cat uchta”? Shíl mé ar dtús go mbeadh fadhb leis sin, ós ionann “mac uchta” agus “adopted son”. Ach feicim anois go bhfuil “gaidhrín uchta” ar “lap-dog” in FGB.



Ag caitheamh ama leis na cait??

18 Iúil 2011

dúshlán



Cuir Gaeilge orthu seo.

an-sult go deo


John Yates, boc mór eile gafa san eangach

Caithfidh mé a rá go bhfuil mé ag baint an-sult go deo as an dráma atá a titim amach anois i Londain agus ar fud an domhain. Is cosúil go bhfuair na “haisteoirí” a ndóthain téide len iad féin a chrochadh, faoi dheireadh. Nó mar a deir an Bíobla:

Gabhann uabhar roimh thubaiste;
agus éirí in airde roimh threascairt.
Seanfhocail 16:18

Le fada an lá ba nós le Rupert Murdoch a chuid fadhbanna a réiteach le hairgead, agus a lán de. Ach mar a scríobh David Carr in alt ar an New York Times inniu:

“Tig le hairgead a lán rudaí a réiteach, ach ní chuile rud. Nuair a chaitear airgead ar thine, déantar breosla de, sin an méid.”


Sir Paul agus a chuid cairde

17 Iúil 2011

quiz bia


Is milseáin iad seo uilig, ón tSeapáin, ón India agus ón tSín. Tá plúr agus siúcra iontu uilig, ní nach ionadh. Céard eile atá i bpáirt acu?

dorayaki どら焼き

puranpoli पुरणपोळी

manjū 饅頭

Dòubǐng 豆餅

scrínte beaga



Cliceáil orthu seo, led thoil!

Tá siad seo ar leac na fuinneoige sa chistin. Cheannaigh mo dhaideo an Ho Tei gealgháireach sa tSín sna fichidí den aois seo caite. Cheannaigh mé an diabhailín gealgháireach i Meicsiceo. Tháinig na trí phóirín cloiche ón Abhainn Merced i nGleann Yosemite. (Dála an scéil, tá taispeánadh de Arracht Eitilte an Spaigití le feiceáil ó cionn na bpóiríní.)

16 Iúil 2011

hipithe san India



Chuir an méid a dúirt Áine faoi “hippy chat” an scéilín seo i gcuimhne dom. Chaith mé bliain ag staidéir san India ag BHU, ollscoil mhór i Varanasi, nuair a bhí mé bliain is fiche d'aois. Is cathair ársa naofa í Vārāṇasī (वाराणसी : Vah-RAH-nuh-see) agus bhí a lán hipithe le feiceáil ansin agus ar fud na hIndia sa bhliain 1970.

Bhí mé suite i cycle rickshaw lá amháin ag comhrá leis an rickshaw wallah mar ba ghnách liom, ag iarraidh mo chuid Hindise a chleachtadh. Chuir mé ceist air: “Cén fáth ar tháinig na hippies uilig go dtí an India?” An freagra a bhí aige: “Bhí cogadh san Iarthar. Chaill na hipithe agus tá siad ar a dteithe anois.”

Níl a fhios agam cér thóg an grianghraf thuas. “Hippies in India” an lipéad atá ar an jpeg a fuair mé ó Íomhánna Google. Thogh mé é toisc go léiríonn sé go beacht an chuma a bhí orthu - an fear leis an ngruaig fhada go háirithe - sna blianta úd.

14 Iúil 2011

ceann cait



Céard atá sa mhála? Ainmhí atá níos meabharaí ná an buachaill béal-leata atá air, a déarfainn.



Tá siad le feiceáil ar fud na háite, i bhfógraí a bhíonn de shíor ag tathant orainn éadaí nua a cheannach: fir óga áille a bhfuil an chuma orthu nach bhfuil dada ar siúl taobh thiar dá súile.

13 Iúil 2011

Éirigh as!


Teiripe :




Aon fhadhb eile agat?

07 Iúil 2011

Triúr: ón mBreatain go dtí an tSeapáin


Genii Cucullati
íomhá ón mBreatain Rómhánach
ca. 150-350


Triúr Jizō
íomhá ón tSeapáin
ca. 1550–1600

Is maith liom chomh cosúil agus atá an dá íomhá seo, a tháinig ó dhá cheann mhórchríoch na hEoráise. Scríobh mé cúpla focal ar na Genii Cucullati roimhe seo. Fuarthas an chéad íomhá thuas in Housesteads, Northumberland, in aice le Múr Hadrian. Scrín tí a bhí ann, de réir dealraimh.

Tá a lán daoine sa tSeapáin an-cheanúil ar an mBodhisattva Jizō. Tá íomhánna de le feiceáil ar fud na tíre. Uaireanta taispeántar mar thriúr é. Is cosúil go raibh an smaoineamh céanna le fáil ó cheann ceann na hEoráise: tá cumhacht ar leith ag baint leis an uimhir trí. Tá dia triarach i bhfad níos fearr ná dia aonair!

Cá bhfuil an mhacasamhail seo?


Fuair mé an grianghraf seo ar an idirlíon. “Irish monks” a bhí mar theideal air, ach ní raibh aon eolas eile ceangailte leis.


Tá mé réasúnta cinnte gur macasamhail den chuid íochtarach den ardchros i Maoin (C. Chill Dara) atá ann:


Ach níl a fhios agam cá bhfuil an mhacasamhail le fáil! An bhfuil a fhios ag éinne?

05 Iúil 2011

“Thou shalt not...”


Cliceáil le méadú.

#1 - Ni nais étach for nach nocht.

#2 - Is doiligh olann a bhaint de ghabhar.

#3 - Sa Ghréig freisin?

Tá an chéad mhanach ag léamh ón tráchtas breithiúnach “Córus Béscnai” (Corpus Iuris Hibernici 215.2). Tá aistriúchán den nath seo in Ancient Laws of Ireland a thaitníonn liom: Thou shalt not bind a naked person to pay in clothes.

Dominique Strauss-Kahn



Thaitin an ceann seo go mór liom! Tabharfaidh mé iarracht anois ar leagan Gaeilge de chur ar fáil daoibh.

- Traigéide na hamharclannaíochta sósialta: cuireann bean bhocht éigniú i leith toicí ... ach is cléach é an toicí agus is bréagadóir amplach í an bhean bhocht.

- Ní Brecht atá ann in aon chor, ach tá an Verfremdungseffekt* le feiceáil ann go soiléir.

* Is aistriúchán é an focal Francach, distanciation, den téarma seo a chum an drámadóir Gearmánach Bertolt Brecht. Distancing effect, Alienation effect, a thugtar air i mBéarla.

Nod libh: déanann an Ghaeilge idirdhealú an-deas ar “tragóid” agus “traigéide”.

04 Iúil 2011

cumascóirí faoi chumhacht na gcos



Cé nár thóg mé an pictiúr seo (ó Íomhánna Google a fuair mé é), chonaic mé an seastán céanna Dé Sathairn ag margadh na bhfeirmeoirí anseo. Bhí beirt ar na diallaití, athair agus mac, ag rothaíocht go tréan chun caoineoga a dhéanamh as an sú is an oighear is an iógart (nó cibé rudaí a bhí ann) a bhí sna cumascóirí.



Seo pictiúr de rothchumascóir eile atá ar fáil ar an idirlíon ... ar $1,700!

03 Iúil 2011

Thug mé lámh dóibh.



- Tá lámha againn anois.

- Tig liom m'ordóga a chasadh.

- Cuireann an Diabhal obair ar fáil do lámha díomhaoine.

Céim chun tosaigh? Céard atá i ndán do Manaigh anois?

01 Iúil 2011

Triúr a bhíonn faicheallach ...


... le go mbeidh dul as acu má bhréagnaítear iad:


... go gclos dom.

... go bhfios dom.

... go gcuimhin liom.