Genii Cucullati
íomhá ón tSeapáin
ca. 1550–1600
Is maith liom chomh cosúil agus atá an dá íomhá seo, a tháinig ó dhá cheann mhórchríoch na hEoráise. Scríobh mé cúpla focal ar na Genii Cucullati roimhe seo. Fuarthas an chéad íomhá thuas in Housesteads, Northumberland, in aice le Múr Hadrian. Scrín tí a bhí ann, de réir dealraimh.
Tá a lán daoine sa tSeapáin an-cheanúil ar an mBodhisattva Jizō. Tá íomhánna de le feiceáil ar fud na tíre. Uaireanta taispeántar mar thriúr é. Is cosúil go raibh an smaoineamh céanna le fáil ó cheann ceann na hEoráise: tá cumhacht ar leith ag baint leis an uimhir trí. Tá dia triarach i bhfad níos fearr ná dia aonair!
Macallaí na fírinne, gan amhras!
ReplyDeleteTá míniú cultúrach agam ar an scéal, ar ndóigh.
ReplyDelete"Tá a lán daoine sa tSeapáin an-cheanúil ar an mBodhisattva Jizō."
ReplyDeleteNach bhfuil teoiric amuigh gurbh ionann fealsúnacht de chuid Siddhārtha Gautama Buddha agus an Chríostaíocht agus gurbh é teagasc Buddha a bhí á scaipeadh ag an tseict Ghiúdach a chuirtí na hEiséanach orthu a raibh Eoin Baiste mar bhall inti?
recte "na hEiséanaigh"
ReplyDeleteIs maith liom stíl na Genii Cucullati. Cuireann siad lucht éisteachta Glastonbury i gcuimhne dom - féile cheoil a bhíonn fliuch fearthainneach i gcónaí.
ReplyDelete