25 Lúnasa 2014

sí agus síocháin


Tá dhá fhocal sa tSean-Ghaeilge atá ar aon fhuaim agus ar aon litriú lena chéile:

1. síd - lios na síogaithe,  fairy mound

2. síd - éagmais achrainn nó cogaidh,  peace

Ar nós an bhriathair sheathe (= cuir claíomh i dtruaill) a fhuaimnítear “síd” - nó a fuaimníodh i ré na Sean-Ghaeilge.

Tá “síd 1” againn fós, ach gan an -d : aos sí, bean sí, etc.   Níor mhair “síd 2” gan athrú, áfach. Rinneadh comhfhocal de “síd” agus “cáin”: síocháin. “Dlí” an chiall a bhí le “cáin” ar dtús, cé go gciallaíonn sé tax anois. Is féidir gur law and order - nó rud éigin cosúil leis sin - an chiall a bhí le “síocháin” i dtús báire.

Is focail éagsúla ar fad iad “sí” agus “síocháin” anois. Tá go maith agus níl go holc. Ach ar an drochuair dúinn, ní féidir linn imirt leis an dá fhocal mar ba nós lenár sinsir. Mar shampa:



…comrac leind cen debuid. Síd mór itaam conid de
suidib nonnainmnigther áes síde. Cía …

Is sliocht é seo as tosach an scéil Eachtrae Chonnlai. Ba mhaith le bean sí an prionsa Connla Rua a mhealladh le dul in éindí léi go dtí a tír féin. Deir sí leis go mbíonn fleánna buanna ar siúl sa tír úd gan pheaca gan imreas. Agus tugann sí an míniú seo dó: 

Is síd mór ina bhfuilimid, mar sin tugtar aos síde orainn.

“Féach, a Chonnla, tá cónaí orainn i (sí / síocháin) agus dá bhrí sin deirtear gur pobal (sí / na síochána) muid!”

21 Lúnasa 2014

moladh mar cháineadh


Is é Alexander Pope a thug an abairt “damn with faint praise” isteach sa Bhéarla sa bhliain 1734 sa dán dar teideal “Epistle to Dr Arbuthnot.”

Damn with faint praise, assent with civil leer,
And without sneering, teach the rest to sneer;

Bhí téarma ag littérateurs na Gaeilge air seo míle bliain ó shin, mar atá “tamall molta,” moladh atá chomh fann sin nach moladh atá ann ar chor ar bith.

Philadelphia isn't as bad
as Philadelphians say it is.

Bhí téarma eile acu ar rud atá gairid i ngaol leis seo, “tár molta” nó “mocking with excessive praise.”

“Tá do chailín ar an duine is áille, is grástúla, is meabhraí, is greannmhaire agus is finne ar domhan!”


Tá sé ar intinn agam na téarmaí seo a úsáid i mo chuid Gaeilge as seo amach.

19 Lúnasa 2014

faireoir cait


Sa seanscéal Imram Curaig Maíle Dúin, seolann an laoch agus a chompánaigh ó oileán go hoileán mar a mbuaileann siad le hiontais neamhshaolta. Ar oileán amháin, faigheann siad teach mór álainn ina bhfuil “nua gach bia agus sean gach dí” ag fanacht leo. Agus leabaí boga chomh maith. Bhí cat beag ann freisin, nár thug aon aird orthu.

Fagann siad an chéad lá eile, sona sásta beathaithe. Ba mhaith le duine de na comrádaithe muince óir a bhí ar an mballa a thabhairt leis. Deir Mael Dúin leis gan é sin a dhéanamh, toisc nach “cen chomet atá in tech” - nach bhfuil an teach gan faireoir. Ach thug an truán leis é mar sin féin. Meancóg! 


Dolluid in cat ina ndiaíd ⁊ lebling trít amail saigit tentidi ⁊ loiscthi comba lúathred.



Chuaigh an cat ina ndiaidh agus léim sé tríd ar nós saighead thine agus loisceadh é go dtí nach raibh fágtha dé ach luaithreach!

Ba bhreá liom léaráid den léim seo agus den luaithreach a fheiceáil! Measaim go mbeadh Darach Ó Scolaí in ann aige seo. Éinne eile?