21 Lúnasa 2014

moladh mar cháineadh


Is é Alexander Pope a thug an abairt “damn with faint praise” isteach sa Bhéarla sa bhliain 1734 sa dán dar teideal “Epistle to Dr Arbuthnot.”

Damn with faint praise, assent with civil leer,
And without sneering, teach the rest to sneer;

Bhí téarma ag littérateurs na Gaeilge air seo míle bliain ó shin, mar atá “tamall molta,” moladh atá chomh fann sin nach moladh atá ann ar chor ar bith.

Philadelphia isn't as bad
as Philadelphians say it is.

Bhí téarma eile acu ar rud atá gairid i ngaol leis seo, “tár molta” nó “mocking with excessive praise.”

“Tá do chailín ar an duine is áille, is grástúla, is meabhraí, is greannmhaire agus is finne ar domhan!”


Tá sé ar intinn agam na téarmaí seo a úsáid i mo chuid Gaeilge as seo amach.

2 comments:

  1. Tá staidéar á dhéanamh agam faoi láthair ar phíosa Dindshenchas (Carn Uí Néit). Coimhlint a thiteann amach idir Bres agus Lugh atá ann, le deireadh éagsúil ó CMT2 (ólann Bres uisce portaigh agus faigheann sé bás dá dheasca).

    Ach díol spéise domsa é ná go gcaitear le Bres go difriúil sa leagan próis agus sa leagan filíochta. Sa phrós is namhaid é, a chuireann uallach ró-mhór ar na Tuatha Dé, agus ar maraíodh é dá dheasca. Sa leagan filíochta, áfach, is laoch amach is amach é, scoth na Tuatha Dé, agus is truamhéileach a bhás amach is amach. Dán molta is ea é i ndáiríre, ach ritheann sé liom gur an-ait an chodarsnacht í idir an dá leagan.

    I do thuairim an gciallaíonn sé aon rud? Nó ar ghoid scríbhneoir an dáin creatlach ó dhán eile ionas a jab a dhéanamh níos fusa dó?

    ReplyDelete
  2. Is oth liom a rá nach bhfuil barúil dá laghad agam. Ach cuirfidh mé do cheist faoi bhráid duine nó beirt eile.

    ReplyDelete