30 Meitheamh 2009

Ghoid siad uainn é!



Bhí na rothaithe lomnochta péinteáilte againn anseo i Seattle ar dtús. Tá flight attendants lomnochta péinteáilte ag Air New Zealand anois. Cá bhfuair siad an smaoineamh, eh?

ortha na deilge


Scríobhadh an ortha seo, in éindí le dhá cheann eile, ar leathanach breise sa Stowe Missal, leabhar aifrinn i Laidin ón naoú haois.  Chuir Stokes agus Strachan in eagar í in Thesaurus Palaeohibernicus (1903) mar a leanas:



Macc saele án tofasci delc;

Mac seile án (lonrach, glórmhar) a tharraingíonn amach dealg; 

nip hon, hip ainim, nip att, nip galar, nib crú cruach, nip loch liach, nip aupaith; 

Ná raibh máchail, ná ainimh, ná at, ná galar, ná cneá fhuilteach, ná loch (neascóid) pianmhar, ná draíocht ann;

líi grene frisben att, benith galar.

Lí gréine a leigheasann at, a bhuaileann galar.

Tá mé réasúnta cinnte, áfach, tar éis forméadúchán den téacs lámhscríofa a ghrinniú, go bhfuil dhá mheancóg san eagrán a rinne Stokes agus Strachan. Tá an scríbhinn caite doiléir ar láimh chlé na leathanaigh:


Séard a fheicim anseo thuas, in áit “M[ac]c saele”, ná “Mo s(h)aele” = mo sheile.  Tá mé cinnte nach ‘c’ í an dara litir.  Is aisteach iad na focail “macc saele / mac seile / son of spit”.  Shíl Heinrich Zimmer (Zeitschrift für Vergleichende Sprachforschung, 1887) gur chiallaigh siad “salve”, agus chuir sé “mac imreasan”, “mac alla” agus “mac eorna” i gcomparáid leo.  Ach ní fhaightear “macc saele” áit ar bith eile sa teanga, go bhfios dom.  Ar an láimh eile, bhíodh an nós ann seile a úsáid mar íocshláinte in éindí le hortha nó briocht.

Agus anseo, in áit “(nip loch) liach, nip aupaith”, is “(nip loch) liach; mo aupaith” a fheicimse, i.e. “mo ortha” in áit “ná raibh draíocht ann”. “Ortha” nó “briocht” an chiall a bhí le “aupaith”, agus ceann a bhí applied externally (DIL). Creidim go ndéanann na focail “mo aupaith” tagairt don tseile agus do na focail seo uilig, agus go háirithe do na focail dheireanacha “lí gréine a leigheasann at, a bhuaileann galar”.

Seo é mo léamh ar an téacs:

Mo ṡaele án tofasci delc;
nip hon, hip ainim, nip att, nip galar, nib crú cruach, nip loch liach; 
mo aupaith, líi grene frisben att, benith galar.

Mo sheile án a tharraingíonn amach dealg;
Ná raibh máchail, ná ainimh, ná at, ná galar, ná cneá fhuilteach, ná loch pianmhar ann;
Mo bhriocht, lí gréine a leigheasann at, a bhuaileann galar.

29 Meitheamh 2009

Aniar



Tá mé tar éis cúpla lá a chaitheamh le Aniar, á léamh is ag éisteacht leis an DD. Is galánta an leabhar é, agus is iontach saibhir atá na glórtha agus an ceol ar an diosca. Bhíos ar tí “an reacaireacht” a rá, ag smaoineamh ar an am a mbíodh reacaire ag gach file chun a chuid dánta a rá go poiblí le ceol na cláirsí. Faraor, ní féidir an focal a úsáid mar sin anois. Mar sin féin, is reccairecht den chéad scoth atá le cloisteáil anseo.

Tá na nótaí a théann le gach téacs an-saibhir freisin. Rud amháin a thaitníonn go mór liom ná nach lom-aistriúchán ar an nóta Gaeilge atá sa leagan Béarla. Tá rudaí ar leith le rá ag an dá chuid. Is leor an Béarla don Bhéarlóir, ach tá tuilleadh ann don duine a bhfuil an dá theanga aige.

Bhí suim ar leith agam sna trí ortha sa chnuasach seo. Chuir siad ag tochailt mé i measc na n-orthaí a tháinig slán chugainn ón meánaois -- níos mó faoi sin anseo ar ball.  ;-)  Píosa eile a thaitin go mór liom, agus a chuir gáire dóite orm ná Tiocfaidh an Lá:

Tiocfaidh an lá
a mbeidh bóthar ar gach logán
Teach mór ar gach cnocán
Droicheaad thar gach feadán
Cóiste faoi gach breallán
Béarla i ngach bothán
Is an saol mór ina bhrachán.

28 Meitheamh 2009

t-léine eile atá agam



Rinneadh an ceann seo i gCalifornia i lár na n-ochtóidí, le haghaidh rang Gaeilge.  Scríobh mé an focal neamhrialta le MacPaint, clár an-simplí a chronaím fós.

Sanas Cormaic 475


Seo agaibh an chéad iontráil eile.  Mar is iondúil sa chnuasach seo, cuirtear níos mó ná míniú amháin faoi bhráid an léitheora.  Tá cúpla focal i Laidin ann freisin, rud eile atá an-choitianta. Is seoraí cainte iad na blúirí Laidine seo den chuid is mó.

475.  Dris .i. der-uis .i. derōil 7 uis. Inde dicitur dreaan .i. der 7 ēn .i. ēn bec derōil, nō drui-ēn .i. ēn donī fāitsine.

475.  Dris, i.e. der-uis, i.e. dearóil + uis (= umhal).  Uaidh seo deirtear dreaan (= dreoilín), i.e. der + éan, i.e. éan beag dearóil, nó druí-éan, i.e. éan a dhéanann fáistine.

27 Meitheamh 2009

bratach úrnaí



Chuir nóta tráchta ó Aonghus faoi oróit arís, thíos, ag smaoineamh mé.  Bhí mé faoi dhraíocht ag bratacha úrnaí na mBúdaithe Tibéadach tráth den saol. Rinne mé an ceann seo faoina n-anáil, bíodh is nach bhfuil sé an-chosúil leo dáiríre.  Anois, tá mé ag smaoineamh gur cheart dom bratach úrnaí nua a dhéanamh leis na focail Shean-Ghaeilge Oróit do Chách scríofa uirthi.  Bloc líonóile agus priontáil ar éadach atá i gceist agam.

LGBTQ i mBÁC

 
Cúpla seachtain ó shin fuair mé an t-léine seo ag bun an tarraiceáin, fillte i bplaisteach. “Rats”, a dúirt mé liom féin, “tá Lá 'le Pádraig caite le ráithe." Ach ansin, rith sé liom go mbeadh an dara seans agam inniu!  Inniu lá na paráide LGBTQ i mBaile Átha Cliath agus ina lán cathracha eile. (Tá ainm níos éasca acu uirthi i bPáras:  la Marche des fiertés.) Ach ní cuimhin liom anois cé a thug an t-léine seo dom.  :-( 

26 Meitheamh 2009

oróit arís



Níor baineadh a lán úsáide as an bhfocal seo taobh amuigh den fhoirmle Oróit do XOróit ar X.  Feictear an litriú oráit sách luath freisin.  Tá an sampla deas seo de le fáil i nóta imill in Lebor na hUidre (lch 37):

Orait do Moel Mhuiri mac Ceileachair, mac meic Cuind na mbocht, ro scrib 7 ro scrút a lebraib egsamlaib in lebur sa.

 Guígí ar son MMmcC 7c, a scríobh agus a scrúdaigh as leabhair éagsúla an leabhar seo.

Dá mbeadh orm leac a thoghadh le haghaidh m'uaighe féin, bheinn an-sásta leis na focail Oróit do Donnchad scríofa sna seanlitreacha atá le feiceáil ar na leaca i gCluain Mhic Nóis.  Ach is créamadh agus scaipeadh an luaithrigh atá ar intinn agamsa.

oróit


Oróit do Mael Mhíchíl

Oróit do Thuathal Saer

Níor chuir éinne ceist orm faoi na focail Oróit do  Míchél sa teachtaireacht a nocht roimhe seo. Ach ligfidh mé orm gur chuir. Seo é an freagra.

Sa mheánaois in Éirinn, baineadh úsáid as na focail Oróit do X go forleathan ar leaca tuama. Tá na solaoidí seo thuas ó Chluain Mhic Nóis.  Ní fheictear an focal iomlán “oróit” ar na leaca de ghnáth. Séard a fheictear ná an giorrúchán or le líne os a chionn.  Is ionann “oróit” agus “oráid”, focal ársa a chiallaíonn “paidir”. Iarraíonn na leaca seo ar an duine a théann thart paidir a rá ar son an duine faoin leac.

25 Meitheamh 2009

Michael Jackson, R.I.P.




Agus anois, le ró-dhuairceas a sheachnadh, seo scéal grinn a thaitin liom riamh:


Tháinig Séimí abhaile ón scoil tráthnóna amháin agus dúirt a athair leis,

- Conas a bhí do lá? Cad a rinne tú ar scoil inniu?

- Bhí díospóireacht againn faoin gcosúlacht atá ar Dhia.

- Agus ar tháinig sibh go conclúid ar bith?

- Níor tháinig. Bhí na buachaillí ag rá go bhfuil Dia ina fhear, ach dúirt na cailíní uilig gur bean Dia. Dúirt na gasúir bhána go bhfuil Dia bán, agus dúirt na gasúir ghorma go bhuil Dia gorm.

- Bhuel, a Shéimí, cuir i gcás nach bhfuil Dia fireann ná baineann, bán ná gorm...

- A Dhaid! An bhfuil tú ag rá liom gurb é Michael Jackson Dia?!

tatú úrnua



Is léir gur tógadh an grianghraf seo díreach tar éis don tatuálaí é a chríochnú. Is maith liom na litreacha a thogh mo dhuine.  Feileann siad go maith don téacs agus don suíomh. Is cosúil gur leagan de Linotype Irish Text atá ann:


i.e.

Mar atá a fhios ag madraí a bhaile, is giorrúchán iad na litreacha i.e. a sheasann do id est (it is). Ba ghnách é seo a scríobh leis an nod .i. sna lámhscríbhinní, agus ed ón a rá.  Tá eadhon againn fós san fhoclóir, ar ndóigh, cé nach cuid de theanga an lae inniu é. I nGaeilge na hAlban, áfach, tá eadhon beo fós i gcaint na ndaoine. Úsáidtear é mórán mar a úsáidtear an focal even i mBéarla:

Bha an t-iasg eadhon na bu phailte (fairsing) na an fheòil.

Bha iad ro lag eadhon airson èirigh.

Pé scéal é, tá Sanas Cormaic breac leis an nod seo!

24 Meitheamh 2009

Sanas Cormaic 474



Tá 1,301 iontráil san eagrán de Shanas Cormaic a d'fhoilsigh Kuno Meyer sa bhliain 1913.  Seo uimhir 474, mar shampla dá bhfuil ann agus mar shampla den tsanasaíocht “chruthaitheach” a chleacht Cormac agus na daoine a tháinig ina dhiaidh.

Droigen  .i.  trōg aon  .i.  aon is trōgmaire do c[h]randuib ar imad a delg. 

Draighneán, i.e. trua aon, i.e. aon is truamhéalaí de chrainn de bharr iomad a dhealg.

Tá sanasaíocht ar fad eile leis an bhfocal seo, ar ndóigh!

In Extremo



Tá físeán den bhanna Gearmánach seo, agus iad ag casadh amhrán Gaeilge, ar bhlag Scott. Éistigí leis, má tá nóiméad le spáráil agaibh.  Is fuinniúil an píosa ceoil é.

22 Meitheamh 2009

Damnú air!


Fuair mo chumascóir bás tráthnóna inniu.  Bhí a fhios agam go raibh sé ag éirí wonky le tamall anuas, ach níor smaoinigh air sin nuair a thosaigh mé ag cumasc crúiscín deas gazpacho.

Is breá liom gazpacho sa samhradh nuair a bhíonn trátaí blasta ar fáil. Níor tháinig aon rud as cocina na Spáinne atá níos fearr ná gazpacho, nuair a dhéantar i gceart é. Monuar, tá a lán droch-ghazpacho le blaiseadh i mbialanna taobh amuigh den Spáinn! Séard atá sa ghazpacho clasaiceach ná:  trátaí aibí, cúcamar, piobar milis úr (ceann dearg más féidir), oinniún agus/nó gairleog, canta aráin, ola olóige, fínéagar (vinagre de Jerez), salann. Sin an méid. Cuir sa chumascóir iad le beagán uisce, ansin trí chriathar chun na síolta agus na píosaí craicinn a bhaint as, isteach sa chuisneoir leis, agus ansin voilà, sailéad a óltar as gloine!

Séard atá agam sa chuisneoir anois, áfach, ná babhla lán de ghlasraí leathbhrúite.   :-( 

Bás don deachtóir!



Tá mé díreach tar éis An Caomhach a léamh, mar a bhfuil cur síos ar an slogan (slua-ghairm) is nua atá le cloisteáil in Iran.  Is mithid dúinn beagán Fairsise a fhoghlaim! Séard a fheiceann sibh thuas ná an rosc catha féin, trí fhocal a léitear ó dheas go clé:

marg  bar  dîktâtôr
bás    ar    deachtóir

Dála an scéil, is teanga Ind-Eorpach í Fairsis, agus tá an fréamh mar- san fhocal “marg” le fáil i “marbh”, “mortuary”, etc. chomh maith.

An bhfeiceann sibh na trí “r”, ceann amháin i ngach focal?

Lenin i bhFremont

Seo é mo chara Eastónach Silver Pramann arís, a bhí ina Young Pioneer trá den saol, agus a chaith ciarsúr brád dearg agus suaitheantas a raibh aghaidh an fhir mhóir air. Ní raibh an dara rogha aige ag an am sin, ar ndóigh. Le teann grinn a tógadh an grianghraf seo. 

Agus, a deir tú, cén fáth a bhfuil an dealbh seo i Seattle?  Tá mionsonraí an scéil anseo, ach i mbeagán focal, seo mar a tharla: bhí Meiriceánach darbh ainm Lewis Carpenter ag múineadh Béarla sa tSlóvaic sa bhliain 1989 nuair a fuair sé an dealbh i gclós dramh-mhiotail. Cheannaigh sé é ar $13,000. (Tá a lán cré-umha sa dealbh seo!) Fuair Carpenter bás i dtimpiste bóthair sa bhliain 1994 agus tháinig an dealbh go Fremont “ar bhun sealadach”. Mar a dúirt mé cheana, is “áit ait” é Fremont. Is le muintir Charpenter fós an dealbh, agus tá sí le díol.

21 Meitheamh 2009

Ós ag caint ar Fremont atá mé...


... caithfidh mé an Troll a chur in aithne daoibh. Tá sé ina chónaí faoi dhroichead i Fremont. Sea, is Volkswagon é sin ina ghlac, agus is mise an duine a bhfuil a thaca leis. Mo chara Silver, atá ar ais i dTallinn anois, an duine eile.

Fremont: aguisín



Níl a fhios agam cén cineál spás-ama atá i réim ansin, ach is ait an áit í.

Colmán ______ ?



Is trua nach bhfuil an grianghraf thíos beagán níos soiléire, ach tá na focail ar an leac seo ó Chluain Mhic Nóis inléite mar sin féin. Is buafhocal nó epithet é an méid atá scríofa in ogham. Cén sórt duine a bhí i gColmán?


20 Meitheamh 2009

Paráid an Ghrianstad





grianstad an tsamhraidh



Is cuid de Sheattle é Fremont. Chuile bhliain bíonn Solstice Parade ansin. Glactar le beagnach chuile rud sa pharáid ach amháin:
  1. Focail scríofa agus logos
  2. Mótarfheithiclí
  3. Ainmhithe
Tá clú ar leith ar an bparáid as ucht na rothaithe lomnochta péinteáilte a ghlacann páirt ann. Streakers a bhí iontu i dtús báire thiar sna nóchaidí, ach is cuid thábhachtach de na himeachtaí anois iad. Séard atá ann dáiríre ná saghas carnabhail i lár an tsamhraidh. Is beag an tsuim atá daoine anseo i Mardi Gras már bhíonn an aimsir go dona ag an am sin den bhliain.  Feileann an grianstad níos fearr dúinn!

An scéal taobh thiar den tatú?



Tá an méid a dúirt “Jittery” faoi le léamh anseo.

19 Meitheamh 2009

“an craiceann agus a luach”



An é seo a bhí i gceist acu anallód?


focail ar chraiceann

Tá a fhios agaibh go bhfuil spéis agam i bhfocail ar phár. Céard atá i bpár ach craiceann? Is féidir Gaeilge, in éindí len a lán teangacha eile, a fháil ar chraiceann beo anois freisin. Is minic nach mbíonn ach focal nó dhó le feiceáil. Uaireanta cuireann duine abairt iomlán ar bhall dá c(h)orp. Ní fhaca mé téacs níos faide ná sin i nGaeilge -- dán nó scéilín, cuir i gcás -- go fóill, ach ní bheadh ionadh orm dá mbeadh a leithéid ann cheana! Tá sé ar intinn agam samplaí d'fhocail ar chraiceann a thabhairt daoibh anseo ó am go chéile.

rann ón Leabhar Breac




















Hitte.
ni hinand is uenitte.
uenitte sassad na slog
hitte cacur er anshod.

Bhreac an scríobhaí an rann seo ag bun leathanach 11 sa Leabhar Breac. Líne fada amháin is ea é sa lámhscríbhinn. Tá sé anseo anois le go mbeidh deis ag lucht Old-Irish-L an buntéacs a fheiceáil. Fáilte roimh éinne ar mhaith leis Nua-Ghaeilge a chur air! (Cliceáil ar íomhá len í a mhéadú.)

18 Meitheamh 2009

ogham ar an gcraiceann


Cén chaoi a bhfuil do chuid oghaim?


Tá an tatú seo an-deas, agus ritheann na litreacha sa treo ceart, ó bhun go barr.  Simon a deir sé.



Sloinne atá ar chos an fhir seo, mura bhfuil dul amú orm, ach níl mé iomlán cinnte cén ceann. Tosaíonn sé le O’ ar aon nós.

Níl Molly chomh fada liomsa.



Ach tá sí compórdach.   - Mike

17 Meitheamh 2009

comhairle ón ngúrú



“Cén chaoi ar féidir liom síocháin inmheánach a fháil, a Mháistir?”

“Caithfidh tú na rudaí go léir a thosaigh tú agus nár chríochnaigh tú riamh a chríochnú.”

Chuaigh mé abhaile.  Chaith mé súil máguaird.  Ansin chríochnaigh mé leathbhuidéal Albariño, an Calvados a bhí fágtha i mbuidéal eile, chorizo nach raibh ach trian de ite cheana, mala cnónna pistéise, agus canta deas gruyère nach raibh caonach liath air fós.  Bhí mé i bhfad níos suaimhní ina dhiaidh sin!

Céard atá le críochnú agaibhse?

Cá'il mo vóta?


agus ri fhaotainn ann an Gàidhlig



Na Trì Mucan Beaga ar fáil i nGaeilge na hAlban anois freisin.

16 Meitheamh 2009

ar fáil i Nua-Ghaeilge anois



Tá suíomh dá chuid féin ag  Inna Téoir Mucca Beca  anois, leis na léaráidí go léir a rinne Theresa Illés. Agus, toisc go bhfuil an leagan Sean-Ghaeilge seo níos Gaelaí -- i mo bharúil féin -- ná aon insint eile atá ar fáil amuigh ansin anois, chuir mé Gaeilge an lae inniu air freisin.  Tá sé anseo:  An Triúr Muc Beag.

Ceist agam oraibh: an bhfuil an teideal sin, “An Triúr Muc Beag”, ceart?

giocsaí i mbosca