27 Meitheamh 2009

bratach úrnaí



Chuir nóta tráchta ó Aonghus faoi oróit arís, thíos, ag smaoineamh mé.  Bhí mé faoi dhraíocht ag bratacha úrnaí na mBúdaithe Tibéadach tráth den saol. Rinne mé an ceann seo faoina n-anáil, bíodh is nach bhfuil sé an-chosúil leo dáiríre.  Anois, tá mé ag smaoineamh gur cheart dom bratach úrnaí nua a dhéanamh leis na focail Shean-Ghaeilge Oróit do Chách scríofa uirthi.  Bloc líonóile agus priontáil ar éadach atá i gceist agam.

7 comments:

  1. Cad déantar leis an éadach ansin? É chrochadh sa ghaoth?

    Ach an guí [chun na déithe] atá i gceist le "Oróit do Chách"? Nach guí ar son ghuí daonna atá ann?

    Is maith liom an smaoineamh áfach, ach céard faoi roth litreacha seachas bloc?

    ReplyDelete
  2. Ceisteanna maithe. An tríú ceann ar dtús: ní leor na trí fhocal gairide seo le roth ceart a dhéanamh. Is féidir go mbeadh siad níos fearr i líne amháin ar mheirge (bratach chaol fhada). Ach, ar an láimh eile, níl a fhios agam anois, tar éis dom do cheisteanna a léamh, an mbeadh aon chiall leis seo ar bhratach ar chor ar bith. Caithfidh mé mo mhachnamh a dhéanamh air.

    ReplyDelete
  3. Bhuel, braitheann a lán ar cé (nó Cé) a bheadh i gceist le leitheoirí an bhrait!

    ReplyDelete
  4. An raibh Georg Cantor (máistir na héigríche) á léamh agat an tráth úd?

    ReplyDelete
  5. Ní raibh. Ní ó Chantor a fuair mé na focail sin ach ó Shantideva (saoi Búdaíoch ón 8ú haois), via úrnaí atá le léamh anseo:

    http://sites.google.com/site/buddhistprayers/transference-of-merit-prayer

    ReplyDelete
  6. Is dócha go mbeadh "Sonas ar Chách" níos giorra don nós Búdaíoch.

    "Go raibh sonas ar an líon gan teorainn neacha san cruinne gan teorainn"?
    Anois, sengoidelc gonta do chuir ar sin do dhúshlán a Donnchad!

    Smaoineamh spéisiúil an nós seo ceirteacha ildaite do chrochadh ar na hArda d'fhonn sonas do scaipeadh.

    Bheadh sé deacair leis an garbhshíon abhus.

    ReplyDelete
  7. Bíid sonus forsna béoaib cen áirim attrebat in cruinni ndíchríchidi.

    Ach ní aistriúchán den nath sin atá uaim. Déanfaidh mé rud éigin leis an abairt Shean-Ghaeilge "Oróit do Chách". Mar a dúirt tú cheana, ní ar na déithe atá na focail sin dírithe ach ar an duine a léann iad.

    ReplyDelete