31 Nollaig 2014

Ealaín na gCeilteach



Is stater (στατήρ) óir é seo. Buaileadh é le linn réimeas Philip II, Rí Mhacadóin, athair Alastair Mhóir, 382 - 336 R.C., nó go gairid ina dhiaidh sin. Fuair saighdiúirí Ceilteacha boinn mar seo mar thuarastal agus iad ag troid mar amhais in airm na nGréagach.

Thug siad na staitéir seo abhaile leo agus roimh i bhfad thosaigh na taoisigh Cheilteacha sa Ghall ag bualadh staitéar dá gcuid féin.



Staitéar óir de chuid na bParisii

Choinnigh na Ceiltigh an bunsmaoineamh: agaidh Apollo ar thaobh amháin agus each ar an taobh eile. Ach d'athraigh siad na híomhánna go hiomlán. Chloígh siad lena gcód aeistéitiúil féin, cód a bhí an-éagsúil leis an traidisiún Gréag-Rómhánach. Is ar phatrúin seachas ar réalachas a bhí an bhéim acu. Stíl La Tène a thugtar ar an ealaín seo anois.

27 Nollaig 2014

Ag teacht go cathair i ngar duit!


An bhliain seo chugainn? Bhí Krampus le feiceáil in Philadelphia um Nollaig i mbliana!



Is gruagach é Krampus atá dúchasach do na tíortha Alpacha san Eoraip. Téann sé thart um Nollaig le páistí dána a smachtú. Nuair a théann grúpa Krampus le chéile tríd an gcathair tugtar Krampuslauf air. Saghas paráide atá ann.  Seo iad cuid de na gruagraigh a bhí páirteach sa Lauf in Philly:


Agus seo cuid acu in Salzburg:


Tá feis gheimhridh ag na Hopi in iardheisceart Mheiriceá a dtugtar Powamu uirthi. Tá gruagaigh acu freisin a chaitheann aghaidheanna fidil agus a smachtaíonn páistí dána.  Is neacha scanrúla iad a bhfuil scian agus bachall ina nglac acu. Seo é Nata’aska:


Agus seo í So’yok Wùuti a bhfuil páiste dána ina ciseán aici!


17 Nollaig 2014

Bromanna!



Pónairí, an bia is ceolmhaire! Déanann siad an fead is ollmhaire. Dá airde an gleo sea is mó an só. Ithimis pónairí d’oíche is ló!


13 Nollaig 2014

le go n-éirí an ghrian


Tamall ó shin thug mé faoi deara an comhionannas iontach idir: 

1. an bun-mhiotas Meisi-Mheiriceánach, an t-idé-eolaíocht atá ag bun an chreidimh a bhí ag na hAztec agus na Maya

2. dán leis an bhfile Gréagach Odysseas Elytis, “Ενα το χελιδόνι / Ena to Khelidóni” 


Éirí na gréine atá i gceist sa dá chás. Agus fuil. Is cosúil gur chreid na hIndiaigh Mheisi-Mheiriceánach go raibh íobairt fola ar bhun laethúil riachtanach le neart a thabhairt don ghrian, le go mbeadh sí in ann teacht ar ais chuile lá. Seo achoimre a fuair mé ar an idé-eolaíocht sin: 


Cliceáil le méadú.

Anois, seo é chéad rann an dáin a scríobh Elytis:

Ενα το χελιδόνι κι η άνοιξη ακριβή
για να γυρίσει ο ήλιος θέλει δουλειά πολλή
Θέλει νεκροί χιλιάδες να 'ναι στους τροχούς
Θέλει κι οι ζωντανοί να δίνουν το αίμα τους.


Fáinleog amháin agus earrach daor:
le go dtiontóidh an ghrian, tá an-obair de dhíth,
ní mór na mílte marbh a bheith ag na rothaí,
ní mór do na beo a gcuid fola a thabhairt.

Rinne Theodorakis amhrán clúiteach den dán seo: