29 Samhain 2017

Bia na nGael fadó


Cur síos é seo ar aiste bia na nGael "fiáin" a bhí ina gcónaí i gCo. Sligigh sa bhliain 1588, de réir an Spáinnigh Francisco de Cuéllar, a tháinig slán ó longbhriseadh an Armada ar chósta na hÉireann sa bhliain sin.

Su propiedad destos salvajes es vivir como brutos en las montañas, que las hay muy ásperas en aquella parte de Irlanda donde nos perdimos. Viven en chozas hechas de pajas; todos son hombres corpulentos y de lindas facciones y miembros; sueltos como corzos; no comen más de una vez al dia, y ésa ha de ser de noche, y lo que ordinariamente comen es manteca con pan de avena; beben leche aceda por no tener otra bebida; no beben agua, siendo la mejor del mundo. Las fiestas comen alguna carne medio cocida, sin pan ni sal, que es su usanza ésta. 

Is nós leis na daoine fiáine seo maireachtáil mar ainmhithe sna sléibhte, atá an-garbh sa chuid sin d'Éirinn inar cailleadh sinn. Cónaíonn siad i mbotháin déanta as tuí. Is daoine láidre iad uile a bhfuil géaga agus gnúiseanna dathúla acu. Táid chomh lúfar leis an bhfia odhar. Ní itheann siad ach uair amháin sa lá, agus é seo san oíche, agus is éard a itheann siad ná im le harán coirce. Ólann siad bainne géar ó nach bhfuil deoch ar bith eile acu. Ní ólann siad uisce, cé nach bhfuil níos fearr ar domhan. Ag na féilte itheann siad feoil leathbhruite gan arán ná salann, mar is é sin an gnás atá acu.


Tá an síneadh fada san áit mhícheart.

02 Samhain 2017

An Bás


Seo dhá radharc ar an mbás, an chéad cheann ón Ind ca. 450 AD, agus an dara ceann ón Ostair ó thús na fichiú haoise. Drámadóir ba ea Kālidāsa. Fealsamh ba ea Wittgenstein. 


1.

Bás is ea bunstaid an neach ionchollaithe.
Rud thánaisteach, de réir na saoithe, is ea beatha.
Má tharraingtear anáil fiú ar feadh meandair,
is cinnte nach beag an tairbhe é sin.

मरणं प्रकृतिः शरीरिणां विकृतिर्जीवितमुच्यते बुधैः ।
क्षणमप्यवतिष्ठते श्वसन् यदि जन्तुर्ननु लाभवानसौ ॥

Raghuvaṃśa, Kālidāsa


2.

Ní cuid den bheatha é an bás. Ní rud é a fhulaingítear. Má thuigtear an tsíoraíocht mar neamh-am seachas mar am gan chríoch, is síoraí an neach a mhaireann san am i láthair. Is gan chríoch atá an saol, díreach mar atá ár radharc gan chríoch.


Der Tod ist kein Ereignis des Lebens. Den Tod erlebt man nicht. Wenn man unter Ewigkeit nicht unendliche Zeitdauer, sondern Unzeitlichkeit versteht, dann lebt der ewig, der in der Gegenwart lebt. Unser Leben ist ebenso endlos, wie unser Gesichtsfeld grenzenlos ist. 

Tractatus logico-philosophicus, Ludwig Wittgenstein