29 Aibreán 2012

conas gan an Ghaeilge a fhoghlaim


cliceáil le méadú

Seasann MAL do “Master Any Language”, ach is léir dom go mbeadh an chiall Fhraincise níos fearr anseo, mar atá “dona; donas" (mal de tête = tinneas cinn)!

laochra an deireadh seachtaine



le José Pulido

“Troitheánaigh níos gasta, tá an aois ag teacht suas leat!”

28 Aibreán 2012

an muileann Francach


Ar thug tú faoi deara gur éan corr í an Fhraincis i measc na dteangacha eile a tháinig ón Laidin?  Is féidir tréithe a máthar a fheiceáil go soiléir ar éadan na Spáinnise agus na hIodáilise.  Mar shampla, is ionann “tá grá agam ort” sa trí theanga: te amo. Cuir é sin i gcomórtas le je t'aime na Fraincise anois! Thosaigh an Fhraincis ag dul a bealach féin i bhfad ó shin, ag ciorrú agus ag giorrú na Laidine go dtí gur ar éigin a bhí aithne súl ná béil uirthi.

Tá sé intinn agam seachtain a chaitheamh sa Bhurgúin ag deireadh an tsamhraidh. Ós Celtophile mise, beidh orm cuairt a thabhairt ar chúpla iarsmalann agus cúpla láithreán seandálaíochta a bhfuil baint acu leis na Ceiltigh ansin.  Ina measc siúd tá Alésia, Bibracte, agus Autun. Cuireadh Autun ar bun mar chathair úrnua sna blianta 16-13 B.C. Baisteadh ainm leath-Rómhánach leath-Cheilteach uirthi: Augustodunum, .i. Dún Auguist. Ach féach céard a tharla dó.  Chuaigh Augustodunum tríd an muileann Francach agus níl fágtha anois de ach Autun!



Uaireanta, ach ní go minic, is é an mhalairt a tharlaíonn.  Luaigh mé an focal Laidine arra seachtain nó dhó ó shin sa bhlagmhír seo.  “Éarlais” an chiall atá leis.  Tá sé sa Fhraincis fós leis an gciall chéanna, ach le dhá litir de bhreis ann: arrhes. Ach ná bíodh díomá ort. Cé go bhfuil sé litir ann, is mar /ar/ a deirtear é!

26 Aibreán 2012

mo chuid cairde agus na rudaí nach n-itheann siad




“Níl a fhios agam céard is glútan ann ach oiread, ach tá sé á sheachaint agam mar sin féin, ar eagla na heagla.”




Nuair a chonaic mé GF in aice le cuid de na hiontrálacha ar bhiachlár (ní an ceann thuas) thall in Hawai‘i ar na mallaibh, bhí orm ceist a chur ar an bhfreastalaí “Céard is ciall leis sin?”  


Tá a fhios agam céard is galar céiliach ann. Tá aithne agam ar fhear a bhfuil sé air dáiríre.  Tháinig athrú mór air nuair a d'éirigh sé as cruithneacht tar éis dó an diagnóis sin a fháil.  Ach tá cairde eile agam atá ag rá anois, go tobann, go mothaíonn siad “níos fearr” nuair nach n-itheann siad arán nó pasta nó aon rud a bhfuil cruithneacht ann. Hmmm.

25 Aibreán 2012

graf


Cliceáil ar an ngraf len é a mhéadú, led thoil!

Is le graphjam a rinne mé é.  Ar an drochuair dúinn, ní féidir síntí fada a scríobh.

24 Aibreán 2012

Fala? Seeltersk? Chabacano?


Is teangacha iad. Agus tá áthas ar na Manaigh go bhfuil siad acu anois, in éindí le Téalainnis, Freaslainnis,  agus Slóvaicis.


Tíagait i fásach...

Is ródhócha faoin am seo gurb é seo an téacs Gaeilge is mó aistriúcháin riamh!

23 Aibreán 2012

Tá an litir níos láidre ná an peann!



“D” is teideal don ghearrscannán beoite seo.  Scannán uafáis as an ngnách atá ann.





Dála an scéil, cé acu ceann a tháinig ar an saol ar dtús, an litir nó an peann / scuab / stíleas?

21 Aibreán 2012

drunks



Tá cúpla focal againn ar an duine a ólann an iomarca go rialta: meisceoir, druncaeir, pótaire. Ach céard faoi na focail a chuireann síos ar an dóigh a bhfuil duine ar meisce?  Tá mé ag smaoineamh ar na cora cainte seo a leanas i mBéarla agus i bhFraincis:


He's a happy drunk.
Il a l'alcool joyeux.


He's a mean drunk.
Il a l'alcool mauvais.


He's a sad drunk.
Il a l'alcool triste.


Is féidir "bíonn droch-/dea-aoibh air nuair a bhíonn sé ar meisce” agus a leithéid a rá, cinnte, ach an bhfuil  dóigheanna níos fearr nó níos gonta ann len é sin a rá i nGaeilge?

20 Aibreán 2012

An Hobad arís


Scríobh mé faoi dháta foilsithe an leabhair thiar i Mí Eanáir. Is cosúil go bhfuil sé i gcló anois faoi dheireadh thiar thall.


Tháinig an grianghraf seo ón mblag Evertype. Ní deirtear ansin cé chomh luath agus a bheas sé sna siopaí ná cé mhéad a bheas air. Chuala mé go bhfuil na cóipeanna ag teacht ó chlódóir i dTennessee. An bhfuil níos mó eolais ag éinne?

19 Aibreán 2012

litreacha móra



Seo íomhá de litreacha móra uilleacha ar leathanach i Leabhar Lindisfarne, a scríobhadh thart faoin mbliain 700 AD. Tá litreacha móra eile an-chosúil leo seo le feiceáil i Leabhar Cheanannais freisin.




Agus seo leathanach as leabhrán ó arú inné. Chlóigh mé na focail le litreacha a ghearr mé as scriosáin le scian X-Acto. Tá sé an-éasca “stampaí rubair” de do chuid féin a dhéanamh mar seo. Cad é an Ghaeilge ar artsy-craftsy ?

17 Aibreán 2012

iarlais



An sainmhíniú atá in An Foclóir Beag:
  1. páiste a fhágtar nó a thógtar (sna scéalta sí)
  2. breoiteachán
  3. duine nó rud gan mhaith
Nuair nach raibh mé in ann leagan ar bith den fhocal seo a fháil in eDIL, ná iontráil ar bith a bhfuil an focal “changeling” inti, chuir mé an cheist iondúil orm féin: “Cá has don fhocal seo?”

Is cosúil gur leagan malartach é den fhocal “éarlais”, a chiallaíonn (de réir AFB) “suim airgid a chuirtear síos ar rud i ngeall ar é a cheannach amach ina dhiaidh sin”. Más fíor an méid sin, tá stair fhada chasta taobh thiar den changeling seo!

De réir Macbain, is ó “arles / erles” na hAlbainise (.i. Scots) a tháinig “eàrlais” na Gàidhlige. Is cosúil gur tháinig an focal seo ón bhfocal Sean-Fhraincise “erres”, an t-iolra de “erre” (= geall), a tháinig ó “arra” na Laidine, a tháinig ó “αρραβών” na Gréigise, a tháinig ó “ ערבון” na hEabhraise! Tháinig an focal Béarla “earnest (money)” ón bhfoinse chéanna.

Más fíor don cheangal idir “éarlais = earnest money” agus “iarlais = changeling”, an saghas down payment a bhí san iarlais in intinn na ndaoine a chum na síscéalta??

16 Aibreán 2012

an saol á thréigean acu


Cliceáil le méadú.

K = cath


Mar is eol do mhadraí a bhaile, ní bhaintear úsáid as an litir k sa Ghaeilge. Tá gabháltais bheaga ag j, x, y, z in FGB (Ó Dónaill), ach níl k le fáil ann ar chor ar bith. Bíodh sin mar atá, bhí jab ag an litir seo sna lámhscríbhinní. Tá comhfreagairt aon le haon (one to one correspondence) idir an litir k agus an focal “cath” san seanleabhair. Uaireanta faightear an litir léi féin, ach is minic a fhaightear í le ponc ar gach taobh. Seo sampla ó Thionscadal na Nod:


Agus seo sampla eile ón lámhscríbhinn D iv 2, ar leathanach 87 r :

isin cath sin

Is beag focal eile sna LSS a bhfuil siombail dá chuid féin aige. Tá ⁊ nó 7 ann a sheasann do “agus”, agus .i. a sheasann do “eadhon” nó “i.e.”, agus siombail eile a sheasann do “nó”. Cén fáth a bhfuil stádas speisialta ag an ainmfhocal “cath”? Cén fáth ar féidir é a scríobh le haon litir amháin, nuair nach féidir “arán” nó “croí” nó “bás” nó “Dia” a scríobh mar sin?

Is cosúil go bhfuil freagra cultúrtha leis sin. Tá na hannáil agus na ságaí (an Táin agus mar sin de), an Fhiannaíocht agus an Dinnseanchas lomlán le cathanna!

11 Aibreán 2012

anraith neantóg (feoilséantach)



Ag bruith sa phota: neantóga, slis mhaith oinniúin, dornán min coirce, salann, im, agus uisce. Anraith neoiliteach a bheadh ann dá gcuirfí creamh ann i leaba an oinniúin. Agus anraith vegan a bheadh ann dá mbainfí úsáid as ola in áit ime.



An t-anraith tar éis é a chur tríd an gcumascóir: blasta, séasúrach, agus an-sláintiúil!

neantóga


Ceist: Cé hé seo agus cén fáth a bhfuil sé glas?


Ní hansa: Jetsun Milarepa an t-ainm atá air. Yogi agus file Tibéadach a bhí ann. Péinteáiltear é i gcónaí le craiceann glas toisc gur mhair sé beo ar neantóga den chuid is mó, ar nós Choilm Cille, más fíor de na scéalta.



Seo iad na neantóga a bhain mé tráthnóna inné. Anraith neantóg a bheas ar an mbord anocht!

08 Aibreán 2012

נֵר שֶׁל יוֹם טוֹב



Cé nach Giúdach mé, ná Críostaí ná aon rud eile, bím páirteach chuile bhliain i seder tigh mo chairde Jane agus Neal. Bíonn níos mó ná fiche duine ann i gcónaí. Bíonn beagán anoird ann i gcónaí freisin, agus a lán gáire. Bhí Jane ar tí coinnle na féile a lasadh aréir nuair a dúirt sí linn, “Nach ait é seo? Bosca cipíní gan áit ar bith air len iad a lasadh. ..... Ó ..... Is bioranna fiacla iad seo.”

נֵר שֶׁל יוֹם טוֹב = coinneal na féile

05 Aibreán 2012

aothú agus faoiseamh



Thug Seán focal nua dom sna nótaí tráchta ar an mblagmhír seo agus é ag seanchas ar Mhícheál Mac Liammóir agus Hilton Edwards. “Aothú” an focal. Is féidir é a aistriú mar “crisis”, ach is cosúil nach géirchéim a chiallaíonn sé sa chiall ghinearálta, ach pointe casta i bhfiabhras nó i ngalar eile.

Tá suim agam in “aothú” anois toisc go bhfuil sé gar i ngaol le focal eile atá i bhfad níos coitianta, mar atá “faoiseamh”.

Ar dtús, áfach, caithfidh mé focal nó dhó a rá faoin litir f ag tús focal. Ó ré na Sean-Ghaeilge anuas, is nós leis an litir seo teacht agus imeacht ó aois go haois. Mar shampla, dúirt na Sean-Ghaeil “úar”, ach deir muid “fuar”. Deir Gaeil na hAlban “uinneag”, ach deir muid “fuinneog”. Tá neart focal mar seo ann.

Cúpla céad bliain ó shin, ní “aothú” ach “faothughadh” a scríobhtaí, nó “faothugud” nó "fáethugud”, iad uilig ag tosú le f . “Pointe casta i bhfiabhras nó i ngalar” an t-aon chiall amháin a bhí leis.

Bhí dhá fhocal eile ann a bhí ar aon chiall leis in úsáid freisin: “faothamh / fáetham”, nach raibh ann dáiríre ach leagan malartach de “faothughadh”; agus an focal eile a luaigh mé thuas, mar atá “faoiseamh”. Is focal ársa é.

Bhí níos mó ná ciall amháin ag “faoiseamh” le linn a staire. Tháinig sé ar an saol sa tSean-Ghaeilge - nós níos luaithe fós - mar ainm briathartha: fáesam = standing under, supporting, a bhí ceangailte leis an mbriathar fo·sisedar = stands under, acknowledges, avows, supports.

Tar éis tamaill, áfach, bhí stair agus éabhlóid dá chuid féin ag “faoiseamh”. Is ó supporting a tháinig an chiall protection chun cinn, agus ansin immunity from legal process for a period of time a bhí ann mar théarma dlí.

Mínítear an chéad chéim eile mar seo in DIL:

The use [of the word] in connexion with stay of seizure may be the origin of the later sense relief in illness, passing of the crisis.

Agus ó sense relief in illness tháinig ciall níos fairsinge chun cinn: faoiseamh ó phian, faoiseamh ó imní, faoiseamh ó obair. Nó mar a dúirt an file:

“Faoiseamh a gheobhadsa, seal beag gairid, i measc mo dhaoine, ó chrá croí, ó bhuairt aigne, ó uaigneas duairc, ó chaint ghontach...”

Cáis Shona!



Fuair mé teachtaireacht ríomhphoist ar maidin le botún cló ar an líne subject:

Cáis shona...

Bhain sé gáire sláintiúil asam, agus chuir sé botún eile i gcuimhne dom: Oh what a friend we have in cheeses

Ní cáis a bhí sa teachtaireacht, áfach, ach uibheacha, uain, agus coinín:


Is í Theresa Illés, a mhaisigh scéilín na Manach anseo cúpla mí ó shin, a tharraing an cartún seo.

02 Aibreán 2012

quizín


Céard iad seo?


01 Aibreán 2012

Seáinín



Tarraingíonn an múinteoir pictiúr de chúcamar ar an gclár dubh.

“A pháistí, an bhfuil a fhios agaibh céard é seo?”

Ardaíonn Seáinín a lámh. “Is bod é, a mháistreás!”

Deargann an múinteoir go bun na gcluas agus imíonn sí as an seomra.

Nóiméad ina dhiaidh sin tagann an príomhoide isteach.

Tugann sé súil fhiata ar Sheáinín. “Céard a rinne tú anois, a dhailtín? Bhris tú fuinneog inné, agus inniu ...” breathnaíonn sé thart, “... agus inniu tá tú tar éis bod a tharraingt ar an gclár dubh?”