20 Lúnasa 2018

Conas Lámhscríbhinn a Léamh



Seo an leathanach deireanach den scéal "Oidhe Chloinne Tuireann", sa Lámhscríbhinn 72.2.6 de chuid Leabharlann Náisiúinta na hAlba. Agus seo dhá shampla as.



agus



Rinne an scríobhaí dearmad pinn leis an dá 'i' anseo.

05 Lúnasa 2018

category mistake


Ciallaíonn focail, comharthaí, agus siombailí rudaí. Ní chiallaíonn aon rud eile, beo nó neamhbheo, aon rud.  Is ann do chlocha, crainn, aibhneacha, an ghrian, na réaltaí agus tú féin. Ní focail, comharthaí ná siombailí iad. Earráid chatagóire is ea "meaning" a cheangal le  rud ar bith nach focal, comhartha nó siombail é.  

Céard a chiallaíonn “grian”? Ní hansa.  Seasann an focal sin don chorpán spéire a thugann teas agus solas sa lá dúinn. 

Céard a chiallaíonn an deatach sin? Tá an tósta ag dó! 

Céard a chiallaíonn mo bheatha? Uh. Bhuail mo thuistí craiceann. Ithim. Ólaim. Etc.

Níl ach freagra ciallmhar amháin ann ar an gceist “What is the meaning of life.”




scéal grinn


Tá Barack Obama, Hillary Clinton, agus Trump ina seasamh roimh Dhia ar neamh. Breathnaíonn Dia orthu agus deir sé, “Roimh áit a thabhairt daoibh in aice liom, caithfidh mé fiafraí díobh céard a chreideann sibh.”

Tosaíonn Dia le Obama. “Céard a chreideann tú?”

Déanann Obama a mhachnamh agus deir sé, “Creidim in obair chrua, i ndílseacht do ghaolta agus do chairde. Bhí an t-ádh liom. Rinne mé mo dhícheall an rud ceart a dhéanamh do mo thír i gcónaí.”

Is léir do Dhia maitheas an fhir seo agus tugann sé suíochán do Obama ar a chlé. Ansin cuireann sé an cheist chéanna ar Hillary.

“Creidim i ndíogras, i ndisciplín, i misneach. Cosúil le Obama, creidim in obair chrua. Bhí an t-ádh liom freisin. D’fhéach mé riamh le bheith i mo thírghráthóir agus im Mheiriceánach dílis.”

Téann focail Hillary i bhfeidhm ar Dhia agus tugann sé suíochán di ar a dheis.

Faoi dheireadh, breathnaíonn Dia ar Trump. “Agus, tusa, a Dhónaill, céard a chreideann tusa?”

“Creidim go bhfuil tú i mo shuíochán,” a deir Trump.