07 Márta 2016

sáile agus fual



Seo aiste gairid as an LS 72.1.2 (f.116r) i Leabharlann Náisiúnta na hAlba. Míníonn sé an fáth a bhfuil uisce na farraige goirt agus fual an duine searbh de réir thuiscint na 16ú haoise.  

An Tras-scríobh

Ase ni o tic sailltecht uisgi na fairrgi .i. ona harrsaigecht fein 7 o shirbualadh na dtonn fo na cl[a]chaibh 7 o sirsiubal na greine riamh os a cind 7 o innarbhadh na codach is millse da huisge aisti do theasbach na greine oir tairrigid teas na greinne in rann is seimhe 7 is millse d'uisge na fairrgi s[o?] anell[_?] anair 7 is de sin do nithear an drucht 7 an fertain 7 an sneachta 7 in cloichsnechta 7 fagur tshis in rann is truime 7 is talmhe 7 is seirbe.  7 is o[n] nadur céadna bis fual in duine searbh oir in toibecht do ni an grian os cind na fairrgi is e sin doni linn ruadh os cind an fhuail ag sithlodh 7 ag tairraing na rann seimh uada agus araile.

An t-Athscríobh i Nua-Ghaeilge
(a bheag nó a mhór)

Is é ní óna dtagann saillteacht uisce na farraige .i. óna hársaíocht féin agus ó shíorbhualadh na dtonnta faoi na clocha agus ó shíorshiúl na gréine riamh os a cionn agus ó ionnarbadh na coda is milse dá huisce aisti de theaspach na gréine óir tarraingíonn teas na gréine in roinn is séimhe agus is milse d'uisce na farraige seo (ar shiúl?) agus is de sin a dhéantar an drúcht agus an fhearthainn agus an sneachta agus an chloch sneachta agus fágtar thíos an roinn is troime agus is talmhaí agus is seirbhe.  Agus is ón nádúr céanna a bhíonn fual an duine searbh óir an tobhach a dhéanann an ghrian os cionn na farraige is é sin a dhéanann lionn rua os cionn an fhuail ag síothlú agus ag tarraing na rann séimh uaithi srl.

Tá mé faoi chomaoin ag Sharon Arbuthnot as an ngiorrachán thíos a scaoileadh dom: .l.r. = lionn rua .i. choler.