30 Meán Fómhair 2011

ealaín neamhcheadaithe


le John Sarkis
Cliceáil...

Nocht an ghnúis seo ar cholún faoi mhótarbhealach i Seattle seachtain nó dhó ó shin. Chuaigh mé ar ais le mo cheamara inné leis an bpictiúr seo a ghlacadh. Is minic a bhíonn graifítí garbh le feiceáil ar choincréit lom mar seo, ach ní fhaca mé píosa chomh suimiúil leis seo riamh. Tá sé in éadan an dlí, dála an scéil, péint a chur ar choincréit de chuid WSDOT (Washington State Department of Transportation). D'fhág mo dhuine a ainm air, mar sin féin, agus bhí mé in ann an méid seo eolais a fháil ar an idirlíon faoi. Tá áthas orm go bhfuil sé ann anois. Ní bheidh sé ann go ceann i bhfad. Bíonn lucht WSDOT an-ghnóthach lena gcuid scuaba agus lena bpéint liath.

Níl teideal air, ar ndóigh. Cú Chulainn agus a riastradh uime?

Séard atá le feiceáil sa chúlra ná stumpa mótarbhealaigh ar éiríodh as a thógáil daichead bliain ó shin. Baintear úsáid as (go mídhleathach) sa samhradh mar chlár tumtha:




Is in aghaidh na gcos a théann siad ann de ghnáth.

28 Meán Fómhair 2011

“On the Origin of Tepees”



Seo leabhar a cheannaigh mé mar eagrán Kindle do m'iPad cúpla lá ó shin. Níl ach trian de léite agam fós, ach sílim gur féidir liom é a mholadh daoibh mar sin féin. Nó dóibh siúd, ar aon nós, a bhfuil suim acu sna trí chomhábhar den leabhar a tharraing m'aird air i dtosach agus a thaitníonn go mór liomsa anois:

1.
méimeanna: a saol agus a n-éabhlóid

2.
turais bhóthair in Iarthar ollmhór Mheiriceá

3.
típíonna

1. Tá mé i mo chreidmheach ó léigh mé The Meme Machine le Susan Blackmore sa bhliain 1999.

2. Bhí an-dúil agam riamh sa bhóthar oscailte agus i dturais a thosaíonn i stát amháin agus a chríochnaíonn i stát eile i gceann cúpla lá eile. Thosaigh an Sasanach Jonnie Hughes agus a dheartháir Ads (Adam) i Minnesota ag tús an leabhair agus tá siad i Montana anois (.i. mar a bhfuil mé anois sa leabhar), tar éis dóibh na Great Plains a thrasnú. Sin turas nach ndearna mé riamh, mar sin tá an-suim agam sna rudaí is sna daoine a chonnaic siad.

3. Maidir le típíonna, bhí mé craiceailte ina ndiaidh ó léigh mé The Indian Tipi: Its History, Construction, and Use daichead bliain ó shin. Ar an drochuair dom, ní mhaireann an canbhás i bhfad in aimsir thais Sheattle, mar sin ní raibh ceann agam riamh. Ach téim isteach i dtípí ar bith atá ar fáil agus mé ag taisteal ar an taobh eile de na sléibhte Cascade (an taobh tirim). Is iontach an spás é!

Mar fhocal scor, tá On the Origin of Tepees greannmhar chomh maith le dea-scríofa agus meabhrach.

Go maire siad a ngairdín nua!



Tá gairdín na ngoraillí i nGairdín na nAinmhithe i mBaile Átha Cliath ar oscailt! Chuir an scéal seo an-áthas orm nuair a léigh mé ar maidin é, agus tá aoibh orm fós ag breathnú ar an bpictiúr seo.

25 Meán Fómhair 2011

dearnadóireacht


Is oth liom nach bhfuil an grianghraf seo níos fearr.

Tá “droim” nó stemline ag teastáil le hogham a scríobh. Tá na línte is giorra dúinn i ndearna ár lámh. Scríobh mé ainmneacha na línte seo i Sean-Ghaeilge, nach bhfuil an-difriúil le teanga an lae inniu sa chás seo.

Ceist: an scríobhann tusa nótaí duit féin ar do lámh?

24 Meán Fómhair 2011

Rick Perry agus Fír Flathemon


Ba mhaith le Rick Perry seasamh sa chéad toghchán uachtaránachta eile i SAM.

Is Gobharnóir Thexas anois é Rick Perry.

Tá meig-thriomach ar siúl i dTexas le bliain anuas agus meastar go mairfidh sé go ceann bliana eile ar a laghad. Beidh iarmhairtí an triomaigh seo le brath ar fud an domhain go luath, go háirithe i bpraghas an chadáis.


Chreid ár sinsir, na Sean-Ghaeil, i rud ar a dtugtar fír flathemon, nó fíor flatha i nGaeilge an lae inniu. Dlí nádúrtha a bhí ann, dar leo, agus an-simplí. Más duine cóir é an rialtóir, beidh an aimsir cineálta agus beidh bláth ar an tír. Más duine éagórach atá i gceannas ar an tír, áfach, beidh an aimsir bunoscionn agus an tír neamhthorthúil dá dheasca sin.

Sliocht as Audacht Morainn,
Leabhar Laighneach, lch. 293

Is tré ḟír flatha sína cach thrēimse doceṅgat ré .i. Gaim cain cuisnech. Errach gaethach tirim. Sam taurḟrossach. Fogomur tromdruchtach toirthech.

Is trí fhíor flatha a théann an aimsir ar aghaidh ó tréimhse go tréimhse: geimhreadh caoin cuisneach, earrach gaofar tirim, samhradh tirim le ceatha, fómhar drúchtmhar torthúil.

Dá mbeadh na Sean-Ghaeil ina gcónaí i dTexas anois, is dócha nach mbeadh meas ró-mhór acu ar Rick Perry.

21 Meán Fómhair 2011

Ogham sa saol



Fuair mé an grianghraf seo ar an idirlíon. Níl a fhios agam cé leis an colpa. Ach is maith liom an dearadh. Tá sé mór go leor le haghaidh an spáis, simplí agus glan. Is dána an dearadh é, beagnach barbartha, ach is colpa fir é.

Níl ach ceist amháin agam le cur ar mo dhuine. Céard is brí le DOSE? Cén fáth ar thogh tú an focal sin?

Google+



Is cosúil go bhfuil Google+, an gréasán soisialta nua, ar oscailt anois don saol mór agus a mháthair. Ní dhearna mé ach cliceáil ar an saighead seo ar mo scáileán agus tugadh cuireadh dom. Níor ghlac mé leis.

Tá a fhios agam go bhfuil duine nó dhó agaibh in bhur mball le mí nó dhó. Cén cruth atá ar saol na Gaeilge ar Google+ anois díreach?

19 Meán Fómhair 2011

Ogham: tástáil


Cliceáil le méadú!

Seo agaibh íomhá (jpg) den téacs is faide dár scríobhadh riamh san oghamchraobh (go bhfios domsa, ar aon nós). Séard atá ann ná aistriúchán de Scéilín na Manach (céard eile?) go Gaeilge Ársa. David Stifter, Ollamh le Sean-Ghaeilge ag Ollscoil na hÉireann Má Nuad, a rinne an t-aistriúchán.

Seo é an t-aistriúchán i litreacha Rómhánacha:

Tut raddassodd trīs dītrebākī dīslondetun do bitū.
Tēgoddit in wāssākan do atareregiyī esyan kenutan writ dēwan.
Bāddar kina labarātun writ alaliyan qos qennan blēdaniyās.
Issit andan esset bīrt wiras dī ēbis writ alaliyan diyas blēdniyas: “mati ad tāyomas.”
Bowet samali qos qennan blēdaniyās.
“Issit mati sodesin,” esset bīrt aliyas uiras.
Bāddar andan ēran sodesū qos qennan blēdaniyās.
“Tongū wo mō brattan,” esset bīrt trissas uiras, “ma nīt lēggītar kiyunessus do mū, imbit gabiyū wāssākan oliyan dū swi.”

Agus seo é an t-aistriúchán céanna san oghamchraobh, ní mar íomhá, ach mar charachtair. Abair liom, le do thoil, más féidir leat é seo a léamh:

᚛ᚈᚒᚈ ᚏᚐᚇᚇᚐᚄᚄᚑᚇᚇ ᚈᚏᚔᚄ ᚇᚔᚈᚏᚓᚁᚐᚉᚔ ᚇᚔᚄᚂᚑᚅᚇᚓᚈᚒᚅ ᚇᚑ ᚁᚔᚈᚒ
᚛ᚈᚓᚌᚑᚇᚇᚔᚈ ᚔᚅ ᚃᚐᚄᚄᚐᚉᚐᚅ ᚇᚑ ᚐᚈᚐᚏᚓᚏᚓᚌᚔᚔ ᚓᚄᚔᚐᚅ ᚉᚓᚅᚒᚈᚐᚅ ᚃᚏᚔᚉ ᚇᚓᚃᚐᚅ
᚛ᚁᚐᚇᚇᚐᚏ ᚉᚔᚅᚐ ᚂᚐᚁᚏᚐᚈᚒᚅ ᚃᚏᚔᚈ ᚐᚂᚐᚂᚔᚐᚅ ᚊᚑᚄ ᚊᚓᚅᚅᚐᚅ ᚁᚂᚓᚇᚐᚅᚔᚐᚄ
᚛ᚔᚄᚄᚔᚈ ᚐᚅᚇᚐᚅ ᚓᚄᚄᚓᚈ ᚁᚔᚏᚈ ᚃᚔᚏᚐᚄ ᚇᚔ ᚓᚁᚔᚄ ᚃᚏᚔᚈ ᚐᚂᚐᚂᚔᚐᚅ ᚇᚔᚐᚄ ᚁᚂᚓᚇᚅᚔᚐᚄ ᚋᚐᚈᚔ ᚐᚇ ᚈᚐᚑᚋᚐᚄ
᚛ᚁᚑᚃᚓᚈ ᚄᚐᚋᚐᚂᚔ ᚊᚑᚄ ᚊᚓᚅᚅᚐᚅ ᚁᚂᚓᚇᚐᚅᚔᚐᚄ
᚛ᚔᚄᚄᚔᚈ ᚋᚐᚈᚔ ᚄᚑᚇᚓᚄᚔᚅ ᚓᚄᚄᚓᚈ ᚁᚔᚏᚈ ᚐᚂᚔᚐᚄ ᚃᚔᚏᚐᚄ
᚛ᚁᚐᚇᚇᚐᚏ ᚐᚅᚇᚐᚅ ᚓᚏᚐᚅ ᚄᚑᚇᚓᚄᚒ ᚊᚑᚄ ᚊᚓᚅᚅᚐᚅ ᚁᚂᚓᚇᚐᚅᚔᚐᚄ
᚛ᚈᚑᚅᚌᚒ ᚃᚑ ᚋᚑ ᚁᚏᚐᚈᚈᚐᚅ ᚓᚄᚄᚓᚏᚈ ᚁᚔᚏᚈ ᚈᚏᚔᚄᚄᚐᚄ ᚃᚔᚏᚐᚄ ᚋᚐ ᚅᚔᚈ ᚂᚓᚌᚌᚔᚈᚐᚏ ᚉᚔᚒᚅᚓᚄᚄᚒᚄ ᚇᚑ ᚋᚒ ᚔᚋᚁᚔᚈ ᚌᚐᚁᚔᚒ ᚃᚐᚄᚄᚐᚉᚐᚅ ᚑᚂᚔᚐᚅ ᚇᚒ ᚄᚃᚔ

Go raibh maith agat as do chúnamh!

18 Meán Fómhair 2011

ogham ar shráideanna Seattle




Baineadh geit asam cúpla lá ó shin nuair a chonaic mé veain oráiste ag dul tharam agus litreacha móra san ogham-chraobh scríofa uirthi. Bhí mé ag siúl, mar is iondúil, agus chuaigh an veain as radharc go sciobtha. Ach shíl mé go bhfaca mé na focail Lockhart Silver scríofa uirthi freisin. Ní raibh sé agam go baileach, ach bhí mé in ann iad a aimsiú ar an idirlíon mar sin féin.

Comhlacht tógála is ea iad, saghas high end (.i. costasach) de réir dealraimh. Ainm an chomhlachta atá scríofa acu in ogham. Agus rinne siad i gceart é, bail ó Dhia orthu.

Ag teacht go luath anseo: an téacs is faide dár scríobhadh riamh san ogham-chraobh! Seo réamhbhlas de:


17 Meán Fómhair 2011

scrúdú Béarla



Cé chomh caolchúiseach agus atá do thuiscint ar an mBéarla? Seo scrúdú beag. An cheist: cén rud atá neamhiondúil san aistriúchán seo thíos? Ní focal amháin atá i gceist, ná cor cainte amháin. Tá rud éigin córasach san aistriúchán seo a dhealaíonn sé ó ghnáth-Bhéarla na linne seo. Cad é?

Three holy men turned their back on the world.
They went into the wilderness to atone for their sins before God.
They did not speak to one another for a year.
At the end of the year, one of them spoke up and said, “We’re doing well.”
Another year went by the same way.
“Yes we are,” said the next man.
And so another year went by.
“I swear by my smock,” said the third man, “if you two won’t be still I’m going to leave you here in the wilderness!

An Freagra:

Tagann na focail uilig san aistriúchán seo ó dhúchas Gearmánach an Bhéarla.

16 Meán Fómhair 2011

Agus chuir sí cloch mhór ina bhéal.



Fuarthas an chreatlach seo i gKilteasheen ¹ in aice le Loch Cé. Adhlacadh an fear seo am éigin san ochtú haois. An rud a chuir ionadh ar na seandálaithe a fuair é ná an chloch mhór a bhí dingthe ina bhéal. Fuair siad corp eile le cloch ina bhéal in aice leis an gceann seo. Adhlacadh thart faoin am céanna iad. Fuair mé an grianghraf thuas anseo.

Chuir mé nasc leis an alt chuig na daoine ar Old-Irish-L ar maidin. Scríobh Neil MacLeod ar ais láithreach leis an bpíosa seanchais seo as Cáin Adomnáin.

Naomh a bhí in Adhamhnán, agus mac gor ². Ach ní raibh a mháthair sásta leis ar chor ar bith. Bhí mná na hÉireann cosúil le sclábhaithe ag an am sin, agus shíl máthair Adhamhnáin gur raibh sé mar dhualgas ar a mac naofa iad a shaoradh. Ach ní raibh seisean cinnte faoi sin.

fogeib cloich

“Maithi tra, a Adomnáin,” or sí. “Hifechta is duit-siu doratath mná íarthair domuin do hsóerath. Ní raga deog ná bíad it béolu-su co rohsóertar mná duit.”
“Ní rubai in béo cen bíath,” ar Adomnán. “Día n-acet mo súili-siu, rigfet mo lámu ar a cent.”
“Sech ní aicfet do súili-siu ní roisit do láma.”

“Tá go maith, a Adhamhnáin,” ar sise. “Tugadh duit anois mná iarthar an domhain a shaoradh. Ní rachaidh deoch ná bia i do bhéal-sa go dtí go saorfar na mná leat.”
“Ní raibh éinne beo gan bhia,” arsa Adhamhnán. “Má fheiceann mo shúile é, sínfidh mo lámha ina threo.”
“Ach ní fheicfidh do shúile agus ní shínfidh do lámha.”

Ocus fogeib cloich diarba lán a ddorn frisa mbenta tene. Focherd il-leithóil a meic, conid furri búi sásad dó etir bíad 7 digh.

Agus thóg sí cloch thine a bhí chomh mór lena dorn. Chuir sí i bpluc a mic í, le go mbeadh an chloch sin aige mar bhia agus deoch.

Chuir sí slabhraí air ansin agus chuir sí faoi uisce Loch Súilí é, an créatúr! Tháinig sí ar ais i gceann ocht mí, agus dúirt:

“Mo maccán-sa suut,” ar sí-si, “amail bís ubull for tuind. Becc a greim hi talmain, nitá itge i nim, sech rolosc sál, rocacsat fóilinn na farce 'na chenn. Atchíu ní sóertha mná béos de.”

“Mo mhacán-sa siúd,” ar sise, “cosúil le húll ar thonnta. Is beag a ghreim ar an talamh, níl paidir aige ar neamh, mar loisc an tsáile é agus chac faoileáin na farraige ar a cheann. Feicim nach bhfuil na mná saortha aige fós.”

Bhuel, ní raibh a chuid trioblóidí ach ag tosú! Ach bhí an bua ag a mháthair faoi dheireadh thiar thall, agus shaor sé mná na hÉireann.

1 Tá ainm Gaeilge na háite seo “le deimhniú” dar le logainm.ie.

2 gor = (lit.) filial; pious, dutiful (FGB); mac gor = mac a chothaíonn a thuismitheoirí ina seanaois

12 Meán Fómhair 2011

gealach na gcoinleach & feis na gealaí


an ghealach lán sa Phacific Northwest

Anocht oíche ghealach an fhómhair. Níl sé ach a seacht a chlog anseo i Seattle anois, mar sin ní fhaca mé fós í. Fuair mé teachtaireacht ríomhphoist ó mo chara Audrey ag meabhrú dom go mbeadh an ghealach go hálainn anocht.

Dúirt sí gur thug sí cáca gealaí dá tuismitheoirí inné, mar iníon mhaith Shíneach. Agus go raibh sé chomh trom le cloch: lán de shiúcra, lotus seed paste agus calraí. Ach ní raibh buíocán ó ubh shaillte lachan sa cháca a cheannaigh sise, mar atá sa cheann seo thíos. Siombail na gealaí lán atá sa bhuíocán.


cáca gealaí ~ 月餅

Is cuimhin liom na cácaí seo (gan an bhuíocáin) ó laethanta m'óige, nuair a fuair muid iad ón Eastern Bakery i San Francisco. Bhí an-dúil agam iontu ag an am sin. Ach bhí an-dúil agam i gcíste torthaí ag am sin freisin! Trom agus milis, yum?

10 Meán Fómhair 2011

teirmiméadar féilíneach


Is teirmiméadar é Michael.


Tá riail ordóige againn sa teach seo. Nó riail chait. Dá theo é an lá is ea is faide é an cat. 80°F / 27° C a bhí sé sa seomra nuair a thóg mé an grianghraf seo tráthnóna inniu.

09 Meán Fómhair 2011

“uch a thaig”


Seo nóta imill eile as an lámhscríbhinn Dii 1 (Acadamh Ríoga na hÉireann). Tá súil agam go mbeidh duine éigin in ann dhá fhocal sa nóta seo a scríobhadh le noda a aithint. Tá mé á chur seo faoi bhráid bhallra Old-Irish-L freisin.

NB: A bhuí le Neil McLeod, atá ina bhall den liosta Old-Irish-L, tá tuiscint níos fearr agam ar an téacs seo. Mhínigh sé nach é an spiritus asper (ponc, i bhfocail eile) atá os cionn na litreach ‘t’ ach ‘u’ beag. Nuair atá guta ina sheasamh os cionn consain, is féidir an litir sin a léamh mar ‘r-guta’ nó mar ‘guta-r’. Sa chás séard atá againn ná “truaigh”.

Tá an riail seo fíor i gcás na litreach ‘c’ a bhfuil an guta ‘e’ scríofa os a cionn. Ba cheart é a léamh mar “na cré”.


uċ atruaig aḟetal maiṫ nadein uaill

uch a truaigh a fhetal maith nā dein uaill


atainic romad at-id nacre

atāinic romhad atáid na cré


7 beirsi fein atruaiġ

agus beir sī fēin a truaigh

Is dócha gurb ionann “a fhetal” agus “a eudail = a thaisce, my darling” i nGaeilge na hAlban. Nod libh go bhfuil an focal “éadáil = brabach, creach, saibhreas” againn fós i nGaeilge na hÉireann.

Is féidir “na cré” a thuiscint mar “ina gcré”. Maidir le “beir sí” nó “bheir sí”, feictear dom gurb í an chré atá i gceist.

07 Meán Fómhair 2011

ionbhá agus úrscéalta



Ní raibh a fhios agam go dtí gur thosaigh mé an bhlagmhír seo cén Ghaeilge a bheadh ar “empathy”. “Iompaite”, nó rud éigin mar sin i nGaeilge Laidineach a shíl mé. Caithfidh mé a rá gur maith liom an focal a fuair mé ó focal.ie. Ionbhá. Tá sé gairid, Gaelach, agus sothuigthe.

Pé scéal é, ba mhaith liom bhur n-aird a dhíriú ar alt a léigh mé ar an Guardian ar maidin: Reading Fiction ‘Improves Empathy’, Study Finds.

I dturgnamh amháin sa bhliain 2008, tugadh an gearrscéal The Lady with the Little Dog le Chekhov, nó leagan de athscríofa mar alt faisnéise, le léamh do 166 dhaoine. Rinneadh measúnú ar thréithe pearsantachta na ndaoine seo roimh na léitheoireachta agus ina diaidh. Bhí athrú níos mó i bpearsantacht na ndaoine a léigh an gearrscéal féin ná an leagan athscríofa. Bhí níos mó comhbhá acu leis na carachtair sa scéal agus mhothaigh siad go raibh siad níos cosúla leo. I bhfocail eile, nuair léann daoine ficsean, méadaítear ar a dtuiscint ar dhaoine eile, tréith atá an-tábhachtach sa saol ina bhfuilimid beo.

06 Meán Fómhair 2011

Gearmáinis Phennsylvania


Feirmeoir Amanach

Tar éis do William Penn an choilíneacht nua darbh ainm Pennsylvania a bhunú sa seachtú haois déag, an dá phobal is mó a chuir futhú inti ná Gearmánaigh agus Albanaigh Ultacha (nó Scotch Irish, mar a thugtar orainn i Meiriceá). Choinnigh na hAlbanaigh Ultacha, a raibh cáil na fánaíochta agus na teasaíochta orthu, choinnigh siad orthu ag aistriú ó áit go háit, siar agus ó dheas i gcónaí. Mhair na Gearmánaigh go síochánta mar a raibh siad i bPennsylvania. Agus lean siad orthu ag labhairt a gcuid Gearmáinise féin (Pfälzisch, le bheith cruinn).

Dála a lán mionteangacha eile, tá Gearmáinis Phennsylvania ag fáil bháis anois, cé go bhfuil sí á labhairt fós in áiteanna, go háirithe i measc na nAmanach (Amish) a bhfuil cumann dúnta dá gcuid féin acu.

Tá suim ar leith ag na Manaigh i mionteangacha, áfach, agus tá a scéal féin le fáil i bPennsilfaanisch Deitsch anois, a bhuí le Michael Werner , Gearmánach a thit i ngrá leis an teanga seo.


Michael Werner

Drei Parre sinn in der Busch gange fer iwwer Gott un die Welt denke un fer all ihr Sinde biesse.
Fer en ganz Yaahr henn sie kenn Watt net gschwetzt zu enanner.
All uff emol hot der erscht Parre zum zwett Parre gsaat: “Mir duhn en guuder Tschabb, gell?”
En Yaahr naach sellem hot der zwett Parre geantwatt: “Ferschur! Du bischt recht!”
Noch en Yaahr hot’s gnumme, do hot der dritt Parre gsaat:
“Buwe, wann dihr net schtill seid, loss ich eich leenich do hocke!”


04 Meán Fómhair 2011

Inniu an chéad lá den saol atá romhat.





Is indiu cétlá int ṡaeguil fil remut.

Inniu an chéad lá den saol atá romhat.

An cuimhin libh an “nath inspioráideach” seo a bhí ar fud na háite tríocha bliain nó níos mó ó shin? This is ... of the rest of your life? Deir Wiki gurbh é Chuck Dederich a chum é nuair a bhí Synanon, an clár athshlánúcháin ó dhrugaí a bhunaigh sé i nDeisceart Chalifornia, i mbarr a réime agus i mbéal an phobail thiar sna seascaidí.

Thiontaigh Synanon ina chultus cuasai-reiligiúnach de réir a chéile agus faoi mheán na seachtóidí cuireadh an dlí air as drochíde na mball agus as coireanna eile (iarracht ar dhúnmharú ina measc). Thit Synanon as a chéile, ach mhair an nath. Seo agaibh m'iarracht ar Shean-Ghaeilge a chur air.

clocháin choirceogacha...


... in Éirinn (Sceilg Mhichíl)


... agus cén áit eile?

(Meas tú an raibh Céilí Dé ina gcónaí iontu seo freisin?)

03 Meán Fómhair 2011

Dlíonn údarás amhras.



Dligid augtartás amaires.

02 Meán Fómhair 2011

na manaigh san fhásach


Bliain a hAon

Bliain a Dó

Bliain a Trí

- Maith at·taam.

- Is maith atáimid.


- Is maith ón.

- Is maith é.


- Toingim fom aibit, mani·léicthe ciúnas dom co n-imgéb in fásach uile dúib.

- Mionnaím ar m'aibíd, mura ligeann sibh ciúnas dom fágfaidh mé an fásach uile daoibh!

lomán & toireasc


Bean, ní fear, an sábhadóir anseo.

“Fear ag gearradh lomáin. Toireasc maol.”

Tosaíonn parabal ó Aonghus leis na focail seo. Thug mé suntas do dhá fhocal anseo ar an toirt tóisc gur thug Cormac mac Cuileannáin suntas dóibh 1,100 bliain ó shin ina fhoclóir sanasaíochta.

819. Loman .i. lom-fhand, sech is lom is fand. [fand = fann]

1244. Turesc .i. tar-escc .i. tairis tescas cach ní; nó díriuch tescas. [thairis a theascann gach ní]

01 Meán Fómhair 2011

údarás


Cliceáil le méadú.


As·bert int ap co·ndechad for cel.

Dúirt an t-ab go ndeachaigh tú ar ceal (.i. go bhfuair tú bás).


Am béo-sa calléic, amal ad·cíd.

Tá mé beo mar sin féin, mar a fheiceann sibh.


Acht is indraiciu int ap oldaí-siu.

Ach tá an t-ab níos iontaofa ná thusa.