07 Meán Fómhair 2011

ionbhá agus úrscéalta



Ní raibh a fhios agam go dtí gur thosaigh mé an bhlagmhír seo cén Ghaeilge a bheadh ar “empathy”. “Iompaite”, nó rud éigin mar sin i nGaeilge Laidineach a shíl mé. Caithfidh mé a rá gur maith liom an focal a fuair mé ó focal.ie. Ionbhá. Tá sé gairid, Gaelach, agus sothuigthe.

Pé scéal é, ba mhaith liom bhur n-aird a dhíriú ar alt a léigh mé ar an Guardian ar maidin: Reading Fiction ‘Improves Empathy’, Study Finds.

I dturgnamh amháin sa bhliain 2008, tugadh an gearrscéal The Lady with the Little Dog le Chekhov, nó leagan de athscríofa mar alt faisnéise, le léamh do 166 dhaoine. Rinneadh measúnú ar thréithe pearsantachta na ndaoine seo roimh na léitheoireachta agus ina diaidh. Bhí athrú níos mó i bpearsantacht na ndaoine a léigh an gearrscéal féin ná an leagan athscríofa. Bhí níos mó comhbhá acu leis na carachtair sa scéal agus mhothaigh siad go raibh siad níos cosúla leo. I bhfocail eile, nuair léann daoine ficsean, méadaítear ar a dtuiscint ar dhaoine eile, tréith atá an-tábhachtach sa saol ina bhfuilimid beo.

3 comments:

  1. Is maith liom sin. Ficsean is mó a léim!

    ReplyDelete
  2. Chonaic mé mír ar Newsnight an lá cheana faoin mbealach inar chabhraigh The Cosby Show go mór leis an gcine gorm sna SAM sna 80aidí. Gur glacadh leo dá bharr. Toisc go raibh 'gnáth-theaghlach gorm' le feiscint go rialta ar an teilifís. Is dócha gur cineál iompaite trí mheán na ficsine a bhí i gceist ansin chomh maith.

    ReplyDelete
  3. Suimiúil, agus cé go dtuigim an 'need for social connection' agus an 'improves understanding of others', an dteastaíonn uainn go mbeadh daoine ag dul thart ag ceapadh gur 'vampires' iad féin, fiú mura mbeadh i gceist leis an ionbhá sin ach, b'fhéidir, seal beag ama!

    ReplyDelete