21 Meán Fómhair 2011

Ogham sa saol



Fuair mé an grianghraf seo ar an idirlíon. Níl a fhios agam cé leis an colpa. Ach is maith liom an dearadh. Tá sé mór go leor le haghaidh an spáis, simplí agus glan. Is dána an dearadh é, beagnach barbartha, ach is colpa fir é.

Níl ach ceist amháin agam le cur ar mo dhuine. Céard is brí le DOSE? Cén fáth ar thogh tú an focal sin?

2 comments:

  1. B’fhéidir go gcaithfidh tú é a léamh bun os cionn, gur é ECOL atá ann, agus go bhfuil OGY ar a chos eile?

    ReplyDelete
  2. Maith an smaoineamh! Is trua nach féidir liom an cheist a chur air.

    ReplyDelete