Is oth liom nach bhfuil an grianghraf seo níos fearr.
Tá “droim” nó stemline ag teastáil le hogham a scríobh. Tá na línte is giorra dúinn i ndearna ár lámh. Scríobh mé ainmneacha na línte seo i Sean-Ghaeilge, nach bhfuil an-difriúil le teanga an lae inniu sa chás seo.
Ceist: an scríobhann tusa nótaí duit féin ar do lámh?
Ní bhíonn gá sa Ghearmáin le dearna mar dhromchla scríbhneoireachta, bíonn "Zettel", nó duillín, againn.
ReplyDeleteMar pháiste dhéanainn é agus sa lá inniu déanaim é ar uairibh fós nuair a bhíonn práinn mhór leis gan dearmad a dhéanamh ar rud (bronntanas lá breithe na mná chéile, mar shampla).
Scríobhaim, ó am go chéile, mura bhfuil píosa páipéir ar fáil, ach ní minic a tharlaíonn sé sin.
ReplyDeleteBreacaim síos nótaí ar mo dhearna - teidil go háirithe - agus uimhreacha, ach ansin ní féidir liom mo lámha a ní go dtí go mbeidh an fhaisnéis curtha ar pháipéar agam. Chaill mé faisnéis níos mó ná uair amháin mar sin!
ReplyDeleteNí dheinimse. Tionchar na Prúise, seans?
ReplyDeleteCúúúl. Cheapas gur tatú a bhí ann ar dtús :)
ReplyDeleteUaireanta nuair a théim ag rith scríobhaim liosta de mhion-sainchomharthaí an chúrsa ar mo lámh ionas go mbeidh mé ábalta na mílte a chomhaireamh síos agus an clog a sheiceáil. 'An teach leis na fuinneoga móra', 'an geata dearg'... agus mar sin de. Breathnaíonn sé cineáilín seafóideach ar rití fada.
Cheapas gur tatú a bhí ann ar dtús :)
ReplyDeleteSin smaoineamh!
:-)