25 Meán Fómhair 2011

dearnadóireacht


Is oth liom nach bhfuil an grianghraf seo níos fearr.

Tá “droim” nó stemline ag teastáil le hogham a scríobh. Tá na línte is giorra dúinn i ndearna ár lámh. Scríobh mé ainmneacha na línte seo i Sean-Ghaeilge, nach bhfuil an-difriúil le teanga an lae inniu sa chás seo.

Ceist: an scríobhann tusa nótaí duit féin ar do lámh?

6 comments:

  1. Ní bhíonn gá sa Ghearmáin le dearna mar dhromchla scríbhneoireachta, bíonn "Zettel", nó duillín, againn.

    Mar pháiste dhéanainn é agus sa lá inniu déanaim é ar uairibh fós nuair a bhíonn práinn mhór leis gan dearmad a dhéanamh ar rud (bronntanas lá breithe na mná chéile, mar shampla).

    ReplyDelete
  2. Scríobhaim, ó am go chéile, mura bhfuil píosa páipéir ar fáil, ach ní minic a tharlaíonn sé sin.

    ReplyDelete
  3. Breacaim síos nótaí ar mo dhearna - teidil go háirithe - agus uimhreacha, ach ansin ní féidir liom mo lámha a ní go dtí go mbeidh an fhaisnéis curtha ar pháipéar agam. Chaill mé faisnéis níos mó ná uair amháin mar sin!

    ReplyDelete
  4. Ní dheinimse. Tionchar na Prúise, seans?

    ReplyDelete
  5. Cúúúl. Cheapas gur tatú a bhí ann ar dtús :)

    Uaireanta nuair a théim ag rith scríobhaim liosta de mhion-sainchomharthaí an chúrsa ar mo lámh ionas go mbeidh mé ábalta na mílte a chomhaireamh síos agus an clog a sheiceáil. 'An teach leis na fuinneoga móra', 'an geata dearg'... agus mar sin de. Breathnaíonn sé cineáilín seafóideach ar rití fada.

    ReplyDelete
  6. Cheapas gur tatú a bhí ann ar dtús :)

    Sin smaoineamh!

    :-)

    ReplyDelete