30 Meán Fómhair 2009

29 Meán Fómhair 2009

scríobhaí tuirseach



Finit. Isam scithach.

“Críoch. Tá mé tuirseach.” Is iad seo na focail dheireanacha ón scríobhaí tar éis dó a théacs (LS D iv 2 de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann) a chríochnú. Tuigim dó, ach tá díomá orm nach bhfuil a pheannaireacht níos áille. An a oscailte an rud is suimiúla. Ní locht ná nuáil é seo, ach ní thaitníonn sé go mór liom.

27 Meán Fómhair 2009

Ní cló Rómhánach é, ach...


... tá an chosúlacht sin air. Is trua nach bhfuil an sampla seo níos mó, ach ní raibh mé in ann solaoid eile de a fháil. Chonaic mé é sa New York Times Magazine é. Is Araibis é, creid é nó ná creid. Qatar Foundation a chiallaíonn sé.


An focal atá cosúil le jbö, is é an focal Qatar é. Seo iad an dá fhocal sa script iondúil. Léitear ó dheas go clé iad:

Agus seo teanga eile a bhfuil cló i ngnáthúsáid aici atá níos Iartharaí, nó níos nua-aimseartha ar aon nós, ná an cló seanbhunaithe. Manoptica an t-ainm atá air. Seo é an focal Manoptica sa chló féin agus ansin sa chló iondúil. An litir atá cosúil le u, is /n/ í, agus an ceann atá cosúil le u droim ar ais, is /m/ í.



25 Meán Fómhair 2009

snaidhm na péiste


An bhfuil do bhó tinn? Nó do lomaire faiche? Nó do ríomhaire? Seo leigheas traidisiúnta atá saor agus éasca! Ach caithfidh tú snaidhm na péiste a fhoghlaim ar dtús. Faigh píosa téide nó téadán. Cuir an téadán ar an mbord os do chomhair. Séard atá le déanamh agat ar dtús ná dhá shnaidhm sách scaoilte i ndeilbh na huimhreach 8 a dhéanamh.
Tóg ceann an téadáin i do láimh dheas agus an ceann eile i do láimh chlé. Cuir an ceann deas trasna ar an gceann clé, ansin faoi, ansin trasna air arís, le snaidhm shimplí a dhéanamh, ach ná tarraing go mbeidh sí dúnta ar fad. Beidh O agat anois, agus dhá cheann an téadáin ag gobadh amach ó bharr an O.


Déan snaidhm scaoilte eile anois, os cionn an O atá agat cheana. Tosóidh tú an uair seo leis an téadán atá ag gobadh amach ar thaobh na láimhe clé, á chur trasna ar an gceann eile, ansin faoi agus ansin trasna air arís. Beidh 8 agat anois ar an mbord os do chomhair.


Tóg an téadán atá ag gobadh amach ar an taobh deas anois. Tarraing an téadán seo síos tríd an O íochtarach agus amach faoi.


Coinnigh greim air agus cuir tríd an O uachtarach anois é. Tá an tsnaidhm déanta agat.


Anois, beir ar dhá cheann an téadáin agus tarraing. Má rinne tú an tsnaidhm i gceart, scaoilfear go héasca is go hiomlán í.


Ní mór duit snaidhm na péiste a dhéanamh naoi n-uaire os cionn an bheithígh chun é a leigheas.

Testimonials from satisfied customers welcome!

ogham sa charrchlós 3.a



NI FIL I REMFIUS IN AITT IMBI OGUM

Níl i réamhfhios an áit ina mbíonn ogham.

Tá mé faoi chomaoin ag an Dubhaltach as an leagan amach álainn seo. Rinne sé cúpla leagan eile atá le feiceáil anseo.

24 Meán Fómhair 2009

Ní ogham é ar aon nós.



Chonaic mé an graffito seo i Washington Park i bPortland an deireadh seachtaine seo caite. An féidir le duine ar bith anseo é a léamh?

ogham sa charrchlós 3

“Is fánach an áit ina bhfaighfeá ogham.”


An téacs Sean-Ghaeilge atá agam don Dubhaltach, má tá sé deonach an jab seo a ghlacadh air féin: Ní·fil i rremḟius in n-áitt i·mbí ogum. Séard a bheadh ann i litreacha oghaim, scríofa ó bhun go barr mar is iondúil, ná:

NI FIL I REMFIUS IN AITT IMBI OGUM

23 Meán Fómhair 2009

dualaíocht chairéadach?

An cairéad Ceilteach é seo?






an t-athchóiriú inniu



Tar éis na scartála.

Cannon Beach, Oregon



Mise ag siúl i dtreo na stacaí ar an trá leathan ag Cannon Beach, Oregon. Is basalt iad na carraigeacha seo, iarsmaí de laibhe a tháinig ina sruth go dtí an cósta ón nGrande Ronde, fad 300 mhíle. Idir 16.6 agus 15 milliún bliain ó shin a tharla sé seo.


Ag breathnú ar an ngealach úr díreach tar éis dul faoi na gréine.

17 Meán Fómhair 2009

“Tnúth a threabhas.”



Comórtas treabhdóireachta i nGarbhachadh

Is ionann tnúth a threabhas agus where there is a will there is a way de réir FGB. Níor thuig mé an míniú seo riamh.

Tá seanfhocal an-chosúil leis i nGaeilge na hAlban: Is e farmad a nì treabhadh. Míníonn Dwelly mar seo é: emulation makes ploughing -- one man's achievements spurs [sic] on his neighbor to similar deeds. Is dóigh liomsa go bhfuil ciall leis an míniú seo. Saghas keeping up with the Joneses atá i gceist.

Ceist agam oraibh: Ar chuala sibh an seanfhocal seo riamh á úsáid, nó ar bhain sibh féin úsáid as?

an t-athchóiriú á thosú



Níl sé ró-mhaith mar ghrianghraf, ach seo Randy agus Dan, na conraitheoirí, ag tosú ar athchóiriú an suite aíochta. Slán leis an mballa!

Aonghus na nAor Ó Dálaigh


Bhí súil agam ceann de rannta deasa Aonghus na nAor Ó Dálaigh a phóstáil chugat ach tá an leabhar ar iarraidh,” a dúirt Cailliomachas i nóta tráchta thíos. Fuair mé píosa sách fada leis an teideal “Aoir Dhochtúir Whaley” atá curtha i leith file darbh ainm Fear Dorcha Ó Dálaigh. Níl a fhios agam an ionann Fear Dorcha agus Aonghus na nAor, ach is fíochmhar an dán é. Seo dhá rann as. Níl a fhios agam cé hé Jack Ketch.


15 Meán Fómhair 2009

aoir: an sainmhíniú is fearr


DIL: aér - act of satirizing, lampooning, defaming; satire, lampoon

FGB: aoir - lampoon, satire

An Foclóir Beag: aoir - píosa searbh scríbhneoireachta a dhéanann ceap magaidh de dhuine nó de dhaoine

Níl aon cheann de na sainmhínithe seo céad faoin gcéad ceart. Tá a lán aortha againn ó thús litríocht scríofa na nGael atá níos cosúla le mallachtaí ná le haon rud eile. Tá an sainmhíniú is fearr liomsa le cloisteáil san amhrán seo leis an mbanna Sualannach The Ark:

I can't give you no false affection.
I can do without your phony charm.
This train ain't moving in your direction.
This piece of poetry is meant to do harm.

14 Meán Fómhair 2009

‘g’ barócach





- ngo -









- ighe -





an naomhluan



Comhfhocal is ea “naomhluan”, ó “naomh-” + “luan”. Is focal ársa é “lúan / lón” a chiallaíonn “dealramh, solas” de réir dealraimh (gabh mo leithscéal). Ní fheictear é ach in éindí leis an dara focal “láith” nó a leathbhreac. Dar le DIL, is some kind of radiation (?) above the head of a warrior in battle é an “lúan láith”, nó sorte d'auréole qui ne s'effacera pas qu'à sa mort.

Atracht in lúan láith asa étun comba sithethir remithir airnem [leg. airtem] n-óclaích.

D'éirigh an luan láith as a éadan go raibh sé chomh fada agus chomh ramhar le dorn óglaigh.

(LU 6470-71, faoi Chú Chulainn)

Anois, ba mhaith liom dul i bhfad ó bhaile le cúpla léaráid den “luan” a sholáthar. Is é sin le rá, i bhfad ó bhaile ón Táin ach ní i bhfad ó mo bhaile féin, mar is ó Iarthuaisceart Mheiriceá do na peitriglifeanna seo. Tá an rayed arc seo an-choitianta ar an gColumbia Plateau.


Uaireanta ní hé an “lúan láith” a éiríonn os cionn an ghaiscígh ach “a éan gaile”:

Is and sain trá tanic a bruth 7 a bríg 7 a mórḟerg in miled Hercoil 7 atrácht a én gaile ósa anáil co mbuí for forlúamain imma chend.

Ansin tháinig bruth agus brí agus mórfhearg an ghaiscígh Earcail, agus d'éirigh a éan gaile os cionn a anála go dtí go raibh sé ar foluain timpeall a chinn.

(LL 31414-15)

Agus anois, ba mhaith liom cuairt a thabhairt ar Iardheisceart Mheiriceá, mar a bhfuil a lán daoine le feiceáil a bhfuil éan ina shuí ar a gceann, nó in áit a gceann.



Is ionadh liom chomh tras-chultúrtha agus atá na móitífeanna seo, an luan láith / naomhluan agus an t-éan gaile!

13 Meán Fómhair 2009

aistriúcháin & aisteachas


Seo abairt as Recension 1 den Táin, an leagan de atá i Leabhar na hUidhre:


Gabais dano medb for gressacht loich

Focal ar fhocal i nGaeilge an lae inniu:

Ghabh ansin Meadhbh ar ghríosacht Lóich.

Nó i bhfocail eile:

Ansin thosaigh Méabh ag gríosú Lóich.

Tá dhá aistriúchán den Táin ar fáil go forleathan anois, The Tain le Thomas Kinsella, agus The Táin le Ciaran Carson. An abairt seo sa chéad cheann:

Then Medb began to incite Lóch.

Agus sa dara ceann:

So Medb began to pressurize Lóch.

Is aisteach go deo í an abairt seo i mo chuid Béarla. Déanaimid idirdhealú ar to pressurize agus to pressure abhus anseo i Meiriceá. Is ionann pressurize agus an rud a dhéantar leis an aer in eitleán nó i spás eile mar sin. Agus is ionann “don't pressure me” agus “ná cuir brú orm”. So Medb began to tighten the gaskets on Lóch an fill him with air. (!)

11 Meán Fómhair 2009

blagadóir ar iarraidh


Cá bhfuil Tadhg?

rann eile a bhfuil uimhreacha ann



Ata liumsa tormach ruisc.
Tá méadú radhairc agam.


feighe ní tuband ré ní.
Féighe (= grinneas) ní bhaineann le (haon) rud.


a haen and dar liumsa dhó.
A haon ann, dar liomsa dhó.


a dhó ann dar liumsa trí.
A dhó ann, dar liomsa trí.


Seo rann eile sa láimh chéanna sa LS chéanna ón 15ú haois (?). Is breá liom an lámh seo. Tá fuinneamh agus beocht inti, agus mírialtacht freisin, nach bhfuil le feiceáil i lámh stuama na scríobhaithe nuair a bhíonn siad i mbun oibre ag cóipeáil leabhar. Tá mé i ngrá leis an bhfocal deireanach, “trí”!

10 Meán Fómhair 2009

ogham sa charrchlós 2




Tá mé faoi chomaoin ag an Dubhaltach as an ngrianghraf a tweakáil! An-jab!

NB: Is ionann V agus F anseo. Fuair mé an clár seo ó Íomhánna Google. Tá cúpla litir ann nach bhfuil gá leo dáiríre sa tSean-Ghaeilge, mar atá NG, Z (SS), Q. Cumadh an aibítir seo ar dtús le haghaidh teanga a dtugann na scoláirí Gaeilge ÁrsaPrimitive Irish uirthi.

09 Meán Fómhair 2009

ogham raithní



Is mar seo a scríobhtar "fáilte" in oghaim, a Dhubhaltaigh, ag léamh ó bhun go barr. :-)

08 Meán Fómhair 2009

ogham sa charrchlós



Bhíos ag siúil tríd an gcarrchlós Montlake ag Ollscoil Washington ar mo bhealach chuig an IMA (an spórtlann) tráthnóna inniu nuair a chonaic go raibh teachtaireachtaí oghaim i bhfolach sna stríoca ar an lár. Níl ag teastáil uaim anois ach duine a bhfuil Photoshop aige agus scil aige ann leis na teachtaireachtaí seo a nochtadh! :-) Línte a bhaint amach nó a ghiorrú is mó a bheadh ag teastáil. Fuair mé an íomhá den charrchlós céanna ó Google Maps.

an dlúthbhaint idir A agus M


Mar a dúirt mé cheana, níl le déanamh le M mór a dhéanamh, más scríobhaí Gaelach thú, ná eireaball a chur le cibé sórt A a thaitníonn leat! Seo cúpla solaoid eile daoibh: A amháin agus dhá M.



tomhas



Seacht fedh chonchobuir mic nessa.

Seacht fedh Chonchobuir mic Nessa.
en fedh Adhaimh méd ngossa.
coic fedh Conchobhuir Mhaínaigh
isna daínibh innossa.

Seacht in am Chonchobhair mhic Neasa.
aon in am Adhaimh “méid gusa”.
cúig in am Chonchobhair Mhainigh
ins na daoinibh anois.

Conchobhar Maineach = Conchobhar de Uí Maine (Hy Many), sean-ríocht i gCo. na Gaillimhe

“méid gusa” = cheville (stuáil véarsaíochta nach gcuireann mórán le brí an dáin) nach dtuigim go hiomlán

Chuir mé an rann seo faoi bhráid Old-Irish-L aréir. Níl a fhios agam beo céard atá i gceist!

07 Meán Fómhair 2009

do chara liom san ospidéal



Tá sí an-tinn, ach tá muid beo i ndóchas.



05 Meán Fómhair 2009

trí cheannlitir eile



Tá siad seo ón lámhscríbhinn chéanna, Stowe 992. An cheist chéanna: an aithníonn sibh iad?




04 Meán Fómhair 2009

ceannlitir



Tá an ceannlitir seo le feiceáil sa LS Stowe 992. An aithníonn sibh í?

daoine ag leá



Tá an scéal iomlán faoin míle duine oighir a rinne Nele Azevedo an lá cheana le fáil in áiteanna éagsúla ar an idirlíon anois. Seo ceann acu.

03 Meán Fómhair 2009

“nathó” i gcomhthéacs



Tháinig an scéal Aided Derb Fhorgaill anuas chugainn sa Leabhar Laighneach, ceann de lámhscríbhinní móra na Gaeilge. Ba bheag nár mharaigh Cú Chulainn Dearbh Fhorghaill ag tús an scéil, nuair a tháinig sí chuige i riocht éin. Bhí sé in ann í a shábháil, áfach, agus ansin deir sí gur tháinig sí d'aon turas le bualadh leis. (Craiceann a bhualadh atá le tuiscint anseo.) Ach deir Cú nach bhfuil tryst i ndán dóibh.

“Is dot insaigid tánacsa tra,” or si.

“Nathó, a ingen,” or se.