Ata liumsa tormach ruisc.
Tá méadú radhairc agam.
feighe ní tuband ré ní.
Féighe (= grinneas) ní bhaineann le (haon) rud.
a haen and dar liumsa dhó.
A haon ann, dar liomsa dhó.
a dhó ann dar liumsa trí.
A dhó ann, dar liomsa trí.
Seo rann eile sa láimh chéanna sa LS chéanna ón 15ú haois (?). Is breá liom an lámh seo. Tá fuinneamh agus beocht inti, agus mírialtacht freisin, nach bhfuil le feiceáil i lámh stuama na scríobhaithe nuair a bhíonn siad i mbun oibre ag cóipeáil leabhar. Tá mé i ngrá leis an bhfocal deireanach, “trí”!
B'fhéidir gur fearr mo chuidse go deireanach ná go deo. Ritheann sé liom gur rannta iad seo a chum scríobhaí na lámhscríbhinne é féin; b'fhéidir nach bhfuil i gceist leis an gceann seo ach go raibh iarracht de 'amharc dúbailte' ag dul dó tar éis a bheith ag cóipeáil. Óglachas ar rannaíocht mhór atá ann agus é sách glic ó thaobh na meadarachta de.
ReplyDeleteTá an lámh seo an-difriúil le lámh an téacs, áfach. Scríobhaí eile, nó léitheoir oilte, a bhreac síos an rann seo níos faide anonn, i mo thuairim. Mar a dúirt mé cheana, is breá liom a solúbtha agus atá sí mar lámh. Tá an focal "trí" go hálainn!
ReplyDeleteAontaím leat, a Dennis, tá an pheannaireacht go hálainn agus díol suntais an 'r' ard - pearsantacht faoi leith, shílfeá. Is dócha go raibh mise ag glacadh treorach anseo ó fhocail Kathleen Mulchrone sa chatalóg nuair a deir sí (lch 3300) 'The entries on ff. 44v-53 are in the hand of the scribe of this section, Eoghan Ó Eachoideirn.' Ach tar éis dom breathnú ar an bhfóilió ar isos (Pár Páipéar Ríomhaire) caithfidh mé a rá go bhfuil difear idir an nóta imill agus corp an téacs. Maidir leis na scríobhaithe deir Mulchrone 'they were all probably fellow-students'. Smaoineamh é sin a thaitníonn go mór liom, ar chúis éigin.
ReplyDeleteAgus liomsa! Is trua nach féidir linn aithne a chur orthu.
ReplyDelete