Níl mé chun a roinnt libh cad é an chéad rud a rith liom, ach aithním cad ba chúis le cuma an chairéid. Ar uaire tharlóinn scoilt i stoc cairéid agus é an-óg. Sa cheann sa phictiúr, tharla rud éigin a chuir bac ar fhás anuas ceann de na stoic agus lúbadh as a ghnáthchuma é. De ghnáth is cloch a bhíonn i gceist, ach tráth ar mheasc mé píosaí beaga adhmaid leis an ithir im cheapacha ardaithe, tharla an rud céanna, ní hamháin le cairéid agus le prátaí chomh maith. A leithéid de bharaí míchumtha ní fhaca mé riamh agus mo chéile ag síorthaispeáint na cinn ba mheasa do gach cuairteoir a tháinig chugainn agus do na chomharsana béal dorais. Náire an domhain orm.
Cinnte, d’fhéadfaí, ach ní garraíodóireacht den ghnáth-chineál a bheadh i gceist. Dobharshaothrú/Uisceshaothrú (aquaculture: focal.ie; aqua-shaothrú a bheadh agamsa) a bheadh riachtanach, mar chaithfí bheith in ann stoc an phlanda a fheiceáil, a cheangal agus a láimhseáil. Cionn is go gcuireann solas dath glas ar chairéad, b’fhearr planda ar nós daikon a úsáid sa chás seo. Agus mar fhocal scoir, níl fúmsa tabhairt faoin turgnamh seo.
Níl mé chun a roinnt libh cad é an chéad rud a rith liom, ach aithním cad ba chúis le cuma an chairéid. Ar uaire tharlóinn scoilt i stoc cairéid agus é an-óg. Sa cheann sa phictiúr, tharla rud éigin a chuir bac ar fhás anuas ceann de na stoic agus lúbadh as a ghnáthchuma é. De ghnáth is cloch a bhíonn i gceist, ach tráth ar mheasc mé píosaí beaga adhmaid leis an ithir im cheapacha ardaithe, tharla an rud céanna, ní hamháin le cairéid agus le prátaí chomh maith. A leithéid de bharaí míchumtha ní fhaca mé riamh agus mo chéile ag síorthaispeáint na cinn ba mheasa do gach cuairteoir a tháinig chugainn agus do na chomharsana béal dorais. Náire an domhain orm.
ReplyDeleteDá mbeadh garraíodóir sách oilte agus sách foighneach ann, is dócha go mbeadh sé in ann cairéid a thógáil a bheadh cruth na haibítre orthu ó A go Z!
ReplyDeleteA go Z?
ReplyDeleteCinnte, d’fhéadfaí, ach ní garraíodóireacht den ghnáth-chineál a bheadh i gceist. Dobharshaothrú/Uisceshaothrú (aquaculture: focal.ie; aqua-shaothrú a bheadh agamsa) a bheadh riachtanach, mar chaithfí bheith in ann stoc an phlanda a fheiceáil, a cheangal agus a láimhseáil. Cionn is go gcuireann solas dath glas ar chairéad, b’fhearr planda ar nós daikon a úsáid sa chás seo. Agus mar fhocal scoir, níl fúmsa tabhairt faoin turgnamh seo.
Cairéid ag déanamh yoga, a fheicimse...:-)
ReplyDelete