29 Bealtaine 2013

creach na racún


Tá linn bheag againn sa chlós tosaigh. Tá sé sa chúlra sa phictiúr seo, a tógadh dhá bhliain ó shin. Tagann an t-uisce, sruth tanaí de, amach as béal an leoin. Tá caidéal beag faoin uisce a choinníonn an sruth ar siúl. Oibríonn an caidéal 25/7 gan dua gan fhadhb. 

Tá éisc órga sa linn freisin le larbhaí na muiscítí a ithe sa samhradh, rud an-tábhachtach!


Agus tá racúin sa chomharsanacht. Taitníonn iascaireacht leo agus tá a lámha beaga iontach cliste faoin uisce. Tig leis na héisc dul i bhfolach faoi charn clocha sa linn, ach faigheann na racúin cuid acu mar sin féin. Tá go maith agus níl go dona. Tá na héisc órga (“feeder goldfish”) an-saor sa siopa peataí.

An rud nach bhfuil go maith ar chor ar bith na an damáiste a dhéanann na racúin chéanna do scagaire an chaidéil!


Seo scagaire nua in aice leis an gceann atá sa linn anois. Tá a fhios ag na racúin nach bhfuil an scagaire inite. Ach is breá leo é a mhúngailt. Chuile uair a thagann siad, baineann siad plaic nó dhó nó trí as. Níl ach 25¢ ar iasc órga. Tá $15 ar scagaire nua!

19 Bealtaine 2013

an rud a chonaic mé


Seo mar a bhí - 
   spotsholas buí 
      na gréine 'dul faoi 
         ar úrghlas na gcrann 
            faoi scamallbhrat flann 
               ar feadh meandair.

13 Bealtaine 2013

trí rud go tréith




Tréde neimthigedar cruitire: golltraige, gentraige, súantraige.

Trí rud a thugann stádas do chláirseoir: goltraí, geantraí, suantraí.

Is tré uimhir a 122 é seo san eagrán a rinne Kuno Meyer de Trecheng Breth Féne / The Triads of Ireland.

Tá suim ar leith agam i bhfocal amháin sa tré seo, “tréde” (cé go bhfuil an briathar “neimthigedar” an-suimiúil, freisin, ach sin scéal eile). Sa tSean-Ghaeilge bhíodh uimhreacha speisialta ann leis an gciall “rud amháin, dhá rud, trí rud,” suas go “deich rud”: 

úathad, déde, tréde, cethardae, cóicde…

Tá tréanna eile ann a ríomhann na trí rud a thugann stádas don chrosán, don saor, don lia, don ghabha, don cheardaí, don fhile, agus fiú don fhear déanta c íora. Bhí an nós seo, sainchomharthaí a ainmniú ina dtréanna, an-choitianta ag an am sin. De réir a chéile fuair an focal “tréde” ciall nua mar ainmfhocal iolra: “buanna, cáilíochtaí”. Tá an chiall seo tar éis an bhunchiall, “trí rud”, a urú ar fad anois.

tréith, f. (gs. & pl. ~e). 1. Trait, characteristic; quality, accomplishment. ~e pearsanta, personal traits, personality. 

02 Bealtaine 2013

cora cainte inmhalartaithe?




Sé chinn nó leathdhosaen?

Thug mé faoi dearadh go mbainim úsáid as na cora cainte seo leanas gan aon idirdhealú - nó gan idirdhealú ar bith - a dhéanamh orthu. Tá a fhios agam go bhfuil stair chanúnach taobh thiar de chuid acu, ach is ionann iad i mo chuid Gaeilge. Your mileage may vary. Ní lia duine ná barúil.

Is work in progress / obair idir lámha é seo!

Nua:

(níl / an bhfuil) aon X : X ar bith
ar an toirt : láithreach bonn
ar aon intinn : ar aon tuairim
ar dtús : ó thús
ar na mallaibh : le déanaí
cad mar gheall ar : céard faoi
d'ainneoin : in ainneoin
d'aon turas : d'aon ghnó : d'aon oghaim
de dhíth ar : ag teastáil ó : ó
den chuid is mó : ar an mórgóir
go bhfios dom : ar feadh m'eolais
go fóill : fós
go hiondúil : de ghnáth
in easnamh : ar iarraidh
in éineacht le : in éindí le
más buan mo chuimhne : más maith mo chuimhne
ó am go ham : ó am go chéile : anois is arís

Ach:

de dheasca ≠ de bharr

Tá aithne agam ar ph éirí eile (i gcónaí : i dtolamh, mar shampla) nach gcuirfidh mé ar an liosta toisc nach mbainim úsaid as ceann acu (i dtolamh sa chás seo) i mo chuid Gaeilge féin.  Séard atá sa liosta thuas ná péirí (nó níos mó) a bhfuil “ceann nó cláirseach” nó toss-up i gceist domsa.