Tá linn bheag againn sa chlós tosaigh. Tá sé sa chúlra sa phictiúr seo, a tógadh dhá bhliain ó shin. Tagann an t-uisce, sruth tanaí de, amach as béal an leoin. Tá caidéal beag faoin uisce a choinníonn an sruth ar siúl. Oibríonn an caidéal 25/7 gan dua gan fhadhb.
Tá éisc órga sa linn freisin le larbhaí na muiscítí a ithe sa samhradh, rud an-tábhachtach!
Agus tá racúin sa chomharsanacht. Taitníonn iascaireacht leo agus tá a lámha beaga iontach cliste faoin uisce. Tig leis na héisc dul i bhfolach faoi charn clocha sa linn, ach faigheann na racúin cuid acu mar sin féin. Tá go maith agus níl go dona. Tá na héisc órga (“feeder goldfish”) an-saor sa siopa peataí.
An rud nach bhfuil go maith ar chor ar bith na an damáiste a dhéanann na racúin chéanna do scagaire an chaidéil!
A chacun racún le sien..:-)
ReplyDeletebhabha. ná labhraimis faoi luchóga móra, ach faoi racúin an dúin! Cé chomh minic agus a chaithfeas sibh an scagaire a athrú?
ReplyDeleteAr bhain tú triail as piobar cayenne nó ammonia le ruaig a chur orthu?
ReplyDeleteCuirim an piobar ar an bhféar agus ar na bplandaí sna háiteanna nach maith liom na woodchucks a bheith iontu.
Is wimp amach as amach mé agus mé ag déileáil leis na hainmhithe gleoite thart anseo. Is cuma cé mhéad damaiste a dhéanann siad.
@April - ní fhanann an piobar &c. i bhfad anseo leis an mbáisteach uilig!
ReplyDelete;-)
@Réaltán - tá an seancheann loite ag obair fós. Is leasc liom an ceann nua a chur ina áit !
Rinne mé dearmad go bhfuil tú i do chónaí i Seattle! : )
ReplyDeleteIs annamh a bhíonns an ghrian ag scairteadh ansin. Tá chuile dhuine pasty! : )
Meirg a thaganns orainn, ní dath na gréine!
ReplyDeletetmag : )
ReplyDeleteMá thugann tú toisí beachta an scagaire dom, seans go mbeidh mé in ann cás a dhéanamh dó a choiscfeadh na racúin óna mhilleadh.
ReplyDeleteGo raibh maith agat, a Sheáin, tá mé cinnte go mbeadh. Ach d'fhoghlaim mé rud éigin le déanaí. Má mhúchaim an sruth istoíche ní chuireann sé/sí/siad spéis sa chaidéal!
ReplyDelete