19 Meitheamh 2021

Ogham


ADCOTA AES ALLUD
Ad-cota áes allud.
Faigheann aois alladh (.i. clú).



ag léamh ó dheis go clé

FERR MUG MARBAD
Is fearr moghsaine (a bheith i do sclábhaí) ná do mharbhadh.



FIDNEMED
fiodhneimheadh
.i. doire naofa



ag léamh ó dheis go clé

GEL CECH NDERG

 

06 Meitheamh 2021

An tSeanbhean Bhocht

Bhí seanbhean ina cónaí i dteach beag lena cat, Tadhg, amuigh faoin tuath áit éigin in Éirinn. Ag teacht abhaile ón séipéal Lá Fhéile Pádraig di, céard a chonaic sí ach duine den aos sí (.i. leprechaun, céard eile?) i bhfolach taobh thiar de sceach. Thug sí léim agus rug sí greim ar an bhfear beag. "Tá mé fair caught," adúirt an lucharachán agus thug sé trí wishes di. "Fan go bhfeice mé ...," a deir sí. "Is mian liom a bheith saibhir in áit a bheith bocht." Bingo! Bhí milliún punt i nótaí beaga i mála faoin sceach. Rinne sí a machnamh nóiméad eile agus dúirt, "Is mian liom a bheith óg agus álainn." Bingo! Bhí sí óg agus álainn. Chaith sí cúpla nóiméad eile ag machnamh ar a tríú mian, agus ansin dúirt sí, "Is mian liom mo chat beag, Tadhg, a bheith ina fhear óg dóighiúil." Bingo! Bhí Tadhg ina fhear óg dóighiúil. Is ar éigin a chreid sí é seo, agus d'exclaimáil sí, "A Thaidhg, an tusa atá ann dáiríre?" Labhair an t-ógfhear dóighiúil agus dúirt, "Is mé, agus nach bhfuil aiféala ort gur ghearr tú mé?"

Chuir mé Béarla ar an scéal grinn seo na blianta ó shin. Níor aistrigh mé “wishes”. Ní raibh mé cinnte ag an am sin cén focal a bheadh oiriúnach. Níl mé cinnte inniu. Tá trí rogha ann, agus seo iad na vótaí a fuair siad i bpobalbhreith a rinne mé ar Twitter an lá cheana. Maidir le “drinnrosc,” bhí sé in úsáid go coitianta i nGaeilge Mheánaoiseach.