31 Márta 2012

“comhairle in aice le do thoil”


De réir de Bhaldraithe, más mian leat “wishful thinking” a rá i nGaeilge, caithfidh tú sé fhocal a úsáid: “comhairle in aice le do thoil”.


Sé fhocal, agus níl mé cinnte go gcuimsíonn na siad brí an téarma Béarla. Tá an abairt iomlán seo san fhoclóir Collins:

it's just wishful thinking - níl ann ach rud atá in aice le do thoil

Is féidir an méid sin a rá i mBéarla, a bheag nó a mhór, leis an gcor cainte it's just pie in the sky freisin. Nach bhfuil nath ar bith cosúil leis sin againn i nGaeilge?


Dála an scéil, is cosúil nach bhfuil ach focal amháin ag teastáil i nGearmáinis: “Wunschdenken”.

29 Márta 2012

spásanna idir focail


Is minic nár fhág na scríobhaithe spásanna idir na focail agus an Ghaeilge á scríobh acu. Mar shampla:


forabrut
for a brut
ar a bhrat

Uaireanta tarlaíonn an rud céanna i mBéarla. Mar shampla:


an díthreabh ar chúl éaga


An Triúr Manach en extase tar éis dóibh an áit cheart a aimsiú dóibh féin:


- Seo é! An gort gortach!

- An fásach gan fás!

- An bhinn nach binn!

27 Márta 2012

Monty Python University?



Cé go siúlaim thairis minic go leor, baineann an fógra seo ar champas Ollscoil Washington geit asam chuile uair a léim é.

26 Márta 2012

Nach dtuigeann ciaróg ciaróg eile?



Croitheann sean-uathlathaí lámha le sean-uathlathaí eile.

Cé go bhfuil duine acu gléasta i mbán agus an duine eile gléasta i ndubh, níl siad chomh héagsúil lena chéile agus a chreideann siad.

22 Márta 2012

iPad do dhaid(eo)


- A dhaid, conas atá ag éirí leat leis an iPad nua a thug muid duit mar bhronntanas breithlá?

- Go maith!



Is breá liom an moue a dhéanann sí ag deireadh an fhíseáin!

(An bhfuil aon Ghaeilge againn ar moue?)

“Marginalized”


Fuair mé an íomhá seo a leanas san uimhir reatha de Lapham's Quarterly. Níl sé éasca a léamh anseo, ach tá sé an-soiléir ar an suíomh atá acu.

Cliceáil leis an íomhá a dhéanamh beagán níos mó.

Is mór an trua é nach ndúradh linn gur ó lámhscríbhinní Éireannach a tháinig na nótaí imill seo. Agus is trua freisin gur bhain siad úsáid as scríbhinn neamh-Éireannach len é a mhaisiú. *osna*

21 Márta 2012

Céard atá cearr...




... leis na habairtí seo?

I had a biscotti.

He called himself a mujahedeen.

The media is at fault.

Kudos are due to them.

19 Márta 2012

briathar Sanscraite amháin



Céard a rinne an Triúr Manach i dtús báire? Ní hansa:

do·rat díultad dont ṡaegul
thug siad diúltú don saol

Is cosúil nach bhfuil ach focal amháin ag teastáil leis an méid seo uilig a rá i Sanscrait: an briathar viraj. De réir an Practical Sanskrit-English Dictionary le V. S. Apte, ciallaíonn sé “to become disgusted with the world and hence to renounce all wordly attachments”.

Seo againn é sa tríú pearsa iolra den aimsir chaite:

avirajyanta
अविरज्यन्त
d'éirigh siad bréan den saol agus d'éirigh siad as

16 Márta 2012

éabhlóid Lá Fhéile Pádraig ar Google


Seo Lá ’le Pádraig de réir Google ó 2000 to 2009: seamróga ar fud na háite, agus pota óir amháin. *osna*



Bhí rud éigin nua acu sa bhliain 2010. Níl seamróg ar bith le feiceáil, ach cá bhfuair siad na híomhánna seo? FAIL.



Bliain ó shin fuair muid géanna (na Géanna Fiáine?), nó an ealaí iad? Clann Lir? Agus nach seamróga iad na rudaí mílítheacha sin ar an taobh deas? C+



Ach inniu, 17 Márta 2012, rinne siad i gceart é, faoi dheireadh thiar thall (i mo thuairim umhal féin)!


Beannachtaí an lae oraibh uilig!

15 Márta 2012

St. Patrick's Day Roll


Seo agaibh speisialtacht na míosa ag Blue C Sushi, bialann i mo chomharsanacht: an rolla St. Patrick's Day, sna dathanna uaine, bán agus oráiste, ar ndóigh. Chonaic mé tráthnóna inné é, agus mé i mo shuí ag an gcuntar ansin, na miasa ag máirseál thart romham.


Tá crios iompair acu ansin agus téann na miasa timpeall air gan stad. Tógann na custaiméirí na miasa a thaiteann leo ón gcrios.


Maidir leis an St. Patrick's Day Roll, séard atá ann ná “a delicious combination of spicy tuna, krab salad, cucumber, topped with spring mix, avocado, wasabi mayo and masago!”

Éire ar Ilchríoch eile


grianghraf a thóg mé cúig nóiméad ó shin



An Pacific Northwest atá mé a rá, agus is é an aimsir atá ar intinn agam. Tá sé ag cur báistí anseo le seachtain anuas agus más fíor don réamhaisnéis beidh sé ag cur báistí chuile lá go ceann seachtaine eile, ar a laghad.

12 Márta 2012

Araile anchore, cuid a dó


Cliceáil le méadú.

10 Márta 2012

Araile anchore, cuid a haon


Cliceáil le méadú.

09 Márta 2012

LS C i 2 fol. 38v


Is do lucht Old-Irish-L an leathanach seo, a bhfuil scéilín air a thosaíonn mar seo:

“Araile anchore roboi hi Cluain macco Nois.”


Faoi shean-mhanach darbh ainm Laisran atá an scéilín. Chonaic an duine bocht “aislince cholnide” (.i. aisling chollaí) oíche amháin, den chéad uair ina shaol. Och ochón! Bhí náire an domhain air, ach tháinig aingeal chuige a labhair leis i Laidin agus a mhínigh dó cén fáth ar tharla sé seo, a dúirt leis nach raibh an milleán air, agus nach bhfeicfeadh sé a leithéid arís go deo. Sílim gurb é an míniú a bhí ag an aingeal an rud is suimiúla sa scéal, ó thaobh na hantraipeolaíochta de.

leabhar nua ar an mBlascaod Mór



On an Irish Island le Robert Kanigel á léamh agam faoi láthair. Tá mé leath bealaigh tríd anois, agus tá mé ag baint suilt as. Léirmheas ar an Wall Street Journal a chuir ar mo shúile é. Tá an-bhéim ann ar na daoine, scoláirí den chuid is mó, a chaith tréimhsí ar an oileán lena gcuid Gaeilge a fheabhsú agus a d'éirigh mór leis na hoileánaigh: daoine ar nós Robin Flower, Carl Marstrander, agus John Millington Synge.

An t-aon rud sa leabhar a chuireann as dom ná na síntí fada. Uaireanta bíonn siad ann (Tír na nÓg) agus uaireanta eile ní bhíonn (Tir na nOg). Ó bhuel. Ní cainteoir Gaeilge é an t-údar. Thairis sin, is léir gur taighdeoir cúramach agus scríbhneoir maith é. Tá Béarla grástúil agus bua na scéalaíochta aige. Má leanann tú an nasc thuas, feicfidh tú gur thaitin a leabhar lena lán daoine eile abhus anseo. Níl a fhios agam an bhfuil On an Irish Island ar fáil in Éirinn nó thar lear fós. Cheannaigh mé mar ríomh-leabhar ó Amazon.com é.

08 Márta 2012

craiceann bán



Rinne mé tagairt do mo chraiceann bán sna nótaí atá ceangailte leis an mblagmhír roimpi seo. Seo agaibh an fhianaise. I mo sheasamh roimh an Mo‘okini Heiau atá mé anseo. Teampall ón dóú haois déag (±) atá ann. Luakini a bhí ann. Ciallaíonn sé sin go ndéantaí daoine a íobairt ann. Chuir na clocha uilig Dún Aonghasa i gcuimhne dom, cé nach bhfuil an heiau seo chomh mór sin.

07 Márta 2012

bonn ilteangach



Éisíodh an bonn seo sa bhliain 2008 mar chuid den 50 State Quarters Program. An rud is suimiúla faoin mbonn - domsa ar aon nós - ná go bhfuil sé trítheangach: Laidin, Haváis, agus Béarla. Sea, Béarla freisin mar is i mBéarla a scríobhtar ainm an stáit mar Hawaii gan an ‘okina, an stop glotais a fhaightear sa leagan Haváise den ainm: Hawai‘i.

Ua mau ke ea o ka ‘āina i ka pono an mana atá scríofa ar an mbonn. Aistrítear go Béarla de ghnáth é mar the life of the land is perpetuated in righteousness. Ach níl sé éasca Béarla beacht a chur ar chuid de na focail seo. Is ionann mau agus “buanú”, ach ciallaíonn ea “flaitheas” chomh maith le “anáil, beatha”. Maidir le pono, tá sé beagnach dodhéanta é a chuimsiú in aon fhocal amháin. Nuair a bhíonn pono ann, tá teacht maith ag chuile rud agus ag chuile dhuine lena chéile, rud nach gcuireann an focal righteousness i gcéill i mBéarla an lae inniu.

Cá raibh mé, meas sibh, le dhá sheachtain anuas?