08 Márta 2012

craiceann bán



Rinne mé tagairt do mo chraiceann bán sna nótaí atá ceangailte leis an mblagmhír roimpi seo. Seo agaibh an fhianaise. I mo sheasamh roimh an Mo‘okini Heiau atá mé anseo. Teampall ón dóú haois déag (±) atá ann. Luakini a bhí ann. Ciallaíonn sé sin go ndéantaí daoine a íobairt ann. Chuir na clocha uilig Dún Aonghasa i gcuimhne dom, cé nach bhfuil an heiau seo chomh mór sin.

3 comments:

  1. Más maith olc craiceann bán, níl bolg beorach ort ar aon nós.

    ReplyDelete
  2. Gach uair a fheicim an teidil seo, sílim go bhfeicim 'craiceann ban' agus bíonn níos mó suime agam...

    ReplyDelete
  3. Tá a lán de sin le feiceáil thall in Hawaii freisin! Cuid de cosúil le fine old Corinthian leather, faraor. Tá daoine ann a bhfuil andúil sa ghrian acu.

    ReplyDelete