09 Márta 2012

LS C i 2 fol. 38v


Is do lucht Old-Irish-L an leathanach seo, a bhfuil scéilín air a thosaíonn mar seo:

“Araile anchore roboi hi Cluain macco Nois.”


Faoi shean-mhanach darbh ainm Laisran atá an scéilín. Chonaic an duine bocht “aislince cholnide” (.i. aisling chollaí) oíche amháin, den chéad uair ina shaol. Och ochón! Bhí náire an domhain air, ach tháinig aingeal chuige a labhair leis i Laidin agus a mhínigh dó cén fáth ar tharla sé seo, a dúirt leis nach raibh an milleán air, agus nach bhfeicfeadh sé a leithéid arís go deo. Sílim gurb é an míniú a bhí ag an aingeal an rud is suimiúla sa scéal, ó thaobh na hantraipeolaíochta de.

1 comment:

  1. Tá aistriúchán Béarla de leagan eile den scéilín seo le fáil i bparagraf 67 anseo.

    ReplyDelete