30 Nollaig 2011

Damhsa na bhFear Ceangail?


Ní rud úrnua an teoiric seo, a nocht ar Archaeology Ireland seacht mbliana ó shin, ach tháinig mé ar an scéal den chéad uair ar maidin. Le scéal gairid a dhéanamh de, tá ar a laghad duine amháin ann, innealtóir darb ainm Alan Nowell, a chreideann go bhfuil ceangal ann idir (A) an damhsa seo:

On the Manners and Customs of the Ancient Irish
le Eugene O'Curry

agus (B) na fir chrosfhite atá le feiceáil sna lámhscríbhinní, greanta i gcloch, teilgthe i miotal, agus mar sin de:



Tá níos mó léaráidí agus tuilleadh mínithe le fáil ar an suíomh seo.

29 Nollaig 2011

níos mó gearrthóga


Ní raibh mé sa tóir ar níos mó gearrthóga, bíodh is gur thaitin na manaigh sa bhlagmhír roimh an gceann seo go mór liom. Ach fuair mé é seo de thaisme ar maidin. Tá na gearrthóga seo beoite.



Agus deas an t-amhrán é.

28 Nollaig 2011

manaigh bhídeacha san East End



Fuair mé an íomhá seo ar an mblag seo an lá cheana. Míníonn an blagadóir, a thóg an pictiúr seo, nach bhfuil iontu ach gearrthóga páipéir atá greamaithe de bhalla san East End. (Tá triúr acu ann, mar is ceart, ar ndóigh.) Níl siad ach cúpla orlach ar airde. Níl a fhios agam cé a chum iad. Is breá liom an teicníc seo!

26 Nollaig 2011

athrú meoin sa Rúis


FAINIC!
Ní féidir athúsáid a bhaint astu!

Tá a fhios ag an saol mór agus a mháthair go bhfuil agóidí ar siúl i Moscó agus i gcathracha eile ar fud na Rúise faoi láthair. Mar a dúirt cara liom thall, Peter Makarov (a bhfuil scoth na Gaeilge aige), “Is iondúil go bhfuil slogans an-suimiúil agus an-creative ag na protesters.” Is fíormhaith liom an ceann thuas. Is amhlaidh a dúirt Putin cúpla lá ó shin, tar éis dó na ribíní bána a chaitheann na hagóideoirí a fheiceáil, gur shíl sé gur coiscíní a bhí iontu. Bhí Putin ina uachtarán uair amháin, ar ndóigh, agus ba mhaith leis an post sin a líonadh arís. Is cosúil anois nach bhfuil an bóthar roimhe chomh glan agus a bhíodh.

24 Nollaig 2011

camall na Nollag, agus alpaca


Tá comharsana nua againn ar an tsráid. Chuala mé ó chomharsa eile go raibh traidisiún neamhghnách acu: camall a thabhairt isteach le haghaidh chóisir na Nollag. Agus lo and behold, bhí camall acu sa tsráid roimh an tí tráthnóna inniu! Agus alpaca beag gleoite freisin.

Party Animals
Is cosúil go bhfuil sean-taithí acu ar an obair seo.


Is maorga an créatúr é seo.
Ní raibh aon saoi ón aird thoir le feiceáil.


Thaitin sé seo go mór leis na páistí.

23 Nollaig 2011

Ceart nó mícheart?



In med do connac ni fhacim 7 in med do cim
ni fhaiceb 7 in med do bi ni fhuil 7 in med ata
ni bia 7 in med bias ni beid. Anno do. m.ccccc
.xiii.

Cithruadh Mag Findghaill a bhreac síos an mhír seo i Leabhar Chlainne Suibhne sa bhliain 1513. Dúirt sé freisin nach raibh a bhean in ann an méid seo a thuiscint fós:

Ni maith tuicios Mor Ciar na focail si tís co foill.

Níl a fhios agam an eisean a chum na focail seo, nó cá bhfuair sé iad. Seo iad arís i litriú an lae inniu:

An méid a chonnac, ní fheicim; 7 an méid a chím
ní fheicfidh; 7 an méid a bhí, níl ; 7 an méid atá,
ní bhíonn; 7 an méid a bheas, ní bheidh. A.D. 1513

22 Nollaig 2011

Beannachtaí na Gréine!


Grianstad an Gheimhridh


Tá muidne sa “leath uachtarach” den talamh tar éis an oíche is faide den bhliain a chaitheamh. Cé nach mbeidh sé follasach ar dtús, beidh an lá ag dul chun síneadh as seo amach. Uair amháin eile, tá an bua ag Sol Invictus, An Ghrian Gan Chloí. (Dála an scéil, bhí breithlá an dé seo ar 25 Nollaig sa Róimh: Dies Natalis Solis Invicti.)

21 Nollaig 2011

An té nach bhfuil...


An té (nó an bheirt) nach bhfuil feidhmiúil,
ní foláir dó a bheith ornáideach.

caomhnú fuinnimh ar siúl


“Am dinnéir? Ní hea?
Cén fáth ar dhúisigh tú muid?”

Is le mo iPad a thóg mé na grianghrafanna seo, toisc go raibh sé in aice láimhe. Tá na híomhánna beagán gráinneach dá bhrí sin.

15 Nollaig 2011

an t-amhrán is ansa liom anois


Éist leis. Níl aon mhíniú ag teastáil.



Pas mal, hein ?


braonta: agúisín


Seo aguisín leis an méid a scríobh mé mí ó shin faoi bhraonta báistí agus an chuma atá orthu dáiríre.



Tá bualadh bos tuillte ag na Slow Mo Guys!

14 Nollaig 2011

“Níl a fhios ag éinne ar an idirlíon...


... gur madra atá ionat.”


Tá gailearaí grianghrafanna ar Brain Pickings anois a thugann léargas úr dúinn ar an nath sin. Seo sampla amháin as.


Séard atá ann ná grianghrafanna de dhaoine atá ina ngéimirí ar an idirlíon in aice leis na híomhánna, nó avatars, a sheasann dóibh ar líne.

Caithfidh mé admháil go bhfuil mé dall ar fad ar dhá dhual suntasach de chultúr idirnáisiúnta an lae inniu, hip hop agus géimireacht, ach mar sin féin bhain mé an-sult as an gcnuasach íomhánna seo.

08 Nollaig 2011

drochlá an scríobhaí


ata in dubsa ag leatad

re flichi in lae

& is im aenar domsa gan mh

agus uair is fata ata


Tá an dubh seo ag leathadh le fliche an lae,
agus is im aonar domsa gan M
agus uair is fada atá.

Bíonn laethanta mar seo ann. Tá rud éigin cearr leis an ríomhaire, nó leis an bhfreastálaí, nó leis an gcosmas. Tá an spéir chomh fliuch le hiasc, tá tú leat féin, agus tá an tráthnóna ag éirí chomh fada le Domhnach fliuch.

Is ag obair an Leabhar Bhaile an Mhóta sa bhliain 1390 nó 1391 a bhí an scríobhaí nuair a bhreac sé síos an méid thuas ag barr leathanaigh 232v.

Is mór agam giotaí mar seo. Cá raibh an duine a d'fhág an píosa seo dírbheathaisnéise suite? Céard a bhí á chaitheamh aige? Cén fáth a raibh sé ina aonar? Cé hé M?

26 Samhain 2011

frithchiallaigh an lae



éisealach


amplach

24 Samhain 2011

Cén fáth ar thrasnaigh an bradán an bóthar?


Bhí sé thar a bheith fliuch i Stát Washington le cúpla lá anuas. Seo agaibh an cruthú:



Le fírinne, tarlaíonn a leithéid seo sách minic sna bólaí seo nuair a bhíonn díle bháistí ann. Is cosúil gur dual do na bradáin snámh in aghaidh easa, cibé áit agus cibé fáth a bhfuil an t-eas ann!

22 Samhain 2011

Is mairg don té...


Seo rud éigin do lucht Old-Irish-L, nota imill ó leathanach 3v sa lámhscríbhinn Laud Misc. 610. Cuirfidh mé Nua-Ghaeilge ar an rann, ach ní láithreach. Chuir an scríobhaí i leith Choilm Cille é, rud a tharla go mion minic.

Is é peannaireacht an scríobhaí a tharraing mo shúil air seo ar dtús. Saghas bloclitir Ghaelach atá inti. Cliceáil ar na híomhánna len iad a mhéadú.


Mairg cuínghes ní for charud


minbá lónd leis a thaburt


as é dédha ro thá dhe


misgus 0cus oirbere. Colum Cille cecinit.

21 Samhain 2011

pareidolia, cuid a dó


Níl a fhios agam an raibh an focal “pareidolia” ag Giotto, ach is léir gur bhain sé sult as imirt leis. An bhfeiceann tú an aghaidh sna scamaill sa fhreascó seo:


Tá sé níos éasca a aithint sa ghrianghraf gar-amhairc seo:


Dar le Chiara Frugoni, an staraí ealaíne a scríobh faoi seo le déanaí, próifíl an diabhail atá ann. Níl a fhios agam cé a bhí ar intinn Giotto nuair a tharraing sé é, ach tá mé cinnte go ndearna sé d'aon turas é.

20 Samhain 2011

Níos fearr ná zolpidem?


Deirtear (san uimhir seo de Time Magazine agus sa Mail Online) gur féidir leis an bpíosa ceoil seo, an “fonn is suaimhní riamh,” na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

1. imní a laghdú
2. croíráta a ísliú
3. brú fola a ísliú



An bhfuil codladh ort anois?

Tá sé saor in aisce, ar aon nós. Agus thaitin sé go mór leis na cait.

19 Samhain 2011

focal úsáideach eile (cuid a haon)


pareidolia ~ παρειδωλία
(pairíodóil ?)

pareidolia ag obair nuair a bhraitheann muid patrún (.i. íomhá nó teachtaireacht) in ionchur céadfach randamach (.i. i rudaí a thiteann amach de thaisme).



Seo grianghraf a thóg turasóir Meiriceánach le linn cuairt ar Aillte an Mhothair le déanaí. Má fheiceann tú aghaidh Íosa ann, mar a chonaic sise, acheiropoieton (αχειροποίητον) is ea an íomhá seo. Scríobh mé faoi seo anseo agus anseo bliain nó dhó ó shin. An sainmhíniú ná “íocón nach ndearnadh le lámh an duine”. Is rud coincréideach é an acheiropoieton.

Ach is rud randamach ar fad cruth na gcloch thuas agus thíos. Is féidir linn aghaidheanna a fheiceáil iontu trí bhíthin pareidolia. Ní rud coincréideach é an pareidolia ach gníomh nó bua. Tá sé thar a bheith tábhachtach dúinn, mar ainmhithe sósialta a bhfuil cairde agus naimhde (ainmhithe eile san áireamh) againn, aghaidheanna aithint go héasca. Is furasta mar sin aghaidh a fheiceáil i gclocha…


… agus in áiteanna eile:


Cliceáil le méadú.

N.B. : Ní bhíonn acheiropoieton ann i gcónaí nuair a bhíonn pareidolia ann!

17 Samhain 2011

Nach ionann póg agus síocháin?



Sanas Cormaic 1057:

Pōc quasi pāc, a pace, ar is airde sīda pax.

I bhfocail eile, tagann an focal Gaeilge “póg” ón Laidin “pax, pācis” mar is comhartha síochána póg.

Ní mar a shíltear a bhítear i gcónaí.



Agus is minic nach iontaofa mearfhéachaint. Cad é an Ghaeilge ar double take?

15 Samhain 2011

naoi stríoc an phinn


Is oth liom nár scríobh mé rud ar bith anseo le seachtain. Ní raibh inspreagadh agam, ná fonn cainte. Giorrú an lae is cúis leis sin, is dócha. Pé scéal é, seo íomhá atá ina luí (ina suí?) ar scáileán mo ríomhaire inniu, ag stánadh amach orm:



Naoi stríoc an phinn, ó dhuine atá ar shlí na fírinne le fada an lá. Cad is brí leo?

Dála an scéil, is léir anocht go bhfuil mé tar éis slaghdán a tholgadh.

09 Samhain 2011

an dara hearrach


“Earrach eile atá san fhómhar.
Tá gach duilleog ina bláth.”


“L'automne est un second printemps
où toutes les feuilles sont des fleurs.”

- Albert Camus

06 Samhain 2011

braonta báistí


Seo croí.



Seo braonta báistí.
Tá síad chomh so-aitheanta céanna leis an gcroí
os cionn an scamaill
os a gcionn.

An bhfuil na braonta báistí seo cruinn? Níl.
Níl siad cruinn = ar dhéanamh liathróide.
Agus níl siad cruinn = accurate ach oiread.

Tá na braonta sa phictiúr seo níos cruinne:


Seo thíos fírinne iomlán na mbraonta báistí:


Ní raibh a fhios agam go dtí le déanaí gur mar seo a bhíonn siad!

05 Samhain 2011

scrios ar mhaithe le fás nua

Seo taifeadadh drámatúil, cuid de i dtime lapse, den chéad ghníomh i leagan damba in oirthear Stát Washington a tógadh céad bliain ó shin. Cé go raibh an leictreachas a dhéantaí anseo tábhachtach, meastar go bhfuil na bradáin san abhainn seo, an White Salmon, níos tábhacthaí fós.
Tá muid ar tí dhá sheandamba eile a leagan sa stát seo, ar an Abhainn Elwha. Tá siad níos mó ná an ceann seo agus tá i bhfad níos mó uisce taobh thiar díobh, mar sin ní bheidh siad in ann tosú le pléasc spreagúl mar seo. Tá siad ag ísliú an uisce agus ag leagan na dambaí sin de réir a chéile ón mbarr anuas.

Tá na cait ag breathnú ort.



Is léir ón gcuma atá ar Mhichael (“an teirmiméadar”) go bhfuil athrú tar éis teacht ar an aimsir. Chuaigh muid ó shamhradh beag go geimhreadh in aon seachtain amháin.

04 Samhain 2011

An Hobad?



Dúradh linn i bpreas-ráiteas sa bhliain 2008 go raibh “leagan Gaeilge faoin teideal An Hobad, nó Go Ceann Scríbe agus Ar Ais Arís á ullmhú i láthair na huaire. Is é Nicholas Williams an t-aistritheoir, an duine a chuir Gaeilge le gairid ar Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas agus ar Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi le Lewis Carroll, dhá aistriúchán a fuair ardmholadh ó phobal na Gaeilge.”

Níor léigh mé an scéal seo i mBéarla riamh. Ba mhaith liom é a léamh roimh theacht amach an scannáin, atá á dhéanamh faoi láthair. Beidh an scannán ar fad i d3D, mar a mhínítear sa chlip seo.



Is cosúil go mbeidh sé go hiontach! Anois, is beag an saol é saol na Gaeilge. Caithfidh go bhfuil a fhios ag duine nó dhó agaibh cén fáth nach bhfuil an leagan Gaeilge den scéal ar fáil fós. Mura bhfuil a fhios agaibh féin, caithfidh sé go bhfuil cara, nó cara le cara, nó col ceathar a bhfuil cara leis atá posta le bean a bhfuil a fhios aici! Nach bhfuil?

30 Deireadh Fómhair 2011

An iasc é sin i do chluais?


Uaireanta is deacair liom leabhar nua - an ceannn ceart ag an am seo den bhliain agus de mo shaol féin, an ceann a mbeidh spéis agam ann ó thús deireadh - leabhar mar sin a fháil. Déarfainn i mBéarla go mbím thar a bheith choosy ag amanna mar seo: deacair a shásamh. Níl a fhios agam an bhfuil focal mar sin againn i nGaeilge. Ní hionann choosy agus éisealach i gcúrsaí leabhar, agus ní hionann doshásta agus hard to please.

Pé scéal é, tháinig gliondar ar mo chroí ar maidin nuair a léigh mé an Sunday Book Review de chuid an New York Times. Níl a fhios agam fós an é seo an leabhar ceart, ach más iontaofa an léirmheas seo, is féidir gurb é seo é:


Tá sé deacair, beagnach dodhéanta, a bheith i do Ghaeilgeoir san aois seo gan a bheith id aistritheoir chomh maith. Tá muid beo in - nó idir - dhá theanga, agus is dhá theanga iad atá an-difriúil lena chéile ina lán dóigheanna. Mar sin, tá súil agam go mbeidh spéis agam sa leabhar nua seo, ó thús deireadh - toisc go mbeidh idir fhoghlaim agus shiamsa ann. Tá muid beo i ndóchas. Ach beidh barúil agam go luath. Tá mé díreach tar éis sampla den r-leabhar a íoslódáil saor in aisce ó Amazon.

28 Deireadh Fómhair 2011

Go maire sibh é!



Uachtarán nach mbeidh air cúrsa Gaeilge a dhéanamh!

Go maire seisean (é) freisin.

26 Deireadh Fómhair 2011

Oíche Shamhna atá ann...


... chuile lá i dTír an Niqab.


Samhlaigh iad seo ar oíche gan ghealach,
ar shráid dhorcha, ag teacht i do threo!
Bhah-chah-chah!

24 Deireadh Fómhair 2011

dide do bhochtaibh



Ba dín do nochtaib.
Ba did do bochtaib.

Cé gur cumadh na línte seo tuairim is 1,4oo bliain ó shin, tá siad sothuigthe fós i nGaeilge an lae inniu gan ach athrú beag nó dhó:

Ba díon do nochtaibh é.
Ba dide do bhochtaibh é.

Gligín fógraíochta ón séú haois? Sluán polaitíochta? Cuid de fheachtas naomhainmnithe? Níl a fhios agam an raibh naomhainmniú oifigiúil ann ar chor ar bith ag an am sin, ach is rud mar sin a bhí ar intinn an rannaire a chum an píosa véarsaíochta seo.

Cuireann an gligín seo, scríofa san aimsir chaite mar atá sé, geilleagar na Gréige (suaimhneas síoraí dó) i gcuimhne dom.

dhá nod in aon fhocal amháin


Oíche Shamhna


Is féidir go bhfuil mé ag póitseáil ar fhearann SeoFocanIontach, ach seo agaibh é mar sin féin.



Beannachtaí (?) Oíche Shamhna oraibh!

20 Deireadh Fómhair 2011

Bashar al-Assad



Is é do sheal é, يا بشار !

Bhí marú ag teastáil uaidh.



Níl a fhios agam an féidir é a rá mar sin i nGaeilge. I nDeisceart Mheiriceá séard a deirtear ná “He needed killing.”

19 Deireadh Fómhair 2011

17 Deireadh Fómhair 2011

aontoiseach vs. déthoiseach


An Ghluais:

aontoiseach = one-dimensional
déthoiseach = two-dimensional

Is cosúil go bhfuil an saol mór a mháthair cleachta faoin am seo leis na giorrúcháin a úsáidtear i dtéacsáil. Más Béarlóir atá ag téacsáil, is féidir go bhfaighfeá:

B4N
bye for now

BHL8
be home late

CYA
see you

Tá na giorrúcháin seo aontoiseach. Tá píosaí ann, litreacha agus uimhreacha, agus leanann siad a chéile i líne dhíreach. Níl rogha ar bith eile ann.

Na giorrúcháin a bhíodh in úsáid ag ár sinsir ina gcuid lámhscríbhinní, áfach, is minic nach aontoiseach a bhí siad ar chor ar bith. Carntar na píosaí sách minic, agus úsáidtear leathphíosaí freisin. Giorrúcháin déthoiseach is ea na cinn seo a leanas:

eter (eadar, idir)
et + r (a bhfuil an t-íslitheach céanna acu beirt)
+ stríoc ghiorrúcháin os a gcionn

uaire
u + ar + i os cionn + e leath-scríofa

seacht
s + (e/a)cht
NB: is ionann -(e/a)cht an litir ‘s’
le stríoc ghiorrúcháin os a cionn

iarum (iaramh)
i + ar + stríoc chuar os a gcionn
NB: is ionann stríoc chuar agus -(a/u/o)m