15 Samhain 2011

naoi stríoc an phinn


Is oth liom nár scríobh mé rud ar bith anseo le seachtain. Ní raibh inspreagadh agam, ná fonn cainte. Giorrú an lae is cúis leis sin, is dócha. Pé scéal é, seo íomhá atá ina luí (ina suí?) ar scáileán mo ríomhaire inniu, ag stánadh amach orm:



Naoi stríoc an phinn, ó dhuine atá ar shlí na fírinne le fada an lá. Cad is brí leo?

Dála an scéil, is léir anocht go bhfuil mé tar éis slaghdán a tholgadh.

3 comments:

  1. Biseach luath ort. Agus níl tuairim agam.

    ReplyDelete
  2. GRMA, a Aonghuis. Is léir ar maidin go mbeidh sé níos measa sula mbeidh mé níos fearr.

    Uimhir atá ann: XXX = tríocha

    ReplyDelete
  3. Díreach ag deireadh slaghdáin me féin. Leaba agus só, mas féidir. Sin an leigheas is fearr.
    XXX = a lán póganna!!!

    ReplyDelete