31 Nollaig 2014

Ealaín na gCeilteach



Is stater (στατήρ) óir é seo. Buaileadh é le linn réimeas Philip II, Rí Mhacadóin, athair Alastair Mhóir, 382 - 336 R.C., nó go gairid ina dhiaidh sin. Fuair saighdiúirí Ceilteacha boinn mar seo mar thuarastal agus iad ag troid mar amhais in airm na nGréagach.

Thug siad na staitéir seo abhaile leo agus roimh i bhfad thosaigh na taoisigh Cheilteacha sa Ghall ag bualadh staitéar dá gcuid féin.



Staitéar óir de chuid na bParisii

Choinnigh na Ceiltigh an bunsmaoineamh: agaidh Apollo ar thaobh amháin agus each ar an taobh eile. Ach d'athraigh siad na híomhánna go hiomlán. Chloígh siad lena gcód aeistéitiúil féin, cód a bhí an-éagsúil leis an traidisiún Gréag-Rómhánach. Is ar phatrúin seachas ar réalachas a bhí an bhéim acu. Stíl La Tène a thugtar ar an ealaín seo anois.

27 Nollaig 2014

Ag teacht go cathair i ngar duit!


An bhliain seo chugainn? Bhí Krampus le feiceáil in Philadelphia um Nollaig i mbliana!



Is gruagach é Krampus atá dúchasach do na tíortha Alpacha san Eoraip. Téann sé thart um Nollaig le páistí dána a smachtú. Nuair a théann grúpa Krampus le chéile tríd an gcathair tugtar Krampuslauf air. Saghas paráide atá ann.  Seo iad cuid de na gruagraigh a bhí páirteach sa Lauf in Philly:


Agus seo cuid acu in Salzburg:


Tá feis gheimhridh ag na Hopi in iardheisceart Mheiriceá a dtugtar Powamu uirthi. Tá gruagaigh acu freisin a chaitheann aghaidheanna fidil agus a smachtaíonn páistí dána.  Is neacha scanrúla iad a bhfuil scian agus bachall ina nglac acu. Seo é Nata’aska:


Agus seo í So’yok Wùuti a bhfuil páiste dána ina ciseán aici!


17 Nollaig 2014

Bromanna!



Pónairí, an bia is ceolmhaire! Déanann siad an fead is ollmhaire. Dá airde an gleo sea is mó an só. Ithimis pónairí d’oíche is ló!


13 Nollaig 2014

le go n-éirí an ghrian


Tamall ó shin thug mé faoi deara an comhionannas iontach idir: 

1. an bun-mhiotas Meisi-Mheiriceánach, an t-idé-eolaíocht atá ag bun an chreidimh a bhí ag na hAztec agus na Maya

2. dán leis an bhfile Gréagach Odysseas Elytis, “Ενα το χελιδόνι / Ena to Khelidóni” 


Éirí na gréine atá i gceist sa dá chás. Agus fuil. Is cosúil gur chreid na hIndiaigh Mheisi-Mheiriceánach go raibh íobairt fola ar bhun laethúil riachtanach le neart a thabhairt don ghrian, le go mbeadh sí in ann teacht ar ais chuile lá. Seo achoimre a fuair mé ar an idé-eolaíocht sin: 


Cliceáil le méadú.

Anois, seo é chéad rann an dáin a scríobh Elytis:

Ενα το χελιδόνι κι η άνοιξη ακριβή
για να γυρίσει ο ήλιος θέλει δουλειά πολλή
Θέλει νεκροί χιλιάδες να 'ναι στους τροχούς
Θέλει κι οι ζωντανοί να δίνουν το αίμα τους.


Fáinleog amháin agus earrach daor:
le go dtiontóidh an ghrian, tá an-obair de dhíth,
ní mór na mílte marbh a bheith ag na rothaí,
ní mór do na beo a gcuid fola a thabhairt.

Rinne Theodorakis amhrán clúiteach den dán seo:



19 Samhain 2014

Tá meadar uaim!


Seo meadar: 


Seo ceann eile, a rinneadh as giúis phortaigh ca. 1900 faoi anáil Ghluaiseacht na nEalaíona agus na Ceardaíochta:


Tugtar “mether” air i mBéarla. Bhí siad in úsáid in Éirinn ar feadh i bhfad, ón Meánaois, nó níos luaithe, anuas. “Metur / metar / medar” a bhí air sa Mheán-Ghaeilge. Is cosúil gur tháinig an focal sin ó metrum na Laidine, sa chiall “cupán tomhais”. Rinneadh as adhmad iad, fearnóg nó saileach go minic.

Is breá liom an scéilín seo leanas, faoi Lord Townsend agus na meadracha móra a thug sé leis abhaile ó Éirinn, agus an bob a bhuaileadh sé ar a chuid cairde ag a chóisirí dinnéir, agus an méid seo go háirithe:  “if an Irishman chanced to be present, called upon him to teach the Saxons the mether drill.”



Tá meadar uaimse anois le go mbeidh deis agam an mether drill a mhúineadh do mo chuid cairde!

Dála an scéil, is meadar mhór théagartha é an MacCarthy Cup.


18 Samhain 2014

bearrthóir & feimíneach


Sa bhlagmhír Irish has a word for it! tá dhá focal ar an liosta a bhfuil an chiall chéanna acu:

bearrthóir - Tail-chewing animal.

feimíneach - Tail-eating animal.


Is cosúil go bhfuil ainmhithe ann - ba, caoirigh agus gabhair - a chreimeann na ribí róin a fhasann ar eireabaill ainmhithe eile nó ar a n-eireabaill féin. Tá bó nó caora mar sin in ann an rón ar fad ar chapall a ithe in aon lá amháin, más fíor. Tagraíonn na focail thuas, bearrthóir agus feimíneach, d'ainmhithe mar sin, mura bhfuil dul amú orm.



Feictear dom, áfach, go bhfuil feidhm eile ag fanacht leis an bhfocal “feimíneach,” agus seo é:



Tá ainmhithe eile mar seo le feiceáil in ealaín na Meanaoise, ainmhithe a bhfuil greim acu ar a n-eireaball féin nó ar eireaball ainmhí eile. Tá na cúnna seo le feiceáil i Leabhar Cheanannais mar shampla: 



Agus na nathracha (?) seo i Leabhar Dharú:


Is é an feimíneach is clúití ar fad ná Ouroboros:


15 Samhain 2014

Irish has a word for it!


Irish has a word for it! Aon fhocal amháin. Tá na focail seo le fáil in Foclóir Gaeilge-Béarla. Thóg mé gach sainmhíniú ón bhfoclóir céanna, focal ar fhocal gan athrú ar bith.


aduantas - Strange feeling (of fear, loneliness) caused by unfamiliar surroundings.

aimliú - Spoiling by exposure to weather. 

ainbhlinn - Froth from mouth of decaying corpse.

áirí - Ground manured in previous year; ground from which potatoes have been cropped.

aiteall - Fine spell between showers.

amainiris - The second day after tomorrow.

amanathar -  The day after tomorrow; the second day after.

anlann - Kitchen, tasty food (e.g. butter, meat, fish) taken with bread or potatoes.

athphrátaí - Land in which potatoes were grown in preceding year.

barrchonlach - Seaweed growing on upper part of beach. [cf. cadamán]

béaláiste - Drink to seal bargain.

bearrthóir - Tail-chewing animal.

béillic - Flat stone with cavity underneath.

beochaoineadh - Lament for a person who has gone away. [not died]

brach - Discharge from eyes during sleep.

bruán - Afterbirth of animal.

bruithleachán - Person who sweats profusely.

buadán - 1. Stump of animal's horn. 2. Bandage on dehorned animal. 3. Bandage on head; kerchief bound about head and forehead.

buaile - Milking-place in summer pasturage.

buaircín - Guard on tip of animal's horn.

cadamán - Seaweed growing on upper part of beach. [cf. barrchonlach]

cealdrach - Old burial ground; burial place for unbaptized infants.

cídeog -  1. Covering for head and shoulders against rain or cold. 2. Person who is easily imposed upon; spineless creature.

cinnire - Person leading an animal by the head.

codraisc - Collection of inferior objects.

connchlann - Repetition of the last word of one stanza at the beginning of the next.

criathróir - Animal surefooted on boggy ground.

cúlaon - Deep shelf at side of chimney-piece.

deán - Channel (in strand at low tide).

dearglach - Red glow (in sky).

driongán - Animal in poor condition.

dubhó - Great-great-grandson; great-great-grandchild.

dúlaoisc - Sea-level cave.

eadra - Spell of morning grazing (before milking).

éadrá - Strand exposed by ebbing tide.

fachlach - Cracked surface of parched bogland.

feimíneach - Tail-eating animal.

foiseach - Grass inaccessible to mowing machine; grass growing along margin of field.

fóisí -  One who does things by fits and starts.

fostúch - Boy of employable age. 

fuarlach - Flooding from heavy rainfall, freshet.

fuathlainn - Thread used to secure bait to hook.

gormánach - Young seal after shedding white baby-coat.

graifneach - Fond of horse-racing.

iarchomharc - Last word of poem repeating the first word.

iombhá - Place where there is danger of drowning.

ioscaid -  Hollow at back of knee. 

ithir - Land on which root crops have been grown in previous season.

léinseach - Smooth tract (of water), flat stretch (of ground).

lópach -  Wearing vampless stockings.

ladhar - Space between toes or fingers.

maológ - Heaped load; part of contents heaped above rim of container.

maoluimhir - Cardinal number not followed immediately by noun.

méidhe - Neck; stump of neck, neck of headless body.

mua - Clouded apparition, mysterious figure.

múchán - Old ruin; (chimney-)stones marking site of former dwelling.

muirbheach - Level stretch of sandy land along sea-shore.

ruamáile - Scum on water.

rup rap - Diarrhoea with vomiting.

sabhsaí - Person who works in all weathers.

sclimpíní - Dancing lights before eyes.

scuaidreamh - Quick careless effort.

séanas - Gap between upper front teeth.

sliopach - Inability to grasp (due to numbness of fingers).

stolpach - Dry windy weather (causing soil to harden).

suán - Drink of water in which oatmeal has been steeped.

toiriall tairiall - Strip of skin from corpse (supposed to have magical properties).

tonach - Wash; washing the dead.

tráthaí - Person who keeps regular hours.

úirín - House built by children in play.

06 Samhain 2014

Mise agus Pangur Bán



Ní Pangur Bán a bhí ar an gcat seo áfach. Singsong a bhaist mé air, más fíor do sheanchas mo thuismitheoirí. Tuairim is trí bliana d'aois a bhí mé ag an am sin, nach ndéarfá?

04 Samhain 2014

Conas dán a scríobh gan dua


1. Faigh leabhar. Bheadh úrscéal go maith, ach is cuma. Dán avant garde -- nó turgnamhach -- a bheas á chumadh agat.

2. Cuir do mhéar sa leabhar, áit éigin, go randamach.

3. Sin é an t-ábhar a bheas le múnlú agat. Chuir tú do mhéar air!  

Sa chás seo, thogh mé an t-úrscéal An Uain Bheo le Diarmaid Ó Súilleabháin.  



‘Ní raibh is dócha … Sin í mo mháthair, an tsamhlaíocht ag rith léi de shíor -- chuirfinn geall go raibh faitíos uirthi go gcuirfeadh sé sinn thar chlaí nó go n-éireodh sé cancrach …’

4. Bearr agus teasc é mar is mian leat, ach ná hathraigh ord na bhfocal. Ansin cuir bristeacha líne ann.

Sin í mo mháthair.
An tsamhlaíocht.
Rith léi de shíor.
Chuirfinn geall
uirthi.

5. Tá tú beagnach réidh. Níl ag teastáil anois ach teideal. Ní mór dó bheith débhríoch nó aduain, nó cliste más féidir. Is é seo an chuid is deacra den jab.  Hmmm.  Céard faoi:

Is í Máthair na nDánta an tSamhlaíocht 

Moltaí eile?

02 Samhain 2014

Ar chóir duit a bheith i do chrann ard?


Seo crann ard, crónghiúis i gCalifornia le bheith beacht.



Agus seo a bhfuil le rá ag téacs in Leabhar Buí Leacáin faoi chrann ard.


Armad ard in crand is móide co mór benaid na gaetha fris.

I nGaeilge an lae inniu: Dá airde an crann is ea is mó go mór a bhuaileann na gaoithe é.

Chuir sin nath Seapánach i gcuimhne dom:

出る釘は打たれる
Buailtear síos an tairne a ghobann aníos.

Is léir ón téacs thuas, tráchtas crábhaidh dar teideal Tegasc Rig Solmain meic David, gur rabhadh a bhí ann, ar nós an natha i Seapáinis. 

I ndánta saolta, áfach, bhaintí úsáid mholtach as an íomhá chéanna. “Rop éo uasind fhid” (crann iúir os cionn na coille a bhí ann) a scríobh file amháin faoina phátrún marbh, agus “crann os gach coill craobh” a scríobh file eile. Íomhá laochúil atá againn anseo. Seo fear ard diongbháilte a sheasann an fód.  Is minic a bhain na Sean-Ghaeil úsáid mheafarach as focail eile cosúil leis sin: clí, columna, tuir, úaithne, focail leis an gciall piléar, colún, cuaille.

29 Deireadh Fómhair 2014

scéilín goirt


Tá tráchtas beag Sean-Ghaeilge againn a phléann na saghasanna éagsúla aoire atá ann.  Tosaíonn sé leis na focail “Cis lir fodlai aíre?” Cé mhéad cineál aoire atá ann?

An chéad saghas aoire a phéitear ná “aisnéis.” Gearán nach bhfuil déanta i riocht filíochta atá i gceist. Tugtar an sampla greannmhar seo dúinn. 

Tá cáinte (cineál aorthóra) ar cuairt i dteach uasal. Níl sé sásta lena chuid. Fiafraíonn an seirbhíseach de, “In scerdfider salann duit ar do chuitid?” An gcroithfear salann duit ar do chuid? 


RIA Dii 1, f. 137r

“Níthó,” a deir sé. “Níl aon rud ar a gcroithfear é mura gcroitear ar mo theanga. Ní gá sin. Tá mo theanga goirt cheana féin!”

RIA 23 P 12, f. 163r

Is guirt cena.

Bhí dhá chiall le “goirt” sa tSean-Ghaeilge díreach mar atá dhá chiall leis inniu: (1) salty (2) bitter.

26 Deireadh Fómhair 2014

an bia is oiriúnaí do Lá Samhna


Seo iad na bianna is cuí ag an am seo bliana, de réir an rainn seo ón sean-am.

Carna, cuirm, cnóimes, cadla, 
it é ada na samna; 
tendal ar cnuc co n-grinde, 
bláthach, brechtán úrimme.


Feoil, beoir, cnónna, ispíní,
iad is oirinúnaí Lá Samhna; 
tine ar chnoc le grinne*, 
bláthach, cnapán úr-ime.

* Tá an focal “grinne” againn fós san fhoclóir. Tá dhá chiall leis, mar atá “1. brosna; 2. grúpa daoine, buíon”. Bheadh ceachtar acu oiriúnach sa chomhthéacs seo. 

An bhfuil oideas ag éinne a bhfuil na comhábhair uilig sin ann? Nó céard faoi friochtán d'ispíní a bhfuil cnónna iontu, arán déanta le bláthach is im, agus beoir mar dheoch?


18 Deireadh Fómhair 2014

aire


Seo mar a scríobh scríobhaí amháin na focail “la Guaire” in Leabhar Buí Leacáin. Is ionann “la” agus “le” i nGaeilge an lae inniu. Ba rí é Guaire Aidne mac Colmáin a fuair bás sa bhliain 622. Cé gur duine stairiúil a bhí ann, ba charactar é freisin in a lán scéalta a cumadh ina dhiaidh sin.



Rinne an scríobhaí (nach bhfuil a ainm ar eolas againn) monagram néata de “aire.” Thaitin an cleas sin liom.  Scríobh mé arís é dom féin mar seo le peann feilte: 


Focal ann féin é “aire.” Dhá fhocal éagsúla atá ann, le bheith cruinn:

1. aire = an ceann atá ar roinn stáit

2. aire = cúram, aird

Le bheith níos cruinne fós, tá trí cinn ann, toisc go ndearnadh dhá fhocal de “aire uimhir a dó” tamall ó shin i stair na teanga. Tá “aire” agus “faire = coimhéad” againn anois. Is minic a cuireadh f- nach raibh ann go stairiúil roimh focal a thosaigh le guta sa tSean-Ghaeilge. “Fuar” atá ann anois, ach “úar” a bhí ann ar dtús, mar shampla. I gcás “aire,” coinníodh an dá leagan, ach le bríonna atá rud beag difriúil.

16 Deireadh Fómhair 2014

An Bronntanas


Fuair mé bronntanas beag an lá cheana, réamhamharc ar an gcéad eipeasóid de shraith nua teilifíse a thosóidh ar TG4 i gceann seachtaine. Scéinséir atá ann. Tá bás le hadhairt againn sa chéad nóiméad, ach is bás anabaí a thagann go luath ina dhiaidh sin. 

An Bronntanas is ainm don dráma seo. Ainm báid, sa chás seo. Ní bhíonn chuile bhronntanas go maith don duine a fhaigheann é.


Dara Devaney mar JJ

Níl ach 1/5 den dráma feicthe agam. Céard a tharlóidh do JJ anois? Cibé, beidh sé … mmm … suimiúil!

05 Deireadh Fómhair 2014

folcadh



fothrucad

Is é seo an focal Sean-Ghaeilge ar “folcadh.” Tá iontráil dó in Sanas Cormaic, an foclóir sanasaíochta a cuireadh le chéile ca. 900 AD. Tugann Cormac cúpla míniú ar an bhfocal dúinn. Is fearr liom an chéad cheann, bíodh is nach bhfuil aon bhaint aige le fíorstair an fhocail:

597. Fothrucad quasi othrucad, ar is d'othraib .i. d'oes lobair is mencem.

Fothrucad quasi othrucad, oir is do othair, i.e. do aos lobhair (do dhaoine easlána) is minice.

I bhfocail eile, bhí baint ag folcadh le tinneas nó le galar in intinn an tsanaseolaí seo. 

29 Meán Fómhair 2014

an drochshaol ca. 1400


Seo nóta truamhéalach a d'fhág Murchadh Ó Cuindlis ar phíosa beag páir in Leabhar Buí Leacáin



IS doilig lind in mil mu
i- do gabad in ar paindter
do gaid dona d___thib
drochenig & is mesa lind
ina sin urmor ar muind
tire dobeth ag ec & dar lim
ni slan in becan dib nach


uil na laigi & ni lugaidi
a saith a mbeth re bas uile.

Seo iad na focail chéanna i litriú an lae inniu:

Is doiligh linn an míol má a gabhadh inár bpaintéar a ghoid do na daoinibh (?) drocheanaigh agus is measa linn ná sin formhór ár muintire a bheith ag éag agus dar liom ní slán an beagán díobh nach bhfuil ’na luí agus ní lúide a sáith a mbeith le bás uile.

Agus seo athrá de i nGaeilge an lae inniu.

Is doiligh linn an giorria a gabhadh inár ngaiste a bheith goidte leis na daoine (?) mí-onóracha agus is measa linn ná sin formhór ár muintire a bheith ag fáil bháis agus dar liom ní slán an beagán díobh nach bhfuil ina luí agus tá an méid céanna acu ar tí bás a fháil.

Tá focal amháin sa tríú líne a bhfuil an chuma air gur scriosadh é agus gur scríobhadh air.  An scríobhaí féin a rinne é, is dócha.  Thras-scríobh mé é mar “daoinibh” toisc go n-oireann sé sin don chomhthéacs, ach is léir go bhuil - nó go raibh - focal eile i gceist.

Maidir leis an gcéad fhocal eile, “drochenig,” níl “enech” sa teanga níos mó. “Aghaidh” an bhunchiall a bhí leis sa tSean-Ghaeilge, ach chiallaigh sé “onóir” chomh maith (cf. he lost face). Na daoine a ghoid an giorria a bhí gafa sa dol, bhí siad of bad honour.

Is cosúil go raibh plá ann ag an am sin. Bheadh orm níos mó taighde a dhéanamh, áfach, le tuilleadh a rá faoi sin.

Chuir mé cúpla nóta eile a d'fhág Murchadh Ó Cuindlis i lámhscríbhinn eile ar an mblag cúig bliana ó shin, anseo (faoina a chat), anseo (faoin spideog), agus anseo (an cat arís), chomh maith le ceann nó dhó eile a scríobh sé faoin am céanna.

24 Meán Fómhair 2014

an scríobhaí céanna


Seo é an scríobhaí céanna, ag caint arís faoin gcoinneal a fuair sé “le cluainaireacht.” Nochtann sé ainm na mná a thug an solas sin dó. Agus maíonn sé - go dána fós - nach cúis aithrí dóibh é sin.

 Ag sin lethtaobh do sgribus


 oidhqi feil san nicalas


 7 an sgol uile na dtaoi acht meisi


 7 nar aithfrigi dei sin orm fein


na ar a mnaoi tuc solus dam .i. sile


“Sin é an leathanach a scríobh mé oíche Fhéile San Nioclás agus an scoil uilig ina dtámh ach mise, agus ná raibh  aithrí de sin orm féin ná ar an mnaoi a thug solas dom, i.e. Síle.”

Is dócha gurbh í Síle an bhean a chiontaigh sé sa nóta seo, an bhean a chuir a aigne óna chuid oibre, dar leis. 

20 Meán Fómhair 2014

scríobhaí ag clamhsán


Is cosúil nach raibh mo dhuine sásta leis an scríbhneoireacht ar an leathanach seo (col. 520-21 i Leabhar Buí Leacáin), cé go bhfuil an pheannaireacht an-soiléir, rialta agus soléite i mo thuairimse. Pé scéal é, d'fhág sé an nóta seo ag bun an leathanaigh.


Ag sin droch lethenach is mesa litir ar bith

7 mallacht don mnai is ciontach ris sin

do cuir maignedh on iath go roile

“Ag sin drochleathanach, is measa litreacha ar bith, agus mallacht ar an mnaoi is ciontach leis sin, a chuir m'aigne ón iath [= fearann, tír] go ceann eile.”

Is dócha gurbh é an leathanach féin an “fearann” a bhí sé a threabhadh lena pheann. 

Tá cuid de na noda seo suimiúil:


 
= [dro][ch]

 
= l[eth]en[ach] 


 
= m[all]a[cht]

= [ci][on][tach]

18 Meán Fómhair 2014

ómós



An bhfeiceann tú na litreacha o r z anseo? Feiceann téacsálaithe Síneacha rud éigin eile:


Baineann siad úsáid as an íomhá seo le “Tugaim ómós duit. Tá meas mór agam ort” a rá le trí litir. Ar nós an chroí  ❤ , níl an íomhá seo ceangailte go díreach le teanga ar bith. Is féidir a mhaíomh go bhfuil sléachtadh níos Áisí nó Ioslamaí ná Eorpach nó Meiriceánach, ar ndóigh, ach le fírinne ní cuid lárnach de chultúr na Síne níos mó é ach oiread. 

17 Meán Fómhair 2014

solas don scríobhaí


Is fada ó thug mé nóta imill daoibh. Seo ceann deas dána ó Leabhar Buí Leacáin (col. 508-09), a d'fhág an scríobhaí ag bun an leathanaigh. Tá na híomhánna seo inmhéadaithe:



Dar lem féin a sgol is maith do ben me



in coinneal ar cluanaireacht diph

“Ar liom féin, a scoil, is maith a fuair mé an choinneal le cluaineareacht díbh.”

Níl a fhios agam cén saghas cluaineareachta, nó cluanaíochta, a bhí i gceist. Is cosúil go raibh an scríobhaí bródúil as féin, pé scéal é.

Seo cúpla ceann de na noda atá le feiceáil ann:


 air in cluanaireacht

(e)acht in cluanaireacht

di in diph (díbh)