27 Bealtaine 2009

Murchadh Ó Cuindlis agus a chat

“Atlochar do dia gan dar mainib ar marthain acht ar cuid don chatín gel namá.

D'fhág ár scríobhaí an nóta seo sa Leabhar Breac. Tá an chéad chuid den líne le feiceáil thuas. I nGaeilge an lae inniu:

“Ní as an maoin atá fágtha againn atá mé buíoch de Dhia ach as grá an phiscín ghil.”

5 comments:

  1. "Caitín" an focal atá anseo i gConamara, seachas "piscín". Is cosúil go dtéann sé siar píosa maith mar fhocal. An "grá" atá i gceist le "cuid"? Ab shin an cúlra atá le "Mo chuid den tsaol", cuir i gcás, nó "A stór is a chuid?"

    ReplyDelete
  2. Fíor-spéisúil go deo, bhí an ceart agat nuair a dúirt tú gur fhág sé a phearsantacht ar an leabhar!

    Ach nach mbeadh sé i dtrioblóid dá bhfeicfeadh Giolla Íosa Mór é ag scríobh nótaí fánacha ar lámhscríbhinn thábhachtach

    ReplyDelete
  3. GRMA as an bhfocal "caitín", a Thaidhg. Sea, is ionann "cuid" agus "grá" nó "cion" uaireanta. Féach na focail "part" agus "partiality" i mBéarla freisin, agus an abairt seo ó "Serglige Con Culainn" i Lebor ha hUidre :

    "Is dethbir dait, ol si, ní fil diib mnaí nachit·charad no ná·beth cuit dait."

    = Is fíor duit, ar sise, níl de mná nach gcarann thú nó nach bhfuil cuid duit.

    Maidir leis na nótaí fánacha i lámhscríbhinn thábhachtach (agus costasach!), ba nós seanbhunaithe é chuile shórt a scríobh sna "margain". Is minic a fheictear "promhadh pinn" ansin, mar shampla. Tabharfaidh mé cúpla sampla de sin daoibh anocht.

    ReplyDelete
  4. An méid beag a scríobh sé ansin, bheadh saothar air a leithid a dhéanamh! Nach mbeadh? Ag scríobh le cleite ar phárpháipéar.

    Cad a deireann sé sin dúinn faoina phearsantacht, go bhfuil sé toilteanach am a chur amú le -ag an am- nótaí fánacha faoina chaitín?

    ReplyDelete
  5. Dúirt mé cúpla seachtain ó shin ar an liosta Old-Irish-L go raibh a lán de na nótaí imill seo an-chosúil le tweets ar Twitter. Níl a fhios againn cé mhéad daoine atá amuigh ansin anois díreach ag cur a gcuid ama amú ag Twitteráil. :-)

    ReplyDelete