21 Bealtaine 2009

Marginalia

An chéad rud atá le rá agam ar an mblag nua seo: ní focal Béarla é marginalia.  Is focal deas Nua-Laidine é, iolra neodrach le bheith cruinn.  Nótaí imill an Ghaeilge atá air dar le www.focal.ie agus tá mé sásta leis sin.  Ach is suimiúil an rud é go raibh an focal margan againn i bhfad ó shin i réamhrá Félire Óengusso Céli Dé:

Nóna ocus ída, 
réim calne co fíri, 
fort margan co mbáni  
bieit inna líni.


Nones agus ides,   [an seachtú agus an cúigiú lá déag den mhí]
réim kalends le fírinne,
ar do imeall le báine   [ar d'imeall bán]
beidh na línte.

Pé scéal é, bhaist mé Nótaí Imill ar an mblag seo:

a)  toisc go bhfuil an-suim agam anois díreach sna nótaí a chuir scríobhaithe éagsúla inár gcuid lámhscríbhinní;

b)  toisc go bhfuil mé i mo chónaí in Seattle, ar imeall an Domhain Thiar; agus

c)  toisc gur leag cara liom a mhéar ar an bhfírinne nuair a dúirt sé i bhfad ó shin “You have a fascination for the irrelevant.”

4 comments:

  1. Fáilte romhat, a Dennis. Beidh mé ag dúil go mór le do nótaí imill a léamh.

    ReplyDelete
  2. Mise freisin.
    Go raibh maith agat as an ngriangraf.
    Bhfuil cead agam é a ghoid mar léaráid don mhír i mo bhlagsa?

    ReplyDelete
  3. Go raibh maith agaibh!

    Cinnte, a Aonghuis.

    ReplyDelete
  4. Marginalia. Nach deas an téama é sin. Cuireann sé i gcuimhne dom an nóta a scríobh Fermat — go raibh cruthú aige nach fíor go bh'fuil a∗∗n+b∗∗n=c∗∗n, nuair is slán uimhreacha dearfacha iad uilig and n níos mó ná a dó. B'fhéidir go raibh an imeall ró-chúng! Gerry

    ReplyDelete