25 Bealtaine 2009

M agus N arís


Dhá ainm agus dhá cheannlitir ó Leabhar Mór Leacáin.  Ba dhraoi cumhachtach é Mog Ruith / Mug Ruith.  Niall Mear mac Maoil Mhichil an duine eile, .i. Crazy Niall Mulvahill.  Éinne dá shliocht anseo?

3 comments:

  1. Cárbh as dóibh, an Niall Mear agus Mog Ruith seo?

    ReplyDelete
  2. Maidir le Niall Mear, níl a fhios agam. Seo é a shloinneadh sa lámhscríbhinn: mac Loimine, mac Maenaich, mac Uargalaich, mac Uargusa. Clann Uargusa atá i gceist mar sin.

    Maidir leis an draoi Mog Ruith / Mogh Roith, is as "Forbhais Droma Dámhgháire" dó. :-) Seán Ó Duinn a chuir Nua-Ghaeilge agus Béarla ar an seanscéal sin sa bhliain 1992 (Mercier Press).

    ReplyDelete
  3. Tá níos mó ar Mhogh Roith i dteachtaireacht i gcartlann an liosta Old-Irish-L anseo:

    https://listserv.heanet.ie/cgi-bin/wa?A2=ind0006&L=old-irish-l&D=1&P=9033

    ReplyDelete