28 Bealtaine 2009

teangacha de dhíth

Tá scéal iomlán na manach a fheiceann tú anseo le léamh anseo i nGaeilge. Tá níos mó ná seachtó aistriúchán den scéilín ar fáil anseo.

Ba cheart dom a bheith sásta leis an méid sin leaganacha. Ach nílim. Tá mé santach chun teangacha eile! Ungáiris, mar shampla. Agus Máltais. Agus a deirfiúr mhór, Araibis, ar ndóigh. Agus... is andúileach mé. 

Tá focal Béarla a chuireann síos ar dhuine a théann i gcomhar leis an andúileach chun a andúil a choinneáil ar siúl: codependent.  

Ar mhaith le duine ar bith anseo a bheith codependent liomsa agus cuidiú liom teangacha eile a fháil?

1 comment:

  1. Seo teanga nach bhfuil agat...

    http://www.geocities.com/SunsetStrip/Alley/8366/MAGMA-KOBAIAN-index.html

    http://en.wikipedia.org/wiki/Magma_(band)

    Níl ach an t-albam beo agam, ach is breá liom é. Ní thuigim focal!

    ReplyDelete