25 Bealtaine 2009

An Litir M


Dhá Cheannlitir

Cé acu ceann atá ina M?
  1. An ceann thuas.
  2. An ceann thíos.
  3. An dá cheann.
  4. Níl ceachtar acu ina M.

9 comments:

  1. An ceann thíos. "N" atá sa cheann tuas - de réir ainm an comhaid. Murach sin, bheinn amhrasach faoin bpéire acu. Ach seans gur chuir tú ainm mar sin ar an gcomhad chun me a sheoladh ar strae?

    ReplyDelete
  2. An dá cheann, mo vóta, ach nílim cinnte de.

    ReplyDelete
  3. déarfainn an dá cheann freisin.

    ReplyDelete
  4. Chuir mé na lipéid N.jpg agus M.jpg orthu gan smaoineamh go mbeadh bleachtaire mar thusa ag breathnú taobh thiar de na grianghrafanna, a Aonghuis. :-)

    Ní mar a chítear a bhítear. 2 an freagra ceart. M is ea dara ceann agus N an ceann os a chionn, a thosaíonn na focail "Na hOirgialla". Tá an chuma atá uirthi beagán eisceachtúil. Bíonn an ceannlitir N níos cosúla le H de ghnáth sa lámhscríbhinn seo. Séard atá riachtanach ná dhá líne ina seasamh agus líne eile de shaghas éigin eatarthu.

    ReplyDelete
  5. Go raibh maith agat, Dennis. Rinne mé nóta de.

    ReplyDelete
  6. Is innealtóir mé, Dennis! Cíoraim an fhianiase ar fad!

    Maidir le nasc úd Shéamuis, is cuimhin liom roinnt eolas a chuir ar aghaidh faoin scribhínn úd - chugatsa, Dennis? - ach feicim nach bhfuil aon leasú ar an leathanach úd.

    ReplyDelete
  7. Sea, bhí muid ag caint faoi i Mí Feabhra, a Aonghuis. Chuaigh John Keene ó na Irish Heretics (.i. Seattle Irish Heritage Club) i dteagmháil liom maidir leis an inscríbhinn. Ní raibh siad in ann ciall a bhaint as "ann Níneath" ag an am sin agus mhol mé "in Nenagh" dóibh. Ach ní raibh bun ná barr le fáil againn ar an bhfocal "rís" ag an deireadh. "Arise" ?? Ní dóigh liom é.

    Bhí an cruth céanna fós ar an gceannlitir M i gcuid de na leabhartha a cuireadh i gcló sa naoú haois déag.

    ReplyDelete
  8. 'Arís,' mhol mé féin, sílim (píosa de ar lár).

    ReplyDelete