26 Bealtaine 2009

Cén litir í seo?

7 comments:

  1. Tá sé aisteach. 'E' b'fhéidir? Ach nílim cinnte de.

    ReplyDelete
  2. Cé go ndearna mé rud beag staidéir ar an ábhar seo agus mé ag dul do chéim sa Ghaeilge, ní aithním an litir seo! Ceapaim, mar aon le Liz, gur 'E' atá ann, b'fhéidir...

    ReplyDelete
  3. Deacair aon meabhair a bhaint as gan an comhthéacs a fheiscint.

    Tá cuma E ar ceart go leor, ach samhlaím é sin a bheith ró éasca.

    C maisithe, b'fhéidir?

    ReplyDelete
  4. Sin an Euro i.e. 'C' scriosta. Bhí sé ann roinnt blianta ó shin nuair a thug daoine ó dhomhain eile cúirt ar Chluain Mhic Nóis (!) sa chéad mílaoise.  Gerry

    ReplyDelete
  5. Is € é gan dabht dá laghad! ;-)

    Ach... ar an domhan seo, tá an ceart ag Aonghus. C maisithe is ea é. Na litreacha a thagann ina dhiaidh ná: OLLAUAIS, .i. Colla Uais, a bhfuil alt air ag Wikipedia:

    http://en.wikipedia.org/wiki/Colla_Uais

    ReplyDelete
  6. Bhreathnaigh mé ar an alt thuas, agus ar an bhfoclóir DIL, ach ní thuigim fó - cad is brí leis an bhfocal 'colla' anseo.

    ReplyDelete
  7. Níl a fhios agam, Liz, cárbh as ar tháinig an t-ainm Colla. Deir Ó Corráin & Maguire gur féidir go gciallaíonn sé “great lord, chief”.

    ReplyDelete