24 Bealtaine 2009

Neamhaí!


Mousseline au Chocolat

Fuair mé an t-oideas seo ar an New York Times an tseachtain seo caite.  Mark Bittman (“The Minimalist”) a chum é.  Tá sé síodúil.  Tá sé uachtarúil.  Tá sé thar a bheith seacláideach.  Agus creid é nó ná creid, níl aon uachtar ná uibheacha ann!  Mexican Chocolate Tofu Pudding an t-ainm a thug Bittman air.  Agus rud eile: tá sé an-éasca agus an-tapa.

Mús Seacláide

3/4 cupán (1/2 pionta?) siúcra
3/4 cupán uisce
Punt amháin tofu síodúil (kinugoshi)
8 unsa seacláid dhorcha (leath-shearbh)
taespúnóg fanaile
taespúnóg go leith cainéal
beagán piobar dearg

Cuir an t-uisce agus an siúcra i bpota beag agus bain gail as.  Cuir an tseacláid ann agus corraigh í go mbeidh sí leáite.  Cuir an tseacláid, an tofu agus na spíosraí sa chumascóir go dtí go mbeidh an t-iomlán an-mhín.  Fuaraigh i mbabhlaí é.  Is leor an t-oideas seo do sheisear ar an laghad.

2 comments:

  1. Comhghairdeas, a Dennis! I will pass this recipe to my husband (he is the one who cooks ;). Living in Brussels, we are used to good chocolate, but this mousse looks great (it was good that you opened the blog, since in the list we would have missed it ;). I will follow and keep reading your posts.

    Ana.-

    ReplyDelete
  2. Tá sibh suite ar mhuin na muice sa Bhruiséil maidir le seacláid! Tá chocolatier an-mhaith againn anseo i Seattle, "Fran's", agus ceannaíonn sí a lán den "amhábhar" ó Challebaut thall ansin.

    ReplyDelete