Chonaic mé beirt phréachán ag ól as an water feature nua inniu. Chuir mé le chéile é as pota mór a tháinig ó Viet Nam, caidéal beag, cúpla stopallán rubair, sileacan, agus muinchille heat-shrink leis an tsreang leictreach a chóiriú tar éis dom é a ghearradh (d'aon turas) len í a chur tríd an bpoll i gceann de na stopalláin. Soiléir? ;-) Dála an scéil, tá an aimsir go hiontach anseo i Seattle faoi láthair!
Fiannaíocht fhiúntach fhileata fhorásach
1 day ago
Hi Dennis,
ReplyDeleteBhí mé i Seattle inniu ar chruinniú SEIF ag Ionad Talaris. Chuaigh ar bord ar an traein go moch ar maidin. Bhí moill leath-uaire ar an traein mar gheall ar deisiú na ráillí.
Bhí moill leath-uaire ar na busanna sa tollán chomh maith. Bhí an 'Sounder' dá phromhadh agus chuaigh i bhfostú sa tollán. Mar sin, ní raibh mé in ann mo lón a fháil. Shiúil mé míle go leith ón Ollscoil UW go hIonad Talaris.
Is Ionad deas é Talaris. agus bhí an cruinniú go han-mhaith.
Ar mo bhealach abhaile, shiúil mé suas an cnoc mór ar Sráid 45ú; bhí boladh na carranna déisteanach. Ar mhullach an chnoic, chuir glaoch ar Maggie le mo fón póca agus thug sí buidéal uisce dom. Is mac léinn í san ollscoil.
Chuaigh abhaile ar an traein arís, agus bhí an turas go hálainn --an fharraige, na sléibhte, na hoileáin. Ceann de na turas traenach is áille sa domhan, dar liomsa, go háirithe nuair atá aimsir mhaith againn.
Is dócha gur mhothaigh tú an "cadás" atá san aer agus ina luí ar an talamh. Tá na crainn "cottonwood" (Populus fremontii) an-ghnóthach anois ag scaipeadh a gcuid síolta! Tá "muca sneachta" den stuif ar an deic anseo, mar a bhfuil an fhoinse nua. Dála an scéil, an raibh a fhios agat go bhfuil nead ag na hiolair i gceann de na crainnte cottonwood ag Talaris?
ReplyDelete