21 Bealtaine 2009

Isam toirsech indiú eter chend is choiss.

Is d'Aonghus agus do lucht Old-Irish-L an grianghraf seo, pictiúr den nóta imill atá le feiceáil ag bun leathanaigh 58 sa Leabhar Breac.  Is é an scríobhaí Murchadh Ó Cuindlis a bhreac síos an nóta gairid seo lá éigin idir 1408 agus 1411, le linn dó an lámhscríbhinn seo a chur i dtoll a chéile.  I nGaeilge an lae inniu:

Tá mé tuirseach inniu idir cheann is chois.

Cliceáil ar an bpictiúr le híomhá níos mó a fháil.

Beidh i bhfad níos mó le rá agam faoin scríobhaí seo amach anseo!

5 comments:

  1. Táim ag súil lena thuilleadh a chloisteáil, a Dennis. Go n-éirí le do bhlag, a Dennis. Tadhg

    ReplyDelete
  2. Dála an scéil, an bhfuil leagan níos soiléire agat? An bhfuil noda in úsáid, nó an bhfuilim caoch?

    ReplyDelete
  3. Tá dhá nod ann: líne os cionn 'i' a sheasann don 'n' in "indiu", agus ceann eile os cionn 'et' a thugann an chuid eile den fhocal dúinn: "eter".

    Tig leat cliceáil faoi dhó ar an íomhá len í a mhéadú freisin.

    ReplyDelete
  4. Ceartúchán: níl ach clic amháin ar an íomhá ag teastáil. :-)

    ReplyDelete