31 Márta 2011

An t-ainm is aistí ar theanga?



Is teanga criól í Bislama, ceann de na teangacha oifigiúla de chuid Phoblacht Vanuatu. “Bislama” an litriú ceart den fhocal anois, a tháinig ó “Beach-la-Mar”, an t-ainm a bhí ar an teanga sa naoú haois déag. Tháinig an t-ainm seo ó “bêche de mer”, leagan Fraincise de “bicho do mar”, focail Phortaingéilise a chiallaíonn “ainmhí de mhuir”. An t-ainmhí a bhí i gceist ná an súmaire cladaigh. Itear an súmaire cladaigh go forleathan san Áise, mar a bhfuil an-éileamh air.

Bhí spailpíní ó na hoileáin éagsúla i Nua-Inse Gall (The New Hebrides, Vanuatu anois) páirteach i bhfómhar na súmairí cladaigh don mhargadh san Áise. Ní raibh comhtheanga acu, mar sin thóg siad ceann nua as focail ón mBéarla in éindí le gramadach agus comhréir óna gcuid teangacha féin. Baisteadh ainm an ainmhí inite seo ar an gcomhtheanga nua.


Mmmmm! Blasta!


Seo é an chéad chuid d'amhrán náisiúnta Vanuata, a scríobhadh i mBislama. “Yumi, Yumi, Yumi’ (= Sinn, Sinn, Sinn):

Yumi, Yumi, yumi i glat long talem se
Yumi, yumi, yumi ol man blong Vanuatu

God i givim ples ia long yumi,
Yumi glat tumas long hem,
Yumi strong mo yumi fri long hem,
Yumi brata evriwan!


30 Márta 2011

clog analógach...


... a bhfuil níos mó (sílim) ná míle pháirt ghluaisteach ann:


Déanta na fírinne, tá trí chlog ann: ceann amháin le haghaidh tae glas (3 nóiméad), ceann amháin le haghaidh tae dubh (5 nóiméad), agus ceann amháin le haghaidh tae luibhe (7 nóiméad). Is féidir an ceann glas a úsáid le haghaidh uibheanna bogbhruite freisin, ar ndóigh. Chonaic mé an t-orláiste tríreach seo i siopa caife i bPomona, California cúpla seachtain ó shin agus cheannaigh mé ar an toirt é. Ní raibh sé daor. Tá sé simplí, cruinn, cuanna, ciúin. Agus is maith liom seanteicneolaíochtaí a oibríonn gan leictreachas!

In aon fhocal amháin, tá sé elegant. An bhfuil leathbhreac an fhocail sin againn i nGaeilge?

29 Márta 2011

Scaip graifítí?



Iompar frithshóisialta is ea graifítí a bhreacadh ar na ballaí, gan dabht. Ach ... bíodh sin mar atá, nach mbeadh áthas ort dá mbeadh teachtaireachtaí mar seo le feiceáil i nGaeilge ó am go ham sa phríomhchathair?

SCAIP AINRIALACHAS

Ná Tabhair Orduithe Dom!!


27 Márta 2011

an aimsir


An aimsir i Meicsiceo i gcomórtas leis an aimsir san Araib Shádach:




An gá dom níos mó a rá?

dramhphost & peidléirí gutháin



Is cuimhin liom, ar éigin, aois órga ársa chianda nuair a bhíodh litreacha pearsanta agus cártaí poist níos líomhaire sa phost ná na catalóga, na leabhráin chúpón, etc. a fhaightear ann inniu. Dramhphost, in aon fhocal amháin.

Is léir dom anois, le bliain nó dhó anuas, go bhfuil an taoide tar éis iompú sa treo céanna ar an nguthán baile (“an líne thalún”) freisin. Ní thógaim an glacadóir seacht n-uaire as deich anois. Tá a fhios agam cheana, ó aitheantas an ghlaoiteora ar an scáileán beag, nach mbeidh ar cheann eile na líne ach peidléir eile, nó “worthy cause” eile, nó pobalbhreith eile.



Maidir leis an teileafón mar áis shóisialta, baintear níos lú daoine úsáid as le comhrá beo a dhéanamh ná riamh. Bhí alt faoi seo ar an New York Times an tseachtain seo caite, “Don't Call Me, I Won't Call You”. Chuir sé ionadh orm, ach d'aithin mé láithreach go raibh an ceart ag an údar.

26 Márta 2011

an fear is mó clú agus cáil




Lá amháin, chuir múinteoir naíscoile ceist ar a cuid daltaí.

“Cérbh é an fear ba mhó clú agus cáil dá raibh beo riamh? An bfhuil a fhios agaibh? Tabharfaidh mé $5 don leanbh a bhfuil an freagra ceart aige.”

Thóg Taidhgín a lámh. “Pádraig Naofa,” a dúirt sé.

“Tá brón orm, a Thaidhgín. Níl an ceart agat.”

Thóg Jaswinder a lámh. "Guru Nanak," a dúirt sí.

“Tá brón orm, a stór. Níl an ceart agatsa ach oiread.”

Thóg Joel a lámh faoi dheireadh. “Íosa Críost,” a dúirt sé.

“Tá an ceart agat, a Joel! Gabh i leith agus tabharfaidh mé $5 duit.”

Tar éis don mhúinteoir an t-airgead a thabhairt dó, dúirt sí leis, “Tá ionadh orm go ndúirt tú Íosa Críost, a Joel, agus tú i do Ghiúdach.”

“Bhí a fhios agam i mo chroí,” a dúirt Joel, “gurb é Maois an fear ab iomráití dá raibh ann riamh. Ach tugtar aire do chúrsaí gnó.”

24 Márta 2011

ealaín na mallachta



Is cosúil gur ó na Giúdaigh, le cuidiú na Críostaíochta, a d'fhoghlaim na Gaeil ealaín na mallachta. Seo agaibh an cruthú, ó Shalm 109:

8 Gura tearc iad laethanta a shaoil;
agus go nglaca neach eile a chúram.

9 Go raibh a chlann ina ndílleachtaí gan athair;
agus go bhfágtar a bhean chéile ina baintreach.

10 Go raibh a chlann ina lucht fáin ag iarraidh déirce;
agus go bhfágtar iad gan teach gan treabhchas.

11 Go bhfaighe fear an ghaimbín a bhfuil aige;
agus go mille strainséirí toradh a shaothair.

12 Ná raibh neach ann chun gar a dhéanamh dó
ná chun trua a ghlacadh dá dhílleachtaí.

13 Go ndéantar a shliocht a mhilleadh,
agus a shloinne a scriosadh in aon ghlúin amháin.

Nach spalpadh breá mallachtaí é sin? Níl a fhios agam an raibh aon rud níos nimhní nó níos éifeachtaí mar mhallacht ag ár sinsir! Tá cnuasach beag dár gcuid seanmhallachtaí ar fáil anseo.

Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin.



Nó an tonn ollmhar sa chás seo, a chuir stop (go deo?) le seilg Sheapánach na míolta móra i mbliana. Is cosúil gur scrios an tsunami Ayukawa Whaling, ceann de na comhlachtaí a bhí fós ag marú míolta móra gan trua gan náire.

an teanga is foirfe


Rinne mé cuardach Google leis an abairt “the most perfect language” aréir. Cé hiad na teangacha a bhí ag barr an liosta? (1) Sanscrait, (2) Laidin, (3) Gréigis. Níor chuir an toradh sin ionadh dá laghad orm. Trí theanga Ind-Eorpacha iad seo atá thar a bheith casta agus mírialta ó thaobh na gramadaí de. Más iad a castacht agus a mírialtacht na tréithe a thugann teanga ar bith chun foirfeachta, tá siad seo uilig foirfe, gan dabht. Agus a lán teangacha eile nach iad! Séard bhí ag na trí theanga clasaiceacha seo dáiríre ná a lán cumhachta, a lán staire, agus a lán litríochta. Bhí na buntáistí seo acu ar chúiseanna nach raibh baint dá laghad acu leis an ngramadach.

Ach, a chairde Gael, ní raibh ár dteanga gan a gárthóirí molta féin, bíodh is nach raibh siad chomh líonmhar ná chomh glórach leis na dreamanna eile. Deirtear linn in Auraicept na nÉces gur tháinig scata scoláirí le chéile tar éis titim Thúr Bháibil agus gur dhear siad teanga nua a raibh na codanna is fearr de na teangacha eile inti:


Is and iaramh do riaghladh in berla sa.

Cuireadh an teanga seo i dtoll a chéile ansin.

I mba fearr iaram do cach berla 7 a nba leithiu y a mba caemu, is ed darepedh isinn Goedilc.

Toghadh an chuid ab fhearr de gach teanga, an chuid ba leithne agus an chuid ba chaoimhe, don Ghaeilge.

lámh Íosa

Tá Sé chuile áit.



Nó mar a dúirt an bhean mheánaosta sa scannán When Harry Met Sally, “I'll have what she's having.”

23 Márta 2011

crochta



Tógadh an grianghraf seo, a fuair mé ar an nGuardian inniu, i mBenghazi le linn léirsiú in aghaidh Qaddafi. Is cosúil gur samhail de atá sa bhábóg atá crochta ar an gcrann brataí (?) thuas. Cuireann sé Pinocchio i gcuimhne dom. Taitníonn osréalachas an radhairc seo go mór liom. Is iontach an grianghraf é.

20 Márta 2011

Baineadh an chaint díom.


“Níor gortaíodh aon ainmhithe i ndéanamh an scannáin seo.”

Léim sé sular brúdh amach é.


Scríobh Fergus faoin scannal a tharla do
Karl-Theodor zu Guttenberg anseo. Is cosúil gur éirigh sé as a phost mar Aire Cosanta na Gearmáine díreach in am. Toisc nár briseadh as a phost é, bhí sé i dteideal Zapfenstreich mór oifigiúil a fháil. Thogh sé Smoke on the Water mar cheol don ócáid seo. Ní raibh ach dhá lá ag an mbanna ceoil leis an bpíosa seo a fhoghlaim.




Großer Zapfenstreich für Verteidigungsminster a.D. Karl-Theodor zu Guttenberg am 10. März 2011, es spielt das Stabsmusikkorps der Bundeswehr unter der Leitung von Oberstleutnant Volker Wörrlein. Das Orchester hat die Noten erst zwei Tage vorher erhalten.

19 Márta 2011

Cadhóit is na Réaltaí


Seo leagan de mhiotas atá le cloisteáil ar fud Iarthar Mheiriceá i dteangacha dúchasacha éagsúla. Is leagan Northern Paiute ~ Numu é seo. Tá cáil ar Chadhóit mar chleasaí sna cultúir seo. Údar mí-ord an tsaoil is ea é, ach uaireanta eascraíonn rudaí maithe as an mí-ord céanna.

“Coyote Tossed The Stars Into The Night Sky” le Diane Clement

Fadó, fadó, díreach tar éis chruthú an domhain, ní raibh aon réaltaí sa spéir. Chuir Mac Tíre saothar mór air féin chun na réaltaí a chumadh. Chorn sé na réaltaí a bheadh sa spéir i mala.

Bhí tuirse ar Mac Tíre ansin. Lig sé a scíth agus an mala in aice leis. Fuair Cadhóit ansin é.

“Ná breathnaigh sa mhala!” a dúirt Mac Tíre leis.

“Céard atá ann?” a dúirt Cadhóit leis féin. “Ba chóir dom breathú isteach.”

D'oscail sé an mala agus tháinig na réaltaí amach. Scaip na réaltaí agus thuirling siad ar fud na spéire, gan ord gan oiriúint.

“Beidh tú brónach ag breathnú suas ar an réaltaí,” a dúirt Mac Tíre le Cadhóit.

Bíonn brón ar Chadhóit anois nuair smaoiníonn sé ar an rud a rinne sé. Ligeann sé glam i gcónaí ag breathnú suas dó istoíche.


“How the Stars Fell into the Sky” le Lisa Desimini

Onosoo ka teepu matabooese.
Kadoo'oo paatoosooba komeba witu.
Osoo Esa unu woikute, no'oko paatoosooba pesa matabooese.
Esa ka paatoosooba mago'o nobeana, oobe mea'a.
Esa ki mani, tabe uweoo, mago'o oo kumaba.
Etza'a oo mayuoo, oosoo Esa meo, "Ki mago'o kwitu poonepana!"
Etza'a meo sooname, "He mago'o kwi, nu sukwa mitu poone."
Yise oosoo a tsakwonose paatoosooba ku'owke.
Paatoosooba kuase tooehano koomeba wi aata'a.
Soo Esa, Etsa'a meo netamma, u toogoonakwa poonena suda soonamekwe ka paatoosooba tsakuase.
Soo Etza'a yise yagayakwe, pumesoo sooma'yuna.
Oo manena, oosoo Etza'a nonotse toogoonakwatu poonekatu wohepunne.

túíteáil i nGaeilge



Tá ár gcara Kevin Scannell díreach tar éis togra nua a sheoladh, Indigenous Tweets. Baineann sé úsáid as clár darb ainm An Crúbadán (saghas web crawler), a scríobh Kevin é féin, le túíteanna a aimsiú atá scríofa i mionteangacha ar fud an domhain. Beidh daoine a bhfuil Kreyòl Ayisyen (Criól Háítíoch) acu, nó Anishinaabemowin (Ojibwe) nó Brezhoneg (Briotáinis), in ann daoine eile atá ag túíteáil sna teangacha sin a aimsiú gan dua anois, a bhuí leis an suíomh nua seo.

Seo iad na deich mionteanga is beoga ó thaobh túíteanna de:
  1. Kreyòl Ayisyen
  2. Euskara
  3. Cymraeg
  4. Frysk
  5. Setswana
  6. Hausa
  7. Gaeilge
  8. Gàidhlig
  9. Māori
  10. Gaelg
I measc úsáideoirí na Gaeilge, tá ár gcara Aonghus ar an dara túíteálaí is bisiúla dá bhfuil ann, agus tá Scott an-túíteach freisin!

16 Márta 2011

beannachtaí an lae



“Rug mé ar leipreachán. Bhí sé blasta.”

sanasaíocht i stíl Chormaic



scáthán .i. scáth .i. faitíos nó eagla 7 án .i. geal; gléas soilseach a chuireann scáth ar dhuine, go háirithe ar maidin nó tar éis oíche fhada ar ragairne

éiric



Léigh mé ar an New York Times ar maidin gur saoradh Raymond Davis, conraitheoir de chuid an C.I.A., i bPakistan inné. Ghlac muintir an dá fhear a mharaigh Davis le híocaíocht ó oifigigh Mheiriceánacha agus cuireadh stad leis an ionchúiseamh.

Under Pakistani law, families can demand so-called blood money, or compensation, for slain relatives. Once an agreement is reached between the parties, the state prosecution is closed.

Chuir an méid seo ionadh orm toisc go raibh aithne mhaith agam ar an gcóras seo ó stair na hÉireann. “Éiric” an t-ainm ar a leithéid. Níor thaitin córas dlí na nGael (An Féineachas) leis na Sasanaigh riamh, agus chuir an éiric an-olc orthu go háirithe, agus chuir siad deireadh leis chomh luath agus a b'fhéidir, ar ndóigh.

Bhí meas ag na Gaeil ar an gcóras seo, áfach. Seo cur síos air ó An tSeirbhís Chúirteanna:

“Bhí an Féineachas an-fhorásach ar go leor bealaí. D'aithin sé colscaradh agus cearta ionanna d'fhir agus do mhná agus léirigh sé cúram don timpeallacht freisin. Sa dlí choiriúil, bhí ciontaí agus pionóis leagtha síos go mion. Cúiteamh seachas pionós a bhí leagtha síos i gcomhair éagóra. Cuireadh pionós i gcásanna dúnmharuithe nó gortú chorpartha ag úsáid an fhíneáil éirice, an méid beacht á oibriú amach de réir scála. Ní raibh pionós an bháis i measc na bpionós a bhí ar fáil do na Breithiúna. Os rud é nach raibh córas cúirte ná fórsa póilíní ann is cosúil go raibh an-mheas ag na daoine ar an dlí.”

15 Márta 2011

dul faoi na gréine i bPáras inniu



Thóg mo chara Maxime an grianghraf seo óna dheic tráthnóna inniu. Mhaígh sé freisin go raibh sé geal is te ansin an lá ar fad, 7° C níos teo ná anseo in Seattle. Cad é an Ghaeilge ar “rub it in”?

14 Márta 2011

an fhírinne


Focail Dhé



Iontach cosúil le do chuid barúlacha féin.

13 Márta 2011

gáirsiúlacht ón chúigiú haois déag


Tá an nóta seo le feiceáil ar imill íochtarach leathanaigh 20r sa lámhscríbhinn Laud Misc. 610, a scríobhadh sa chéad leath den chúigiú haois déag, am éigin idir 1410 agus 1452.


bod seain hi ogain so

bod Sheáin Uí Ógáin seo



Measaim go raibh a lán fear darbh ainm Seán Ó hÓgáin ann. An é Seán é féin a dhear an pictiúr seo, nó duine éigin eile? Rinne sé tré deas Ceilteach de ar aon nós!

gallán síochána



Chonaic mé an gallán síochána seo i bPalm Springs an tseachtain seo caite. Is cosúil go bhfuil rudaí mar seo le feiceáil ar fud an domhain, curtha sa talamh leis an World Peace Prayer Society. Is é Masahisa Goi a chuir tús leis an ngluaiseacht seo tuairim is caoga bliain ó shin. Ní hé seo an chéad pheace pole a chonaic mé in áiteanna éagsúla.

Dála an scéil, is é an leagan Gaeilge den ghuí atá acu ar an suíomh thuas ná Go raibh síocháin ar domhain. Cé chomh coitianta agus atá “domhain” in áit “domhan” sa teanga? Tuigim gur leagan malartach é.


Séard a tharraing mo shúil ar an gceann seo ná an leagan den ghuí i gCahuilla, an teanga áitiúil roimh theacht don domhan mór go dtí an cearn seo de Chalifornia. Tá sí beagnach marbh anois mar theanga labhartha. D'aithin mé focal amháin ann, témal, a chiallaíonn “talamh”. Tá na Cahuilla ann fós, áfach, agus tá músaem acu anseo, an Agua Caliente Cultural Museum, atá le feiceáil i gcúlra an ghrianghraif seo.

11 Márta 2011

scáthán is cíor


Scríobh mé blagmhír ar na Pictish Symbols of Scotland anseo i Meán Fómhair 2010 díreach tar éis don Ollamh Rob Lee ag Ollscoil Exeter a fhógairt go raibh cruthú matamaiticiúil aige gur script nó modh scríbhneoireachta a bhí sna siombailí Cruithneacha. (Níl chuile dhuine chomh cinnte sin.)

Pé scéal é, tugtar “scáthán agus cíor” ar cheann de na siombailí seo. Tá solaoid amháin di seo le feiceáil sa bhlagmhír a scríobh mé ag an am sin (nasc thuas), agus tá sampla maith eile le feiceáil ag bun an ghalláin seo, an Maiden Stone. Dála an scéil tugtar “péist Chruithneach” ar an tsiombail díreach os a cionn, agus notched rectangle and Z-rod ar an gceann os cionn na péiste.



Baineadh geit asam arú inné le linn dom cuairt a thabhairt ar an nGetty Villa i Malibu nuair a chonaic mé “Leac Uaighe Tatianos agus Tation”. De réir an mhínithe a léigh mé ansin, tá dhá chomhartha in aice le Tatianos, an fear: corrán bearrtha ar thaobh amháin agus tabhall (taibléad scríbhneoireachta) ar an taobh eile, le cur in iúl go raibh fíonghort aige agus go raibh léann air.

Tá a bhean, Tation, le feiceáil idir chíor (taobh lena ceann) agus scáthán. Is cosúil go ndeir an dá rud seo linn go raibh sí go hálainn.

Greanadh an leac uaighe seo sa Fhrigia (Phrygia) idir 150 agus 175 AD. Tá na galláin Chruithneacha a bhfuil na siombailí orthu níos déanaí. Creidtear gur greanadh iad sna céadta 500-800 AD. An cheist atá agam anois ná an bhfuil samplaí eile den “scáthán agus cíor” le feiceáil ar leaca nó ar aon rud eile sa Ghall (Gallia) nó sa Bhreatain Rómhánach?

06 Márta 2011

Páirc Náisiúnta Joshua Tree



Tá mé i bPalm Springs fós, ach tá mé ag caitheamh cuid den am amuigh faoin tuath. Tógadh na pictiúir seo i Joshua Tree National Park. Tá mé i mo sheasamh anseo i lár “gairdín” den chactas a thugtar cholla air sna bólaí seo.



Seo joshua tree amháin roimh charn carraigeach. Tá na crainn seo agus na clocha móra seo le feiceáil ar fud na háite.



Gaineamh an fhásaigh ag tús conair fiadhúlra. Tá na grianghrafanna seo go léir inchliceáilte.

01 Márta 2011

Ní scríobhann ach duine amháin sa teanga seo.


Frédéric Werst is ainm (cleite) dó. Is Francach é atá ina chónaí i bPáras.

Wardwesân an t-ainm atá ar an teanga. Chum sé féin í.

Tá a lán daoine ann a chumann teangacha. Conlangers a thugtar orthu, ó na focail constructed language. Rinne Werst rud nach ndéanann an gnáth-chonlanger : scríobh sé leabhar iomlán sa teanga sin. Níos iontaí fós, d'fhoilsigh Éditions du Seuil, ceann d'fhoilsitheoirí móra na hEorpa, an leabhar seo dhá mhí ó shin. Cnuasach de scéalta, d'aistí, de dhánta, de phaidreacha, srl. atá ann. Tá an t-iomlán i Wardwesân agus i bhFraincis.

Sliocht as an leabhar dátheangach Ward (Ier et IIème siècles),
le Frédéric Werst, Seuil, 412 leathanach, 22 €

Is féidir éisteacht leis an údar ag léamh as a leabhar i Wardwesân anseo.

Gheobhaidh tú agallamh fada (a cuireadh air i bhFraincis) san áit chéanna. Ós iad beirt Fhrancach atá ag cur is ag cúiteamh ar an litríocht atá againn san agallamh seo, luaitear “textes, polyphonie, discours, champs sémantiques” ann, chomh maith le Montaigne, Nabakov, Dostoïesvki, Nietzsche, Lacan, Montesquieu, agus Mallarmé.

Má thuig mé an t-agallamh i gceart, tá an leabhar seo níos sérieuxThe Lord of the Rings ná aon rud mar sin. Fealsúnacht agus ealaín, polaitíocht agus teoirci atá le fáil in Ward (Ier et IIème siècles), seachas aon rud chomh suarach le heachtraíocht.

Frédéric Werst,
údar na teanga
údar an leabhair
(Ciallaíonn “werst” “rud” ina theanga.)