31 Márta 2011

An t-ainm is aistí ar theanga?



Is teanga criól í Bislama, ceann de na teangacha oifigiúla de chuid Phoblacht Vanuatu. “Bislama” an litriú ceart den fhocal anois, a tháinig ó “Beach-la-Mar”, an t-ainm a bhí ar an teanga sa naoú haois déag. Tháinig an t-ainm seo ó “bêche de mer”, leagan Fraincise de “bicho do mar”, focail Phortaingéilise a chiallaíonn “ainmhí de mhuir”. An t-ainmhí a bhí i gceist ná an súmaire cladaigh. Itear an súmaire cladaigh go forleathan san Áise, mar a bhfuil an-éileamh air.

Bhí spailpíní ó na hoileáin éagsúla i Nua-Inse Gall (The New Hebrides, Vanuatu anois) páirteach i bhfómhar na súmairí cladaigh don mhargadh san Áise. Ní raibh comhtheanga acu, mar sin thóg siad ceann nua as focail ón mBéarla in éindí le gramadach agus comhréir óna gcuid teangacha féin. Baisteadh ainm an ainmhí inite seo ar an gcomhtheanga nua.


Mmmmm! Blasta!


Seo é an chéad chuid d'amhrán náisiúnta Vanuata, a scríobhadh i mBislama. “Yumi, Yumi, Yumi’ (= Sinn, Sinn, Sinn):

Yumi, Yumi, yumi i glat long talem se
Yumi, yumi, yumi ol man blong Vanuatu

God i givim ples ia long yumi,
Yumi glat tumas long hem,
Yumi strong mo yumi fri long hem,
Yumi brata evriwan!


6 comments:

  1. Níl mé cinnte. Nuair a bhí mé óg agus beo bocht, théimis go bialann sa “Chathair Shíneach” i San Francisco. Bhí sí an-saor agus bhí an biachlár míméagrafáilte i Sínis ar fad, gan aon Bhéarla. Ba nós linn “prix fixe” (!) a thoghadh, béile a raibh cúig mhias nó mar sin ann. Ní raibh a fhios againn riamh céard a thiocfadh! Agus ní raibh a fhios againn i gcónaí céard a d'ith muid tar dúinn an béile a chaitheamh.
    :-)

    ReplyDelete
  2. Well, dála beagnach gach rud eile a itear sa tSeapáin, go fiú NAATO, tá an súmaire ite agamsa. Mé i bhfochair buíonn iarchéimithe bochta i mbialann shuarach in Tokyo. Ní hamháin go raibh an súmaire againn ach bhí timpireacht sicín againn, freisin. An súmaire? Súmhar. An timpireacht? Cogantach.

    ReplyDelete
  3. Chuile chuid den mhuc ach amháin an *oinc*, mar a deirtear. Agus de chuile ainmhí eile, de réir dealraimh!

    ReplyDelete
  4. An ionann súmaire cladaigh agus 'sea cucumber'? Más ea, is iomaí uair a d'ith mé iad i mbialann Síneach. Níl mórán blais acu, ach níl siad go dona.
    Tá bia Sineach go han-mhaith beagnach i gcónaí. Lá amháin, i Hong Kong, tugadh pláta de theangacha lachan dúinn agus bhí sé go maith.

    ReplyDelete
  5. Agus chuile chuid den lacha ach an vác!

    ReplyDelete