06 Márta 2011

Páirc Náisiúnta Joshua Tree



Tá mé i bPalm Springs fós, ach tá mé ag caitheamh cuid den am amuigh faoin tuath. Tógadh na pictiúir seo i Joshua Tree National Park. Tá mé i mo sheasamh anseo i lár “gairdín” den chactas a thugtar cholla air sna bólaí seo.



Seo joshua tree amháin roimh charn carraigeach. Tá na crainn seo agus na clocha móra seo le feiceáil ar fud na háite.



Gaineamh an fhásaigh ag tús conair fiadhúlra. Tá na grianghrafanna seo go léir inchliceáilte.

6 comments:

  1. Tá mé in éad leatsa, a Dennis. An teas! An ghrian! Tá sé fuar anseo fós, mar is eol duit.

    ReplyDelete
  2. Cúúúl. Is aoibhinn liom an dara cheann. Níl ach capall agus John Wayne in easnamh.

    ReplyDelete
  3. An bhfuil an crann Iósua chomh spéisiúil lena ainm?

    Agus conas atá an teas?

    ReplyDelete
  4. Chaith mé a lán ama amuigh ansin nuair a bhí mé óg. Rinne m'athair trials. Ag dreapadh na gcarraigeach ... rinne muid spraoi sna laethanta úd!

    ReplyDelete
  5. Suimiúil, go raibh maith agat, a Dennis.

    @ 'inchliceáilte.'

    Focal deas...:-)

    ReplyDelete
  6. An bhfuil an crann Iósua chomh spéisiúil lena ainm?

    Bhuel, ní fíor-chrann é is dócha. Níl fáinní crainn ann. Tá sé cosúil le crann pailme sa mhéid sin. Tagann sé go héasca ó shíolta, agus tá sé an-righin. Tá cúpla ceann beag agam i bpota sa chlos anseo le níos mó ná deich mbliana. Ní fhásann siad go tapa in Seattle, ach tá siad beo fós.
    :-)

    ReplyDelete