24 Márta 2011

an teanga is foirfe


Rinne mé cuardach Google leis an abairt “the most perfect language” aréir. Cé hiad na teangacha a bhí ag barr an liosta? (1) Sanscrait, (2) Laidin, (3) Gréigis. Níor chuir an toradh sin ionadh dá laghad orm. Trí theanga Ind-Eorpacha iad seo atá thar a bheith casta agus mírialta ó thaobh na gramadaí de. Más iad a castacht agus a mírialtacht na tréithe a thugann teanga ar bith chun foirfeachta, tá siad seo uilig foirfe, gan dabht. Agus a lán teangacha eile nach iad! Séard bhí ag na trí theanga clasaiceacha seo dáiríre ná a lán cumhachta, a lán staire, agus a lán litríochta. Bhí na buntáistí seo acu ar chúiseanna nach raibh baint dá laghad acu leis an ngramadach.

Ach, a chairde Gael, ní raibh ár dteanga gan a gárthóirí molta féin, bíodh is nach raibh siad chomh líonmhar ná chomh glórach leis na dreamanna eile. Deirtear linn in Auraicept na nÉces gur tháinig scata scoláirí le chéile tar éis titim Thúr Bháibil agus gur dhear siad teanga nua a raibh na codanna is fearr de na teangacha eile inti:


Is and iaramh do riaghladh in berla sa.

Cuireadh an teanga seo i dtoll a chéile ansin.

I mba fearr iaram do cach berla 7 a nba leithiu y a mba caemu, is ed darepedh isinn Goedilc.

Toghadh an chuid ab fhearr de gach teanga, an chuid ba leithne agus an chuid ba chaoimhe, don Ghaeilge.

7 comments:

  1. Deile!

    Táim cosúil leis an mbean thíos anois, tar éis an méid sin thuas a léamh...:-)

    ReplyDelete
  2. Rinne Umberto Eco tagairt don sliocht seo as Auraicept na nÉces ina leabhar suimiúil "The Search for the Perfect Language", lch. 16.

    ReplyDelete
  3. Nach ndúirt sé freisin rud éigin faoi loighic thrípháirteach a bheith ag Aymara sa leabhar céanna? Sin rud nár thuig mé ró-mhaith riamh.

    ReplyDelete
  4. Dúirt. Agus luann sé gur baineadh úsáid as Aymara mar idirtheanga i gcóras ríomhaistriúcháin blianta ó shin - feicim tagairtí don scéal céanna sa litríocht ar an ábhar anois is arís.

    ReplyDelete
  5. baineadh úsáid as Aymara mar idirtheanga i gcóras ríomhaistriúcháin blianta ó shin

    Dáiríre?!? Dála an scéil, an bhfuil The Information, an leabhar nua le James Gleick (glic?) léite agat? Agus tá Nick Ostler ann chomh maith anois a mhaíonn sa leabhar nua aige go mbeidh na córais ríomhaistriúcháin chomh maith sin amach anseo nach mbeidh gá le Béarla a thuilleadh mar chomhtheanga idirnáisiúnta.

    ReplyDelete
  6. Níl an leabhar sin léite agam.

    Aontaím go neartaíonn ríomhaistriúchán stádas mionteangacha ar líne, cé go bhfuil sé ag dul thar fóir a rá nach mbainfear úsáid as Béarla mar chomhtheanga idirnáisiúnta dá bharr.

    Agus ní léir go mbeidh Google agus na comhlachtaí móra eile in ann córas den chéad scoth a chur ar fáil i mionteangacha riamh, toisc go bhfuil a gcur chuige bunaithe ar staitisticí agus níl go leor sonraí ar fáil sna teangacha is lú. Tá fadhbanna eile ann freisin - mar shampla níl an córas atá in úsáid ag Google faoi láthair oiriúnach do theangacha a bhfuil móirfeolaíocht an-chasta acu, teangacha Bantúcha mar shampla.

    ReplyDelete
  7. Bhí duine ar Old-Irish-L ag gearán faoi na giotaí a bhfuil baint acu leis an tSean-Ghaeilge ar mo bhlag a bheith i nGaeilge, toisc nach raibh sí in ann iad a léamh. Ach ansin scríobh sí ar ais chuig an liosta ag rá gur éirigh léi na blagmhíreanna sin a thuiscint a bhuí le Google Translate. Bhí áthas orm é sin a chloisteáil. Anois ní bheidh aon iallach orm rud ar bith a scríobh i mBéarla!
    :-)

    ReplyDelete